Brexit: tionchar ar shaol shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

Ó thús an phróisis Brexit, thug an Pharlaimint tosaíocht do chearta na saoránach agus na himpleachtaí a bheadh ag Brexit orthu  

Tá feisirí Eorpacha ag obair ní amháin chun cearta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh sa Ríocht Aontaithe a chosaint ach cearta shaoránaigh na Breataine i mballstáit eile AE chomh maith.

Cé is moite de mhuintir na Cipire, na hÉireann agus Mhálta, ní raibh ceart vótála ag saoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe i reifreann 2016. Ach beidh tionchar nach beag ag toradh an reifrinn ar na milliúin saoránach AE a chuaigh i mbun an tsaoil sa Bhreatain. Is é an cheád ábhar tosaíochta a bhí ag an Aontas le linn na caibidlíochta ná teacht ar chomhaontú a thabharfaidh coimirce do chearta shaoránaigh AE a bheidh thíos le Brexit.

Tá a gcearta clúdaithe sa chomhaontú um tharraingt siar a chuirfear chun vóta ag seisiún iomlánach na Parlaiminte an 29 Eanáir 2020. I rún an 15 Eanáir, chuir feisirí Eorpacha in iúl go gcuirfear san áireamh ina gcinneadh maidir le toiliú leis an gcomhaontú um tharraingt siar na dearbhuithe a tugadh i ndáil le cur chun feidhme na bpríomhfhorálacha maidir le cearta na saoránach.

Ag cruinniú i Londain an 16 Eanáir, d’éirigh le Comhordaitheoir Brexit na Parlaiminte Guy Verhofstadt soiléiriú a fháil ó Rúnaí Brexit na Ríochta Aontaithe Stephen Barclay. Mar a d’iarr an Pharlaimint, tá údaráis na Breataine ag fiosrú cibé córas a fhéadfar a chur i bhfeidhm chun cabhrú le saoránaigh AE a bhfuil stádas lonnaithe acu a stádas a dhearbhú, trí fhoirm a phriontáil amach mar shampla. Chomh maith leis sin, cuireadh in iúl don Uasal Verhofstadt nach ndíbreofar go huathoibríoch saoránaigh AE nach bhfuil iarratas curtha isteach acu go fóill i gcomhair stádas lonnaithe; éisteofar lena gcás agus beidh siad in ann stádas lonnaithe a fháil.

Is sa Spáinn, in Éirinn, sa Ghearmáin agus san Iodáil a bhfuil an líon is mó Briotanach  

Leis an gcomhaontú um tharraingt siad, leanfar den cheart chun cónaithe atá ag saoránaigh AE sa Ríocht Aontaithe agus ag saoránaigh na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach, ach tá nithe eile fós le socrú. Is í an chéad chéim eile a bheidh ann ná comhaontú a shocrú maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe amach anseo; clúdófar ceisteanna amhail an comhshaol, sceimhlitheoireacht agus cúram sláinte san idirbheartaíocht.

Ó thús an phróisis um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, thug an Pharlaimint tosaíocht do chearta na saoránach agus na himpleachtaí a bheadh ag Brexit orthu. I rún na Parlaiminte i mí Aibreáin 2017, chuir feisirí in iúl go gcaithfear tús áite a thabhairt do chearta saoránach sna comhchainteanna faoi imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas, ní hamháin cearta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh sa Ríocht Aontaithe ach cearta shaoránaigh na Breataine i mballstáit eile AE chomh maith.