Buaicphointí na bliana 2015

Agus deireadh ag druidim le 2015 is fiú súil siar a chaitheamh ar bhliain stairiúil sa Pharlaimint. Idir cheist na ndídeanaithe, na hionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras, an ghéarchéim eacnamaíoch sa Ghréig agus imghabháil cánach, is fíor go raibh bliain ghnóthach go leor ag feisirí na Parlaiminte. Rinneadh an-chuid plé ar an gcomhaontú trádála TTIP leis na Stáit Aontaithe freisin. Caith súil siar anseo ar an méid a thit amach sa bhliain 2015.

Súil siar ar bhliain ghnóthach sa Pharlaimint

Bhí ceist na himirce go mór chun tosaigh sa Pharlaimint i rith 2015. Rinneadh teorainneacha seachtracha an AE a thrasnú go neamhdhleathach 1.55 milliún uair sa chéad 11 mhí den bhliain 2015. Léirigh suirbhé Eorabharaiméadair go measann beagnach dhá thrian na nEorpach gur chóir cinntí maidir leis an imirce a ghlacadh ar leibhéal AE.


Thug Uachtarán na Fraince François Hollande agus Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel cuairt ar an bParlaimint an 7 Deireadh Fómhair. Agus é i mbun óráide in Strasbourg, dúirt Uachtarán na Fraince François Hollande: "Tá gá le tuilleadh den Eoraip, nó beidh deireadh leis an Eoraip. Ag labhairt di faoi ghéarchéim na ndídeanaithe, dúirt Angela Merkel: "Ní féidir an ghéarchéim a réiteach trí thíortha a bheith ag gníomhú ina n-aonar. Bhí daoine ag fágáil na hEorpa ar feadh na gcéadta bliain; anois tá siad ag teacht anseo chun a gcuid aislingí a fhíorú."


Ó thús na bliana, bhí saincheist na sceimhlitheoireachta mar mhír rialta ar chlár oibre na Parlaiminte freisin. Tar éis na n-ionsaithe i bPáras i mí na Samhna áfach cuireadh dlús le freagairt na hEorpa ar an mbagairt.


Ba ar mhaithe le trédhearcacht an chóras cánach corparáide a fheabhsú a bunaíodh an coiste speisialta um rialuithe cánach i mí Feabhra. Tar éis thart ar naoi mí d'obair chrua bhain an coiste an líne chríche amach an 25 Samhain nuair a chaith feisirí vóta ar son a chuid moltaí. Moladh i dtuarascáil deiridh an choiste go gcuirfí comhbhonn cánach corparáide comhdhlúite i bhfeidhm ar fud AE agus go mbeadh cosaint níos fearr ar fáil do sceithirí.


"Bhí sé de mhisneach ag Raif Badawi a ghlór a ardú agus cur i gcoinne a gcuid barbarthachta. Sin an fáth gur sciúrsáladh é." Sin a bhí le rá ag Ensaf Haidar agus í ag glacadh Dhuais Sakharov na Parlaiminte ar son a fhir chéile Raif Badawi ag searmanas i Strasbourg an 16 Nollaig. Is blagálaí agus gníomhaí é Badawi atá i bpríosún san Araib Shádach ar chúiseamh gur mhaslaigh sé an tIoslám. Bronnadh an Duais air ar son a iarrachtaí an tsaoirse tuairimíochta a chur chun cinn ina thír dhúchais.


Bhuaigh 'Mustang', scannán de chuid an stiúrthóra Deniz Gamze Ergüven, Duais Scannánaíochta na Parlaiminte. Bhronn uachtarán na Parlaiminte Martin Schulz Duais Lux uirthi le linn an tseisiúin iomlánaigh a bhí ar siúl i Strasbourg an 24 Samhain.


Rinneadh cás na Gréige a phlé sa Pharlaimint an 8 Iúil i ndíospóireacht a bhí ar siúl ar feadh trí huaire a chloig. Ag labhairt dó i Strasbourg, dúirt Príomh-Aire na tíre Alexis Tsipras gur "láthair thástála don bheartas déine" atá sa Ghréig anois. Chuir sé in iúl freisin gur chóir do Pharlaimint na hEorpa "ról níos gníomhaí" a imirt.


Glacadh céim eile chun deireadh a chur le táillí fánaíochta an 15 Iúil nuair a thug feisirí an choiste tionsclaíochta a gceadú le comhaontú na mballstát agus an Choimisiúin Eorpaigh. Faoin gcomhaontú seo, tiocfaidh laghdú ar na táillí in 2016, agus ón 15 Meitheamh 2017 ní ghearrfar muirear ar bith ar dhaoine má chuireann siad glaoch ar chara nó má sheolann siad ríomhphost lena nguthán póca agus iad thar lear.


Amharc ar an bhfíseán thuas.

Tuilleadh eolais