Seacht ngrúpa pholaitiúla sa Pharlaimint reatha
Tá 705 fheisire tofa sa Pharlaimint reatha ó 27 mballstát de chuid an Aontais Eorpaigh. Baineann an chuid is mó de na feisirí le grúpa polaitiúil, a bhfuil seacht díobh ann faoi láthair.
Bhí na toghcháin Eorpacha ar siúl an 23-26 Bealtaine 2019. Suíonn feisirí Pharlaimint na hEorpa i ngrúpaí polaitiúla - ní eagraítear iad de réir náisiúntachta, ach de réir cleamhnachta polaitiúla. Tar éis na dtoghchán, bhí ar na feisirí úrthofa grúpa polaitiúil a roghnú.
De réir rialacha nós imeachta na Parlaiminte, chun grúpa polaitiúil a chur ar bun, is gá 25 fheisire agus ní mór ionadaíocht a bheith ag an gceathrú cuid ar a laghad de na ballstáit laistigh den ghrúpa. Ní fhéadfaidh feisire a bheith i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin.
Tá roinnt feisirí ann nach mbaineann le grúpa polaitiúil ar bith agus tugtar feisirí neamhcheangailte orthu. Sa Pharlaimint reatha (an 28 Feabhra 2020) is é líon na bhfeisirí neamhcheangailte ná 37.
Is féidir grúpaí a chruthú freisin ag tráth níos déanaí le linn théarma reachtach na Parlaiminte. Nuair a tháinig an Pharlaimint nua le chéile an 2 Iúil 2019, bhí seacht ngrúpa pholaitiúla ann. Nuair a chuirtear grúpa ar bun, caithfear fógra ina thaobh sin a thabhairt d’uachtarán na Parlaiminte trí ráiteas a dhéanamh ina sonraítear ainm an ghrúpa, a chomhaltaí agus a choiste riaracháin.
Bíonn ról tábhachtach ag na grúpaí polaitiúla agus clár oibre na Parlaiminte á shocrú agus tugtar níos mó ama labhartha d’fheisirí na ngrúpaí le linn díospóireachtaí. Is féidir le grúpaí polaitiúla foireann a fhostú agus tugtar saoráidí riaracháin don fhoireann sin, á gcistiú as buiséad na Parlaiminte. Bíonn ról ag na grúpaí polaitiúla freisin i mbunú na gcoistí parlaiminteacha agus na dtoscaireachtaí.
Seo a leanas na grúpaí polaitiúla atá ann sa Pharlaimint (mí na Samhna 2021):
Grúpa polaitiúil |
Cathaoirleach nó comhchathaoirligh |
Líon na bhfeisirí |
Manfred Weber (an Ghearmáin). Tá sé ina chathaoirleach ar Ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh ó 2014. |
179 |
|
Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe |
Iratxe García (an Spáinn). Is feisire Eorpach í ó 2004. |
146 |
Stéphane Séjourné(an Fhrainc). Toghadh é ina fheisire Eorpach don chéad uair i dtoghcháin 2019. |
98 |
|
Is iad na comhchathaoirligh ná Ska Keller (an Ghearmáin) agus Philippe Lamberts (an Bheilg). Tá Keller ina fheisire Eorpach ó 2009 agus tá Lamberts ina fheisire ó 2014. |
70 |
|
Marco Zanni (an Iodáil), feisire Eorpach ó 2014. |
73 |
|
Is iad na comhchathaoirligh ná Ryszard Legutko (an Pholainn) agus Raffaele Fitto (an Iodáil). Toghadh Legutko ina fheisire Eorpach sa bhliain 2009. Bhí Fitto ina fheisire ó 1999 go 2000, agus arís ó 2014. |
63 |
|
Is iad Manon Aubry (an Fhrainc) agus Martin Schirdewan (an Ghearmáin) comhchathaoirligh an ghrúpa. |
39 |
Tuilleadh faisnéise faoi na grúpaí polaitiúla ar fáil trí chliceáil anseo.