Tá Parlaimint na hEorpa ar fáil ar Snapchat anois!

Bunaíodh Snapchat in 2011, agus le níos mó ná 100 millíun úsáideoir laethúil, tá sé ar cheann de na líonraí sóisialta is mó a bhfuil tóir air na laethanta seo. Seoltar beagnach 9,000 grianghraf ar Snapchat gach uile soicind agus úsáideann 52% de dhéagóirí na hÉireann é ar bhonn rialta. D'fhonn léargas níos taitneamhaí a thabhairt do dhaoine faoin méid atá ar siúl sa Bhruiséil agus i Strasbourg, tá an Pharlaimint ar fáil ar Snapchat anois chomh maith agus níos mó ná 15,000 leantóir aici!

Illustration for Snapchat
Ar aimsigh tú an Pharlaimint ar Snapchat go fóill?

Is í Parlaimint na hEorpa tionól na ndaoine. Dá réir sin, féachaimid ní amháin le daoine a mhealladh chuig an láithreán gréasáin sin againn féin, ach teacht i láthair mar a mbíonn daoine. Is éard atá i gceist le Snapchat ná feidhmchlár chun grianghraif agus físeáin a chomhroinnt. Tá gné amháin a fhágann nach bhfuil Snapchat cosúil le leithéidí Facebook nó Twitter áfach: imíonn na teachtaireachtaí as radharc ó fhón an úsáideora tar éis cúpla soicind.


Tá an chuid is mó d'úsáideoirí Snapchat níos óige ná 30 bliain d'aois agus tá clú agus cáil air go mór mór i dtíortha ar nós na hÉireann, na Sualainne agus na Beilge. Agus an Pharlaimint ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le daoine óga a bheidh ag caitheamh vóta as seo amach, is bealach iontach é Snapchat chun eolas a scaipeadh i measc an aosa óig faoina bhfuil ar siúl sa Pharlaimint.


Postáiltear íomhánna agus físeáin 10 soicind ar leathanach Snapchat na Parlaiminte go laethúil. Bíonn físeán ann gach Aoine chomh maith le súil siar ar an méid a bhí ar siúl sa Bhruiséil nó i Strasbourg. Bhí nuashonruithe ar fáil ar chuntas Snapchat na Parlaiminte ó chomhdháil COP21 maidir leis an athrú aeráide i bPáras ag tús mhí na Nollag agus ó chuairteanna na bhfeisirí ar champaí dídeanaithe sa Ghréig agus sa Tuirc chomh maith.

Illustration for Snapchat
Déan íomhá an taibhse a scanadh chun an Pharlaimint a leanúint ar Snapchat!

Is féidir le saoránaigh ceisteanna a chur trí úsáid a bhaint as Snapchat chomh maith agus déanann foireann gréasáin na Parlaiminte gach iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Agus má thugann tú cuairt ar fhoirgnimh na Parlaiminte is féidir leat ár scagaire geografach a chur le do ghrianghraf.


Tá an Pharlaimint ar Snapchat ó Bhealtaine na bliana seo caite agus tá níos mó ná 15,000 leantóir ag an institiúid anois. Fonn ort an Pharlaimint a leanúint? Cuardaigh "europarl" ar Snapchat nó déan íomhá an taibhse a scanadh!


An Pharlaimint ar na meáin shóisialta eile


Tá níos mó ná dhá mhilliún leantóir ag an bParlaimint ar Facebook. Tá cuntais Twitter ar fáil in 24 teanga, an Ghaeilge san áireamh! Is féidir nuashonrúcháin laethúla ar obair na Parlaiminte a fháil ar Google+ chomh maith agus má mheasann tú nach leor tvuít 140 carachtar uaireanta is féidir páirt a ghlacadh i bplé domhain ar cheapadh beartas an AE ar LinkedIn. Chomh maith leis sin tá an Pharlaimint ar fáil ar Flickr, Instagram, Spotify, Vine agus araile. Le beagnach bliain anuas tá leathanach oifigiúil ag an bParlaimint ar Reddit freisin. Ar eagla nach mbeadh na hardáin ar fad a mbímid gníomhach orthu aimsithe agat, cliceáil anseo chun teacht ar threoir úsáideach maidir le Parlaimint na hEorpa ar an líonra.

Tuilleadh faisnéise