Bolscaireacht: ‘Tá na huirlisí atá á n-úsáid inár gcoinne ag forbairt go síoraí seasta’

Is cúis mhór imní í an bholscaireacht naimhdeach agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici ar na toghcháin Eorpacha an 23-26 Bealtaine. Tá moltaí á n-ullmhú ag feisirí dá bharr.

Interview with Anna Fotyga
Anna Fotyga, cathaoirleach an fhochoiste um chosaint agus slándáil

An 13 Márta 2019, ghlac an Pharlaimint tuarascáil an fheisire Anna Fotyga maidir le scaipeadh na bréagaisnéise mar gheall ar uirlisí nua atá ar fáil. Déantar cáineadh sa tuarascáil ar ghníomhaíochtaí ionsaitheacha na Rúise, na Síne, na hIaráine agus na Coiré Thuaidh atá ag iarraidh an bonn a bhaint ón daonlathas san Eoraip, dar le feisirí. Seo a bhí le rá ag Anna Fotyga maidir leis an tuarascáil.

77%

Úsáideoirí idirlín in Éirinn a mheasann gur fadhb mhór í an bhréagnuacht ar líne

An bhfuil na toghcháin Eorpacha sách sábháilte ó chibearionsaithe agus ón mbolscaireacht naimhdeach ó thíortha agus ó ghrúpaí lasmuigh den Aontas?


Is éard atá i gceist anseo ná 27 bpróiseas toghcháin ar leith i ngach aon bhallstát. Má tá laigí sna córais éagsúla seo, d’fhéadfadh páirtithe naimhdeacha ionsaí a dhéanamh orthu le huirlisí saincheaptha.


Tar éis roinnt cásanna le déanaí de ghrúpaí a bheith ag cur isteach ar reifrinn agus ar thoghcháin, táim cinnte go bhfuil obair tosaithe ag na ballstáit chun an scéal a mheasúnú ina gcríocha féin. Tógann sé go leor ama, áfach, chun infheistíocht a dhéanamh in acmhainní chun feachtais bhréagaisnéise a chomhrac agus chun feabhas a chur ar chumas na saoránach bréagaisnéis a aithint. Ina theannta sin, tá na huirlisí atá á n-úsáid inár gcoinne ag forbairt go síoraí seasta. Sin an fáth a bhfuiltear tar éis roinnt bearta ar leith a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, cód cleachtais AE maidir le bréagaisnéis, mar shampla.


Ceard is gá a fheabhsú?


Ba chóir dúinn bheith céim amháin chun tosaigh in ionad a bheith frithghníomhach. Níl amhras ar bith ann ach go gcaithfear níos mó béime a chur ar úsáid mhailíseach na hintleachta saorga.


Chun go mbeidh rath ar ár n-iarrachtaí, ba cheart déantóirí na gcoireanna seo a ainmniú go poiblí, chomh maith lena dtacadóirí agus na spriocanna atá acu. Mar chuid de fhreagairt láidir an Aontais, ba cheart freisin smachtbhannaí spriocdhírithe a thabhairt isteach.


Conas is féidir dul i ngleic leis an mbolscaireacht gan cinsireacht a chothú ná bac a chur ar shaoirse cainte?


Mar a léirítear i dtuarascáil an choiste um ghnóthaí eachtracha, tá an tsaoirse smaointeoireachta agus cainte chomh maith le hiolrachas na meán ríthábhachtach i sochaithe daonlathacha, láidre, agus cuireann siad an chosaint is fearr ar fáil i gcoinne na bolscaireachta naimhdí agus na bréagaisnéise. Le cinsireacht, bhainfí an bonn uainn.


Is í an chúis imní is mó atá againn ná na hardáin meán sóisialta. Tuigimid gur féidir breathnú ar chosc a chur ar chuntais amhrasacha mar ghníomh cinsireachta agus, mar gheall air sin, caithfear go mbeadh cúis mhaith lena leithéid de ghníomhaíochtaí.

Tuilleadh faisnéise