Bearta na Parlaiminte chun tionchar Brexit gan mhargadh a mhaolú

Bheadh tionchar ag Brexit gan mhargadh ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh ar fud AE. Chun teorainn a chur leis an dochar a dhéanfadh Brexit neamhordúil, tá roinnt bearta glactha ag feisirí.

Brexit, deal or no deal illustration image. ©AP Images/European Union-EP
Mar chuid dá ullmhúcháin teagmhais le haghaidh Brexit gan mhargadh, tá roinnt bearta glactha ag an Aontas ©AP Images/EU-EP

Tá sé tugtha le fios ag an Aontas Eorpach arís agus arís eile go bhfuil sé ar son tarraingthe siar rianúla. Tugadh comhaontú um tharraingt siar i gcrích leis an Ríocht Aontaithe d’fhonn a chinntiú go leanfar leis an gcomhar idir an dá pháirtí i réimsí atá chun leasa do chách. Mar sin féin, tá roinnt bearta reachtacha glactha ag an Aontas Eorpach chun teorainn a chur leis an dochar a dhéanfadh Brexit gan mhargadh.


Leis na bearta seo, níltear ag iarraidh na buntáistí a bhaineann le ballraíocht san Aontas Eorpach a mhacasamhlú. Is bearta sealadacha iad seo a ghlac an tAontas Eorpach go haontaobhach. I réimsí áirithe, tá sé de choinníoll leo go ndéanfadh an Ríocht Aontaithe gníomh cómhalartach. Braitheann réitigh fhadtéarmacha ar thoradh na gcomhchainteanna a bheidh ann idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.


Mar chuid dá ullmhúcháin teagmhais le haghaidh Brexit gan mhargadh, tá na bearta seo a leanas glactha ag an Aontas Eorpach:


Víosaí


Tar éis vóta sa Pharlaimint an 4 Aibreán 2019, tabharfar cead taistil gan víosaí do shaoránaigh na Ríochta Aontaithe a thagann chuig limistéar Schengen ar feadh tamall gearr. Tá sé curtha in iúl ag rialtas na Ríochta Aontaithe nach bhfuil sé ar intinn aige víosa a éileamh ar shaoránaigh an Aontais a bheidh ag taisteal chuig an Ríocht Aontaithe ar feadh tamall gearr.


Nascacht aeir


Ar feadh seacht mí tar éis lá Brexit, bheadh aerlínte ón Ríocht Aontaithe in ann seirbhísí aeriompair a chur ar fáil idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 mballstát eile ar an gcoinníoll go ndéanfaidh an rialtas i Londain amhlaidh agus do dtabharfar cearta comhionanna d’aerlínte ón Aontais Eorpaigh. Tar éis an chinnidh a rinne ceannairí an Aontais maidir le hAirteagal 50 a shíneadh, d’fhoilsigh an Coimisiún moladh i dtaca le síneadh ama a chur le bearta teagmhais.


Seirbhísí iarnróid


An 13 Márta 2019, thug feisirí Eorpacha a gceadú le rialachán teagmhasach chun síneadh sealadach a chur le bailíocht ceadúnas sábháilteachta a theastaíonn chun seirbhísí iarnróid a reáchtáil idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, mar shampla ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath nó ó Londain go Páras. Braitheann na bearta seo ar nós imeachta comhionann a bheith á chur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe i dtaca le nascacht iarnróid.


Iompar de bhóthar


Chun nascacht de bhóthar a chinntiú tar éis Brexit gan mhargadh, tá a gceadú tugtha ag feisirí Eorpacha chomh maith le bearta chun a chinntiú go mbeadh cuideachtaí lastais agus oibreoirí cóiste nó bus in ann seirbhísí a chur ar fáil idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 mballstát. Tá na bearta seo faoi réir an choinníll go dtabharfaidh an rialtas in Westminster cearta coibhéiseacha do chuideachtaí ón Aontas Eorpach.


Slándáil shóisialta


Glacadh bearta reachtacha chomh maith chun cearta slándála sóisialaí shaoránaigh AE sa Ríocht Aontaithe agus shaoránaigh na Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach a chosaint. Bheadh feidhm acu maidir le sochar slándála sóisialaí a fuarthas roimh imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas.


Oideachas, taighde agus talmhaíocht


Ar an gcoinníoll go leanann an Ríocht Aontaithe dá cuid de bhuiséad AE a íoc, ba cheart go mbeadh taighdeoirí, mic léinn agus feirmeoirí ón tír in ann tacaíocht a fháil i rith 2020 ó chláir amhail Horizon 2020 agus Erasmus+ chomh maith le cláir in earnálacha na talmhaíochta agus na forbartha réigiúnaí.

