Beartas sóisialta san Eoraip: ról na Parlaiminte

Bhí an beartas sóisialta riamh chun tosaigh san Aontas Eorpach. Ach tá roinnt mhaith oibre fós le cur i gcrích. Tuilleadh san alt thíos.

Silhouette of little girl holding parent hand at sunset ©AP images/European Union - EP
An ghné shóisialta den Eoraip ©AP images/EU - EP

Ar bhonn idirnáisiúnta, tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta maidir le cosaint shóisialta, le hardchaighdeáin a mhéid a bhaineann le sláinte, cothromaíocht oibre is saoil nó bochtaineacht a chomhrac. Ní hé sin le rá go bhfuil gach rud go diail, áfach.


Chuaigh an ghéarchéim eacnamaíochta go mór i bhfeidhm ar go leor daoine ar fud na hEorpa, agus cé go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí i go leor tíortha tá difríocht mhór fós ann ó bhallstát amháin go ceann eile. Tá an ráta dífhostaíochta fós i bhfad ró-ard sa Ghréig (18.5%) agus sa Spáinn (14%). In Éirinn, bhain an ráta dífhostaíochta a bhuaicphointe (15.9%) amach ag deireadh 2011. Tá titim mhór tagtha ar an ráta ó shin - 5.4% i Márta 2019.


Anuas air sin, tá rátaí breithe íseal in an-chuid tíortha. Tá na rátaí breithe is airde le fáil sa Fhrainc, sa tSualainn agus in Éirinn, agus is i Málta, sa Spáinn agus san Iodáil a saolaítear an líon is lú leanaí. Bíonn tionchar ag rátaí breithe ísle agus ag daonra atá ag dul in aois ar inbhuanaitheacht an chóras leasa shóisialaigh.


Chomh maith leis sin, leanann forbairtí teicneolaíochta, an domhandú agus an borradh faoin earnáil seirbhísí de thionchar a bheith acu ar stíleanna maireachtála agus ar mhodhanna oibre mhuintir na hEorpa.


Beartas sóisialta: an leibhéal Eorpach nó an leibhéal náisiúnta?


teorainn leis an méid is féidir leis an Aontas Eorpach a dhéanamh ó thaobh ceisteanna sóisialta de agus is faoi na ballstáit atá sé go príomha beartas sóisialta a shocrú. Mar sin féin, leis na blianta tá ionstraimí curtha ar bun ag an Aontas Eorpach san earnáil shóisialta. Áirítear leis sin dlíthe AE, cistí agus uirlisí chun beartais na mballstát a chomhordú ar bhealach níos fearr agus chun monatóireacht a dhéanamh orthu.


I gConradh na Róimhe sa bhliain 1957, leagadh bunphrionsabail amach, mar shampla pá comhionann agus saoirse gluaiseachta na n-oibrithe laistigh den Aontas Eorpach. Tá rialacha AE ann maidir le coinníollacha oibre - am oibre, nó obair pháirtaimseartha cuir i gcás - chomh maith le reachtaíocht chun dul i ngleic le leithcheal agus chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chinntiú.


Faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a cuireadh ar bun i Samhain 2017, oibríonn an tAontas Eorpach chun cearta saoránach a chosaint tríd an méid seo a leanas a chinntiú: comhdheiseanna agus rochtain chomhionann ar an margadh saothair, dálaí oibre córa, agus cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta.


Ó thús an lánpháirtithe Eorpaigh, bhí Parlaimint na hEorpa i gcónaí ar son beartais níos gníomhaí san earnáil shóisialta agus thacaigh sí le moltaí an Choimisiúin Eorpaigh.


Cearta sóisialta d’Eorpaigh a oibríonn ar an gcoigríoch


rialacha ag an Aontas Eorpach arb é is aidhm leo a éascú d’Eorpaigh cónaí agus obair a dhéanamh i mballstáit eile an Aontais, agus a gcearta slándála sóisialta, amhail árachas sláinte agus sochair, a chosaint san am céanna.

Tá a gceadú tugtha ag feisirí le déanaí le rialachán lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair. Is é is aidhm don Údarás nua tacaíocht a thabhairt do na ballstáit rialacha an Aontais a chur chun feidhme i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais agus i réimse chomhordú na slándála sóisialta.


