Cuairt Phríomh-Aire na Síne ar Pharlaimint na hEorpa
Thug Príomh-Aire na Síne Li Keqiang cuairt ar Pharlaimint na hEorpa agus é sa Bhruiséil do chruinniú mullaigh an AE - na Síne an 29 Meitheamh. Ag cur fáilte dó roimh an bPríomh-Aire, dúirt Uachtarán na Parlaiminte Martin Schulz go bhfuil caidrimh ann idir an AE agus an tSín le dhá scór bliain anois.
Cuireadh tús le cruinniú mullaigh an AE - na Síne an 29 Meitheamh sa Bhruiséil. Bunaíodh caidrimh an AE leis an tSín siar sa bhliain 1975 agus is é aidhm chruinniú na seachtaine seo ná tosaíochtaí a leagadh amach idir an dá pháirtí. Déanfar plé ag an gcruinniú mullaigh chomh maith ar conas comhoibriú níos fearr a dhéanamh ó thaobh na slándála de.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe leis an bPríomh-Aire Li Keqiang, dúirt Schulz go raibh comhrá "fíor-úsáideach" acu faoin athrú aeráide, infheistíocht agus limistéar an euro.