Grafaic faisnéise: mar a dtoghann feisirí na Parlaiminte an Coimisiún Eorpach nua 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

I mí Bealtaine thogh níos mó ná 200 milliún Eorpach feisirí nua na Parlaiminte. Anois déanfaidh na feisirí sin grinnscrúdú ar na coimisinéirí ainmnithe in éisteachtaí poiblí sa Pharlaimint.

Nuair a chaith níos mó ná 200 milliún Eorpach vóta sna toghcháin Eorpacha an 23-26 Bealtaine, thug siad mandáid láidir don Pharlaimint nua. Ba iad toghcháin na Bealtaine an chéad chéim i bpróiseas athraithe sna hinstitiúidí Eorpacha. Buaicphointe na n-athruithe sin ná toghadh fheidhmeannas an Aontais Eorpaigh: an Coimisiún Eorpach.


Táthar ag súil leis go gcuirfear tús le tréimhse oifige na gcoimisinéirí nua an 1 Samhain, ach ní tharlóidh sin ach amháin má éiríonn le coláiste na gcoimisinéirí tromlach na vótaí a bhaint amach i vóta iomlánach de chuid na Parlaiminte.


Dlisteanacht


Roimh don Pharlaimint an cinneadh sin a dhéanamh agus bonn an chirt a chur faoin gCoimisiún – an dlisteanacht a bheidh ag teastáil aige chun a chuid oibre a dhéanamh sna cúig bliana amach romhainn – déanfaidh feisirí Eorpacha grinnscrúdú ar na coimisinéirí ainmnithe ar fad agus ar a n-oiriúnacht don phost.


Tionólfar na héisteachtaí poiblí seo an 30 Meán Fómhair – 8 Deireadh Fómhair. Tá tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas ar fáil sa ghrafaic faisnéise thíos.

Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim  

Cumas na gcoimisinéirí


An aidhm atá leis na héisteachtaí ná deis a thabhairt d’fheisirí Eorpacha grinnscrúdú a dhéanamh ar chumas agus ar inniúlachtaí na gcoimisinéirí ainmnithe. Déanfaidh feisirí measúnú ar bhuanna pearsanta na n-iarrthóirí agus ar na smaointe atá acu i dtaca le dul chun cinn a dhéanamh – ar mhaithe le saoránaigh na hEorpa – sa réimse beartais a sannadh dóibh.


Uaireanta, mar gheall ar na héisteachtaí parlaiminteacha, bíonn ar choimisinéir ainmnithe a iarrthóireacht nó a hiarrthóireacht a aistarraingt, nó caithfear a chúraimí nó a curaimí a athrú. Siar in 2014, mar shampla, d'aistarraing Alenka Bratušek a hiarrthóireacht do phost an choimisinéara um fhuinneamh tar éis di drochmheastóireacht a fháil ó na coistí parlaiminteacha. Sa bhliain 2010, tharla an rud céanna i gcás iarrthóir na Bulgáire, Rumiana Jeleva.


Tuilleadh faisnéise faoi na héisteachtaí parlaiminteacha ar fáil ar an leathanach seo.