Thug feisirí Eorpacha a gceadú i mBealtaine 2018 le rialacha nua chun a chinntiú go bhfuil na cúinsí oibre agus an pá céanna ag oibrithe ar phostú. Leis an reachtaíocht nua, táthar ag iarraidh cosaint níos fearr a ráthú d’oibrithe ar phostú agus páirc na himeartha a chothromú do chuideachtaí postála agus do chuideachtaí áitiúla sa tír óstach.


Cúnamh don aos óg agus do dhaoine atá dífhostaithe


Thit an leibhéal dífhostaíochta AE go 6.4% i Márta 2019, an leibhéal is ísle ó thosaigh Eurostat ar chuntas a choinneáil sa bhliain 2000. Tá institiúidí an Aontais ag leanúint ar aghaidh, áfach, le hiarrachtaí tuilleadh borrtha a chur faoin ngeilleagar agus faoin bhfostaíocht.


Ar an bhfód ón mbliain 1957, is é Ciste Sóisialta na hEorpa príomh-uirlis an Aontais Eorpaigh chun fostaíocht agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn - cabhrú le daoine post a fháil (nó post níos fearr a fháil), daoine faoi mhíbhuntáiste a chomhtháthú sa tsochaí agus deiseanna saoil níos cothroime a chinntiú do chách. Déantar é sin trí infheistiú i muintir na hEorpa agus a gcuid scileanna - idir fhostaithe agus dífhostaithe, idir óg agus aosta. Tá feisirí Eorpacha i mbun oibre faoi láthair chun an Ciste a dhéanamh níos éifeachtaí le béim ar leith ar an aos óg agus ar pháistí. Le Ciste Sóisialta na hEorpa nuashonraithe (ESF+), tabharfar le chéile roinnt cistí atá ann cheana féin.


Leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tugtar tacaíocht do dhaoine a chailleann a bpost mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais nó an domhandú, mar shampla má dhruidtear cuideachta mhór nó má dhéantar monarú táirge éigin a aistriú go tír lasmuigh den Aontas Eorpach. Ó 2007, tá thart ar €630 milliún ón gciste tar éis cabhrú le 150,000 duine a bhí ag obair agus le 3,369 duine óg nach raibh i mbun oideachais, fostaíochta nó oiliúna. Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an dhigitithe agus athrú na haeráide ar bhealach níos fearr tar éis 2020, thug feisirí a gceadú in Eanáir 2019 le hathchóiriú ar an gciste.

In ainneoin an ráta ard dífhostaíochta i roinnt ballstát AE, bíonn deacrachtaí ag fostóirí i mballstáit eile folúntais a líonadh. Is fíorbheag é líon na nEorpach a chuireann isteach ar phoist taobh amuigh dá dtír dhúchais féin. Bunaíodh EURES, nó Seirbhísí Fostaíochta na hEorpa, d'fhonn saorghluaiseacht na n-oibrithe san Eoraip a éascú.


Chun aghaidh a thabhairt ar dhífhostaíocht i measc an ógra, cuireadh an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg ar bun sa bhliain 2013. Is éard atá sa Scéim ná gealltanas atá tugtha ag na tíortha AE ar fad go dtabharfar do gach duine faoi bhun 25 bliana tairiscint mhaith fostaíochta, breisoideachas, printíseacht nó tréimhse oiliúna laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh a bpost a chailleadh nó scor den oideachas foirmiúil.


Cuireadh an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra ar bun in Aibreán 2013 freisin chun tacú le daoine óga a bhí ag cur fúthu i réigiúin ina raibh an ráta dífhostaíochta i measc an aosa óig os cionn 25%. Is le daoine óga nach bhfuil fostaithe ná i mbun oideachais ná oiliúna, agus leo siúd amháin a thacaíonn an Tionscnamh, daoine óga atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine nach bhfuil cláraithe mar dhaoine dífhostaithe san áireamh.


