Clár AE i gcomhair stocairí: ‘Tá sé de cheart ag saoránaigh bheith ag dúil le trédhearcacht uainn’

Tá an Pharlaimint, an Coimisiún agus an Chomhairle i mbun idirbheartaíochta i láthair na huaire chun Clár Trédhearcachta Eorpach a bheadh éigeantach a bhunú. Tuilleadh faisnéise san fhíseán.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Cuireadh tús leis an idirbheartaíocht idir na hinstitiúidí an mhí seo caite maidir le rannpháirtíocht na Comhairle sa Chlár Trédhearcachta in éineacht leis an dá institiúid eile. Go nuige seo, ba ar bhonn deonach a rinneadh é agus níor cuimsíodh ann ach an Coimisiún agus an Pharlaimint. Tugadh an Clár Trédhearcachta isteach siar in 2011.

Is éard atá i gceist leis an gClár Trédhearcachta ná bunachar sonraí ina liostaítear grúpaí sainleasa arb aidhm dóibh tionchar a imirt ar phróiseas reachtóireachta agus cur chun feidhme beartais na n-institiúidí Eorpacha.

 

Is iad Leas-Uachtarán na Parlaiminte Sylvie Guillaume agus cathaoirleach an choiste um ghnóthaí bunreachtúla Danuta Hübner atá i gceannas ar fhoireann idirbheartaíochta na Parlaiminte. Ag labhairt di faoin gClár, dúirt Guillaume: “Táirgimid dlíthe ar mhaithe le saoránaigh. Dá réir, ar ndóigh, tá sé de cheart acu bheith ag dúil le trédhearcacht uainn agus le saoirse gníomhaíochta i leith na ngrúpaí ar chóir go mbeadh leasanna acu sna cinntí.”

 

Dúirt Hübner: “Saoránaigh, agus iad níos eolaí ar an dóigh a bhfeidhmíonn an Eoraip, mothóidh siad freisin úinéireacht agus freagracht i leith na hEorpa. Ní mian linn bheith i bhfad ónár saoránaigh.”

GA_transparency-register-2_02.jpg
Tá an Clár Trédhearcachta ann ón mbliain 2011

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gclár agus faoin idirbheartaíocht atá ar siúl.