Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta an Uileloiscthe: ‘Ní mór dúinn ar fad a bheith san airdeall’

Agus Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta an Uileloiscthe ar siúl an 27 Eanáir, tionóladh searmanas sa Pharlaimint an tseachtain seo in ómós dóibh siúd ar fad a cailleadh faoi lámh na Naitsithe in 1941-1945. Bhí ionadaithe an phobail Ghiúdaigh san Eoraip i láthair chomh maith le daoine mór le rá eile. Ag labhairt dó le linn an tsearmanais, dúirt Uachtarán úrthofa na Parlaiminte Antonio Tajani gurb é an tUileloscadh “an tragóid is measa i stair na hEorpa”.

IHD2017
Tionóladh searmanas sa Pharlaimint an 25 Eanáir in ómós dóibh siúd ar fad a cailleadh le linn an Uileloiscthe
IHD2017
Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani

Le linn an tsearmanais a bhí ar siúl an 25 Eanáir, chuir an tUasal Tajani a imní in iúl faoin titim atá tagtha ar líon na nGiúdach san Eoraip agus faoi na hionsaithe i gcoinne an phobail atá fós á ndéanamh na laethanta seo: “Is próiseas ríthábhachtach é an cuimhneachán má táthar chun a chinntiú nach ndéantar na botúin chéanna an athuair. San Eoraip bhíomar i gcónaí in ann ceachtanna a fhoghlaim d’fhonn stair agus todhchaí a chruthú a bheadh bunaithe ar an tsaoirse, ar dhaonlathas agus ar an meas ar dhínit an duine.”


Ag labhairt dó le linn an tsearmanais, dúirt uachtarán Chomhdháil na nGiúdach san Eoraip an Dr Moshe Kantor: “Tá muidne, Giúdaigh na hEorpa, ag iarraidh fanacht san Eoraip agus a bheith dílis don Eoraip. Tá muid ag brath áfach ar an Eoraip a bheith dílse dúinne, a bheith dílse don smaoineamh go bhfuil saol maith i ndán do Ghiúdaigh anseo san Eoraip.”


Tá a saol ar fad caite ag Beate Klarsfeld ag fiosrú choireanna na Naitsithe. Labhair sí faoin athrú ó bhonn atá tagtha ar an nGearmáin ó tharla an tUileloscadh. “Náisiún nua atá inti, tír nua le hanam nua.” Thug sí foláireamh áfach faoin gciníochas agus faoin seineafóibe atá tagtha chun cinn san Eoraip arís mar thoradh ar ghéarchéim na ndídeanaithe: “Ní mór dúinn ar fad a bheith san airdeall.”


Bhí iarphríomh-aire na Ríochta Aontaithe Tony Blair i láthair chomh maith, tá sé ina chathaoirleach anois ar Chomhairle na hEorpa don Chaoinfhulaingt agus don Athmhuintearas. Bhí an stiúrthóir Rúiseach Andrei Konchalovsky i láthair freisin, tá duaiseanna buaite aige as a shaothar scannánaíochta i gcoinne an antoisceachais agus na héadulaingthe.


Tionóltar Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta an Uileloiscthe an 27 Eanáir gach bliain. Shaor saighdiúirí an Aontais Shóivéadaigh an campa géibhinn Auschwitz ar an lá sin sa bhliain 1945.


Cliceáil anseo chun an nuacht is déanaí ó sheirbhís preasa na Parlaiminte a fháil.

Tuilleadh faisnéise