An Cruinniú Eorpach um an Óige: glac páirt inár gcomórtas grianghrafadóireachta

Beidh an Cruinniú Eorpach um an Óige (EYE) ar siúl arís sa Pharlaimint an 1-2 Meitheamh. Fonn ort a bheith i láthair? Cuir isteach ar ár gcomórtas grianghrafadóireachta ar Instagram!

Carousel

An cuimhin leat EYE 2016? Thug sé thart ar 7,500 Eorpach in aois 16 go 30 le chéile i Strasbourg chun a gcuid smaointí ar théamaí éagsúla a chur in iúl. Anois tá ullmhúcháin ar siúl don chéad EYE eile a bheidh ar siúl an 1-2 Meitheamh. Le linn na hócáide a bheidh ar siúl i bhfoirgneamh na Parlaiminte in Strasbourg beidh neart díospóireachtaí agus imeachtaí ar siúl; agus beidh deis ag rannpháirtithe a dtuairimí a roinnt le polaiteoirí, iriseoirí agus lucht cinnteoireachta i gcoitinne.

 

Tá na mílte Eorpach ó na ballstáit ar fad, ó thíortha máguaird agus ó thíortha iarrthóra AE tar éis iarratas a chur isteach chun freastal ar an ócáid. Ach tá seans deiridh agat má tá tú ag iarraidh freastal ar EYE 2018: cuir isteach ar ár gcomórtas grianghrafadóireachta ar Instagram.

 

Chun an comórtas a bhuachan, ba chóir go mbeadh cónaí ort i mballstát AE agus caithfear a bheith os cionn 18 mbliana d’aois. Ba chóir go mbeadh cóipcheart iomlán agat ar an ngrianghraf freisin. Bheadh ort a bheith in ann taisteal go Strasbourg an 1-2 Meitheamh.

 

Roghnaigh téama ó chlár oibre an Chruinnithe agus glac grianghraf chun é a léiriú:

  • #YoungOld
  • #RichPoor
  • #ApartTogether
  • #SafeDangerous
  • #LocalGlobal.

 

Roinn an grianghraf ar Instagram leis an haischlib #EYE2018 agus le haischlib an téama atá roghnaithe agat. Ná déan dearmad @EuropeanParliament agus @ep_eye a chlibeáil sa ghrianghraf. Glacfar le grianghraif go dtí meán oíche CET an 22 Aibreán.

 

Roghnófar grianghraf amháin ó na catagóirí ar fad agus beidh deis ag na daoine sin páirt a ghlacadh in EYE 2018 in Strasbourg. Le linn an chomórtais, athphostálfar cuid de na grianghraif is fearr ar chuntas Instagram na Parlaiminte, agus tabharfar cuireadh freisin don duine a fuair an líon is mó ❤ freastal ar EYE 2018. Taispeánfar grianghraf na mbuaiteoirí sa Pharlaimint in Strasbourg le linn an Chruinnithe.

 

Go n-éirí libh!

Tuilleadh faisnéise