60 bliain de Chonradh na Róimhe

An 25 Márta, comórfar trí scór bliain ó síníodh Conradh na Róimhe lena mbunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Le síneadh an chonartha, leagadh an bhunsraith don Eoraip mar a aithníonn muid inniu í, agus cuireadh tús leis an tréimhse síochána is faide a bhí ann riamh i stair scríofa na hEorpa. Tiocfaidh feisirí Eorpacha agus ceannairí rialtais na mballstát le chéile sa Róimh an 25 Márta chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí ceiliúrtha oifigiúla.

A photo of the Treaty of Rome, signed in Rome on the 25 of March 1957.
Síníodh Conradh na Róimhe an 25 Márta 1957

Síníodh Conradh na Róimhe an 25 Márta 1957 agus cuireadh ar bun leis Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa lenar tugadh le chéile sé thír (an Bheilg, an Fhrainc, Iarthar na Gearmáine, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg) chun oibriú i dtreo comhtháthú agus fás eacnamaíoch, trí bhíthin na trádála. Cruthaíodh leis cómhargadh ar bhonn shaorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipiteal, agus síníodh conradh eile faoinar bunaíodh an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach (Euratom).


Bhí mar aidhm le Conradh na Róimhe freisin na fothaí a leagan síos d’aontas buandlúite idir pobail na hEorpa, feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre na nEorpach agus achmhainní a chomhthiomsú d’fhonn an tsíocháin agus an tsaoirse a chaomhnú. Chuaigh tíortha eile isteach sa Chomhphobal diaidh ar ndiaidh - Éire agus an Ríocht Aontaithe sa bhliain 1973 - agus bunaíodh Aontas Eorpach an lae inniu le Conradh Maastricht a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1993.


Rinneadh Conradh na Róimhe a leasú roinnt uaireanta, agus anois tugtar an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh air. Síníodh Conradh na Róimhe an 25 Márta 1957 agus bhí feidhm aige ón 1 Eanáir 1958.


Imeachtaí ceiliúrtha


Mar chuid de na himeachtaí atá á n-eagrú ar fud na hEorpa le haghaidh chomóradh 60 bliain Chonradh na Róimhe, tiocfaidh Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani, an Chéad Leas-Uachtarán Mairead McGuinness, na leas-uachtaráin agus cathaoirligh ghrúpaí na Parlaiminte le chéile sa Róimh ag an deireadh seachtaine. Táthar ag súil go nglacfaidh na ceannairí rialtais dearbhú ina leagfar amach fís chomhpháirteach do na blianta atá amach romhainn, agus síneoidh an tUachtarán Tajani an dearbhú seo ar son na Parlaiminte.


Leag na feisirí a bhfís féin amach faoi thodhchaí na hEorpa i mí Feabhra, agus le linn an tseisiúin iomlánaigh an 1 Márta chuir Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker páipéar faoi bhráid na bhfeisirí maidir le todhchaí an Aontais sna blianta amach romhainn. Ag cur tús dó leis an seisiún sin, dúirt Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani go bhfuil sé “riachtanach go mbeidh guth na Parlaiminte le cloisteáil sa díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa”.


Ag labhairt dó sa Bhruiséil an tseachtain seo, dúirt Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani: "An méid atá le feiceáil againn inniu is toradh é ar 60 bliain síochána, agus saoirse. Níl aon chuimhne ag an nglúin óg ar an méid a d'fhulaing tíortha na hEorpa sa dá chogadh dhomhanda. Is éacht thar na bearta é nach mór dúinn a chosaint. Is gá dúinn bogadh chun tosaigh toisc nach mór an tsaoirse a chosaint gach lá."


Is féidir páirt a ghlacadh sa chomhrá ar Twitter trí úsáid a bhaint as an haischlib #EU60.

Ní miste cuimhneamh ar an áit a rabhamar roimhe seo. Tuilleadh san fhíseán thuas

Tuilleadh faisnéise