Grafaic faisnéise: leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa
I bhfianaise imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach an 31 Eanáir, déanfar leithdháileadh na suíochán sa Pharlaimint a athrú. Tá na sonraí ar fad ar fáil inár ngrafaic faisnéise.
Ón 1 Feabhra 2020, beidh Parlaimint na hEorpa comhdhéanta de 705 fheisire, i gcomparáid leis an 751 fheisire (an t-uasmhéid atá ceadaithe sna conarthaí) a toghadh i dtoghcháin 2019.
Déantar na suíocháin sa Pharlaimint a dháileadh as measc na stát éagsúil ar bhonn na comhréireachta céimlaghdaithí, a chiallaíonn gur mó na suíocháin a bhíonn ag tír le daonra mór ná mar a bhíonn ag tír ar nós Mhálta le daonra níos lú, ach go mbíonn níos mó suíochán ag an tír le daonra níos lú ná mar a leagfaí amach de réir na comhréireachta go lom.
- Comhdhéanta d'ionadaithe do shaoránaigh AE, ní rachaidh líon na bhfeisirí thar 751. Beidh ionadaíocht na saoránach comhréireach go céimlaghdaitheach agus beidh íosmhéid 6 comhaltaí do gach ballstát. Ní bheidh níos mó ná 96 shuíochán ag aon bhallstát.
- Glacfaidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil, ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa agus lena toiliú, cinneadh lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas, tiocfaidh laghdú ar líon foriomlán na suíochán sa Pharlaimint. Athdháilfear 27 suíochán (a bhí ag an Ríocht Aontaithe) i measc na mballstát atá faoi ghannionadaíocht mar gheall ar athruithe déimeagrafacha; mar shampla gheobhaidh Éire beirt fheisirí breise, agus gheobhaidh an Fhrainc agus an Spáinn cúigear feisirí nua. De réir acht toghcháin 1976, caithfidh údaráis na mballstát an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi ainmneacha na gcomhaltaí nua. Ansin, beidh siad in ann tús a chur go hoifigiúil lena dtréimhse oifige.
Déanfar 46 suíochán eile a bhí ag an Ríocht Aontaithe a choinneáil i gcás mhéadú AE amach anseo. Le leithdháileadh na suíochán an 1 Feabhra 2020, ní chaillfidh tír ar bith den 27 mballstát feisire Eorpach.