An tseachtain seo sa Pharlaimint

Déanfar tionchar reifreann na Ríochta Aontaithe a phlé ag seisiún iomlánach neamhghnách sa Pharlaimint sa Bhruiséil an 27 Meitheamh. Chomh maith leis sin déanfaidh feisirí plé ar thionchar airgeadais ghéarchéim na himirce. Beidh grúpaí polaitiúla na Parlaiminte ag ullmhú chomh maith don sheisiún iomlánach a bheidh ar siúl in Strasbourg an tseachtain seo chugainn.

EP this week
27 Meitheamh - 1 Iúil 2016

Tar éis do thoghthóirí na Ríochta Aontaithe léiriú an 27 Meitheamh gur mian leo an tAontas Eorpach a fhágáil, déanfaidh feisirí tionchar an vóta a phlé ag seisiún iomlánach neamhghnách an 27 Meitheamh. Cuirfear rún faoi thionchar an reifrinn chun vóta chomh maith. Beidh beoshruth ar fáil agus beifear in ann an díospóireacht a leanúint ar ár leathanach Storify freisin.


Déanfar tionchar airgeadais ghéarchéim na ndídeanaithe agus na himirce a phlé ag éisteacht pharlaiminteach an 30 Meitheamh. Beidh feisirí an choiste um bhuiséid, um shaoirsí sibhialta, um ghnóthaí eachtracha agus um fhorbairt i láthair, chomh maith le hArdrúnaí na Comhairle Eorpaí um Dhídeanaithe agus Dheoraithe. Beidh an fear gnó George Soros agus ionadaithe ó Frontex, ón gCoimisiún Eorpach agus ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe i measc dóibh siúd a bheidh i láthair freisin.


Cliceáil anseo chun an nuacht is déanaí ó sheirbhís preasa na Parlaiminte a fháil.

Seisiún iomlánach

Tuilleadh eolais