Tosaíochtaí na ngrúpaí parlaiminteacha: Renew Europe 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Grúpa nua i bParlaimint na hEorpa is ea Renew Europe, an tríú fórsa polaitiúil is mó sa seomra tionóil.

Tháinig thart ar 200 milliún Eorpach amach le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha an 23-26 Bealtaine, an ráta vótála is airde le 25 bliana anuas. Thug na toghcháin deis do vótálaithe tionchar a imirt ar chúrsaí polaitíochta san Aontas Eorpach nuair a thogh siad feisirí Eorpacha chun seasamh ar son a leasa go ceann cúig bliana.


Tar éis na dtoghchán, tháinig na feisirí le chéile i bhfoirm grúpaí polaitiúla. Sna grúpaí sin, bíonn feisirí ó bhallstáit éagsúla bunaithe ar a gcleamhnachtaí polaitiúla. Chun go mbeadh stádas foirmiúil ag grúpa polaitiúil, ní mór go mbeadh ar a laghad 25 fheisire ann agus iadsan tofa in ar a laghad an ceathrú cuid de na ballstáit.


Renew Europe


Cuireadh an grúpa Renew Europe ar bun tar éis na dtoghchán i mBealtaine 2019, glacann sé áit an tseanghrúpa ALDE. Agus 108 feisire ann, tá Renew Europe ar an tríú fórsa polaitiúil is mó i bParlaimint na hEorpa. Tagann feisirí an ghrúpa ó 22 bhallstát AE, i measc na bpáirtithe náisiúnta atá ionadaithe sa ghrúpa tá Fianna Fáil.


Toghadh iar-phríomh aire na Rómáine Dacian Cioloș ina chathaoirleach ar an ngrúpa i Meitheamh 2019: “Is grúpa polaitíochta an láir muid i bParlaimint na hEorpa, dírithe go láidir ar shaoránaigh, luachanna a chosaint amhail saoirse, cearta an duine, rathúnas san Eoraip, inbhuanaitheacht san Eoraip agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta chothrom.”


Is baill de Renew Europe iad beirt de 14 leas-uachtarán na Parlaiminte agus triúr de chathaoirligh na gcoistí parlaiminteacha.