An próiseas síochána i dTuaisceart Éireann


I vóta an 13 Márta 2019, thug feisirí Eorpacha a gceadú le togra an Choimisiúin Eorpaigh chun go bhféadfar leanúint de chistiú na gclár um chomhar críochach PEACE IV agus “An Ríocht Aontaithe – Éire” go dtí 2020 ar a laghad. Tacaíonn an dá chlár le comhar Thuaidh-Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Brexit in Éirinn: imní faoi theorainn chrua

Polasaithe iascaigh


Tá bearta glactha ag an Aontas chomh maith chun an tionchar a bheadh ag Brexit gan mhargadh ar iascach a mhaolú. Ar an gcoinníoll go dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe rochtain ar a huiscí do shóithí an Aontais Eorpaigh, tá nós imeachta simplí i bhfeidhm chun rochtain a thabhairt d’iascairí na Ríochta Aontaithe ar uiscí an Aontais. Bheadh feidhm ag na bearta seo go dtí an 31 Nollaig 2019 agus cheadófaí malartú cuótaí. Tar éis an chinnidh a rinne ceannairí an Aontais maidir le hAirteagal 50 a shíneadh, d’fhoilsigh an Coimisiún moladh nua i dtaca le síneadh ama a chur le bearta teagmhais.


Má chuirtear cosc ar shóithí iascaireachta ón Aontas Eorpach dul isteach in uiscí na Ríochta Aontaithe, bheadh siad i dteideal cúiteamh a fháil faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh.


Cosaint


Bheadh cuideachtaí ón Aontas Eorpach fós in ann earraí áirithe is féidir a úsáid chun críocha sibhialta agus míleata araon a onnmhairiú chuig an Ríocht Aontaithe.


Saoránaigh Eorpacha sa Ríocht Aontaithe


Ag brath ar a gcúinsí pearsanta, tá seans go mbeidh ar shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe cur isteach ar scéim lonnaithe roimh 31 Nollaig 2020 más mian leo fanacht sa tír. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, caith súil ar an suíomh seo de chuid rialtas na Ríochta Aontaithe.


Saoránaigh na Breataine san Aontas Eorpach


Ní mór do shaoránaigh na Ríochta Aontaithe a bhfuil cónaí orthu sa chuid eile den Aontas Eorpach teagmháil a dhéanamh le húdaráis an bhallstáit ina bhfuil siad ag cur fúthu. Braitheann socruithe Brexit ó thír AE go ceann eile.


Bearta nár cuireadh i gcrích go fóill


D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach moladh an 4 Meán Fómhair 2019 i dtaca le cúnamh airgeadais ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a thabhairt do na ballstáit AE is measa atá buailte ag Brexit. Caithfidh an Pharlaimint agus an Chomhairle a gceadú a thabhairt leis an moladh sular féidir leis teacht i bhfeidhm.


Foilsíodh moladh eile an Choimisiúin an lá céanna maidir le cúnamh ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a thabhairt d’oibrithe a chaileann a bpost mar gheall ar Brexit. Beidh ceadú na Parlaiminte agus na Comhairle ag teastáil sa chás seo chomh maith. Thug feisirí a gceadú leis an moladh i vóta an 22 Deireadh Fómhair.


Réimsí gan bhearta ar leith


I réimsí eile níl aon bhearta teagmhasacha i bhfeidhm chun teorainn a chur leis an dochar a bhainfeadh le Brexit neamhordúil.


Tugtar aitheantas ar fud an Aontais Eorpaigh do cheadúnas tiomána bailí atá eisithe ag aon cheann de na ballstáit. Tar éis imeacht na Breataine ón Aontas, ní bheidh feidhm aige seo i gcás tiománaithe ón Ríocht Aontaithe. Bheadh saoránaigh AE a bhfuil sé ar intinn acu tiomáint sa Ríocht Aontaithe teagmháil a dhéanamh le húdaráis ansin chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil a gceadúnas tiomána bailí.


A bhuí le rialacha comhoiriúnaithe AE maidir le taisteal peataí, tá cead agat do mhadra, do chat nó d’fhiréad a thabhairt ar saoire leat laistigh den Aontas Eorpach. Tar éis Brexit áfach ní bheidh an pas peata AE bailí sa Ríocht Aontaithe.


Leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte, tugtar rochtain do dhaoine ar chúram sláinte poiblí riachtanach nuair a bhíonn siad ar chuairt shealadach ar cheann de na ballstáit AE faoi na coinníollacha céanna atá i bhfeidhm maidir le hárachaithe na tíre sin agus ar an gcostas céanna. Tar éis Brexit, ní bheidh feidhm ag na rialacha seo i gcás taistil go dtí an Ríocht Aontaithe. Beidh ar shaoránaigh AE a bhfuil sé ar intinn acu taisteal go dtí an Ríocht Aontaithe a chinntiú go bhfuil árachas acu a chlúdaíonn na costais a bhaineann le cóir leighis ar an gcoigríoch.


Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thaisteal idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe tar éis Brexit.


Ról na Parlaiminte


Cé is moite de na rialacha maidir le cónaitheacht, ní thiocfaidh na bearta seo i bhfeidhm gan cheadú Pharlaimint na hEorpa; agus ní thiocfaidh aon chomhaontú Brexit i bhfeidhm gan cheadú Pharlaimint na hEorpa – áirítear an comhaontú um tharraingt siar agus aon chomhaontú ina leagfar amach an creat don chaidreamh a bheidh idir an Aontas agus an Riocht Aontaithe sa todhchaí.