Fíricí agus figiúirí: an Pharlaimint nua 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Caith súil ar an ngrafaic chun tuilleadh a fhoghlaim faoin bParlaimint nua  

Tháinig an Pharlaimint úrthofa le chéile don chéad uair in Strasbourg an 2 Iúil. Ach cén chuma atá uirthi? Caith súil ar an alt seo!

Tháinig 51% de thoghthóirí incháilithe an Aontais amach le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha an 23-26 Bealtaine, an ráta vótála is airde le 25 bliana anuas agus an chéad mhéadú ar an ráta vótála ó bhí na chéad toghcháin ann siar in 1979.


Tháinig na feisirí Eorpacha nua le chéile don chéad uair in Strasbourg ag tús mhí Iúil. Is feisirí nua iad 61% de na daoine a toghadh i dtoghcháin na Bealtaine. Is mná iad 41% d’fheisirí Pharlaimint na hEorpa (i gcomparáid le 36.5% roimh na toghcháin). Tá méadú tagtha ar líon na mban sa Pharlaimint i ngach toghchán ó bhí na chéad dírthoghcháin Eorpacha ann 40 bliain ó shin.


Is í meán-aois na bhfeisirí ná 49.5 mbliana d’aois, i gcomparáid le 53 bliana d’aois tar éis thoghcháin 2014. Tá an feisire is óige - Kira Marie Peter-Hansen ón Danmhairg - 21 bhliain d’aois. Is é Silvio Berlusconi ón Iodáil an feisire is sine, tá seisean 82 bhliain d’aois.


Tá 190 páirtithe náisiúnta ionadaithe sa Pharlaimint nua. Suíonn feisirí Pharlaimint na hEorpa i ngrúpaí polaitiúla áfach - ní eagraítear iad de réir náisiúntachta, ach de réir cleamhnachta polaitiúla. Nuair a tháinig an Pharlaimint nua le chéile an 2 Iúil, bhí seacht ngrúpa pholaitiúla ann.