Is tionscnamh é an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a thugann deiseanna do dhaoine óga obair nó obair dheonach a dhéanamh, ina dtír féin nó ar an gcoigríoch. Bunaíodh é i Nollaig 2016, agus féadann daoine clárú ach 17 mbliana a bheith slánaithe acu. Is féidir fad idir dhá mhí agus dhá mhí dhéag a bheith i dtionscadail a reáchtáiltear le tacaíocht an Chóir, agus is iondúil gur i mballstát den Aontas Eorpach a bhíonn na tionscadail ar siúl.

Coinníollacha oibre

Thug feisirí Eorpacha a gceadú in Aibreán 2019 le bearta nua chun feabhas a chur ar intuarthacht agus slándáil dálaí oibre, go mór mór dóibh siúd a bhfuil poist neamh-thraidisiúnta acu.

Tá ailse ina cúis le níos mó ná leath de na básanna a bhaineann leis an áit oibre, mar sin tá a gceadú tugtha ag feisirí le rialacha nua a dhíríonn ar oibrithe a chosaint ó charcanaiginí.

Ar an meán tá pinsin na mban 40% níos lú ná pinsin na bhfear. Tá feisirí Eorpacha tar éis iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach arís agus arís eile chun bearta a chur ar fáil i dtaca leis an mbearna pá agus pinsin a laghdú. Tá feisirí den tuairim freisin go bhfuil gá le rialacha AE chun bulaíocht agus ciapadh gnéasach a chomhrac san áit oibre.

Tá rialacha nua á n-ullmhú ag feisirí Eorpacha chun cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn i gcás tuismitheoirí agus cúramóirí.

Thug feisirí Eorpacha a gceadú i Meán Fómhair 2018 le bearta chun dul i ngleic le neamhláithreacht fhadtéarmach san áit oibre. Tá feisirí den tuairim go gcaithfear tuilleadh a dhéanamh chun cuidiú le fostaithe a bhí as láthair filleadh ar an obair, agus chun cabhrú le daoine atá go dona tinn nó faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach san fhórsa saothair.

I Márta 2019, thug feisirí Eorpacha a gceadú le rialacha nua chun a chinntiú go mbeidh táirgí agus seirbhísí níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas chomh maith le daoine scothaosta.

Comhionannas Inscne


Glacann an tAE le reachtaíocht agus cuireann sé moltaí maidir le dea-ghrásanna amach chun comhionannas inscne a fheabhsú. Leis an gCoiste um Chearta na mBan atá aici, bhí Parlaimint na hEorpa ina cosantóir láidir ar son na cúise riamh, agus eagraíonn sí eachtraí éagsúla gach bliain chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh, rud a chuireann le heolas an phobail maidir le comhionannas inscne.


Teastaíonn cothromaíocht oibre is saoil a chinntiú ó Fheisirí freisin. I 2019, ghlac siad le rialacha nua chun an saol oibre agus an saol pearsanta a thabhairt le chéile, chomh maith le cearta tuismitheoirí agus curamóirí a neartú. I 2021, ghlac feisirí le Straitéis AE maidir le Comhionannas Inscne, ina n-iarrann siad ar an gCoimisiún plean uaillmhianach a chur le chéile chun dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní, chomh maith le spriocanna soiléire a leagann amach do thíortha AE maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a laghdú sna cúig bliana atá amach romhainn.


Lena chuid rún, tarraingíonn an Pharlaimint ar an ngá le haghaidh a thabhairt ar chineál foréigin i gcoinne na mban faoi leith, ciapadh gnéasach agus cibearstalcaireacht mar shampla, agus comhsheasmhacht maidir le beartais um chomhionannas inscne a neartú, chomh maith le beartas a bhaineann le trádáil, forbairt agus imirce.


Tá an Pharlaimint ag teacht le hionadaíocht chothrom idir fir agus mná i gcúrsaí polaitíochta. Sa naoú téarma parlaiminteach, tá an céatadán de mhná a bhfuil post ardbhainistíochta acu níos airde ná mar a bhíodh sa téarma roimhe seo. Is mná iad 8 Leas-Uachtarán as 12, agus is mná iad 10 Cathaoirleach coiste as 22.

Faigh tuilleadh eolais faoi Bearta na Parlaiminte chun comhionannas inscne a chur chun cinn