Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh: calaois bhuiséadach a chomhrac ar leibhéal AE 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

©AP Images/European Union-EP  

Cuirfear rún chun vóta sa Pharlaimint an 5 Deireadh Fómhair i dtaca le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú chun úsáid chalaoiseach as cistí an Aontais Eorpaigh a chomhrac.

Bheadh sé d’údarás ag an Oifig, faoi choinníollacha áirithe, calaois san Aontas agus coireanna eile a mbíonn tionchar acu ar leasanna airgeadais AE, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Chuimseofaí faoi aon scáth amháin iarrachtaí Eorpacha agus náisiúnta i ndáil le forfheidhmiú an dlí chun chalaois a chomhrac. Gníomhaíocht neamhspleách a bheadh san Oifig.

 

Sa bhliain 2015, de réir thuarascáil an Choimisiúin Eorpaigh, baineadh úsáid chalaoiseach as €637.6 milliún ó bhuiséad AE. Ó 2014, tá feisirí na Parlaiminte ag rá gur chóir oifig ionchúisitheora a bhunú ar leibhéal AE. Rinneadh togra i dtaca leis an Oifig a bhunú a phlé sa Pharlaimint an 4 Deireadh Fómhair agus cuirfear rún ar an ábhar chun vóta an 5 Deireadh Fómhair.

 

I láthair na huaire, is faoi údaráis na mballstát atá sé coireanna a mbíonn tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Níl sé faoi shainordú ghníomhaíochtaí AE ar nós Olaf, Eurojust nó Europol cásanna coiriúla a imscrúdú ná a ionchúiseamh, agus bheadh obair na hOifige nua ina comhlánú ar a gcuid oibre. Bheadh an Oifig in ann déileáil le cásanna coiriúla ar fud an Aontais.

 

Feidhmiú na hOifige

 

I Lucsamburg a bheadh ceanncheathrú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. A bhuí leis an Oifig nua, bheifí in ann faisnéis a mhalartú ar bhonn sciobtha, fiosrúcháin na bpóilíní a chomhordú, sócmhainní a reo nó a ghabháil, agus amhrastaigh a ghabháil ar bhonn trasteorann. Cheapfaí príomhionchúisitheoir Eorpach, agus freagracht iomlán na hoifige ar an duine sin. Bheadh ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha ann freisin agus iad lonnaithe sna ballstáit.

 

Fiche cinn de na ballstáit a bheadh rannpáirteach sa chomhar seo: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Spáinn, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. Bheadh sé de cheart ag tíortha eile AE a bheith rannpháirteach tráth ar bith is mian leo sin.

 

Ról na Parlaiminte

 

Chomh fada siar leis an mbliain 2014, tá sé curtha in iúl ag feisirí Eorpacha gur chóir oifig ionchúisitheora a bhunú ar leibhéal AE. Thug feisirí an choiste um shaoirsí sibhialta a gceadú an 28 Meán Fómhair le bunú na hOifige. Rinneadh an togra a phlé le linn an tseisiúin iomlánaigh in Strasbourg an 4 Deireadh Fómhair, agus cuirfear rún ar an ábhar chun vóta an 5 Deireadh Fómhair. Ní féidir leis an rialachán teacht i bhfeidhm go hoifigiúil gan toiliú na Parlaiminte. Meastar go gcuirfear tús le hobair na hOifige nua i gceann trí bliana ar a thúisce.

 

Tionólfar an vóta thart ar mheán lae CET an 5 Deireadh Fómhair.