Duais Sakharov 2019: cé hiad na hiomaitheoirí don duais i mbliana?

Tagann siad ó chúlraí éagsúla ach tá siad uilig tiomanta do chearta daonna a chur chun cinn. Roghnaíodh na hiomaitheoirí do Dhuais Sakharov na Parlaiminte an 8 Deireadh Fómhair 2019.

The finalists for this year’s Sakharov Prize are: Marielle Franco, Chief Raoni and Claudelice Silva dos Santos; The Restorers; Ilham Tohti. (© AP Images / Ellis RUA; © Jeff Pachoud / AFP;  © Senado Federal do Brasil; © Restorers;© AP Images / Andy WONG)
Iomaitheoirí 2019 (© AP Images / Ellis RUA; © Jeff Pachoud / AFP; © Senado Federal do Brasil; © Restorers;© AP Images / Andy WONG)

Rinneadh na hainmniúcháin do Dhuais Sakharov 2019 a fhógairt an 8 Deireadh Fómhair tar éis vóta sna coistí um ghnóthaí eachtracha agus um fhorbairt. Sa bhabhta ceannais i mbliana tá The Restorers, grúpa mac léinn ón gCéinia; Marielle Franco, Raoni Metuktire agus Claudelice Silva dos Santos; agus Ilham Tohti, eacnamaí Uigiúrach a bhíonn ag troid ar son mhionlach na nUigiúrach sa tSín.


Cuirfear an gearrliosta de thriúr iarrthóirí faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán i gcomhair vóta chríochnaithigh an 24 Deireadh Fómhair. Tá Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa David Sassoli agus de chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Bronnfar an Duais ag searmanas sa Pharlaimint in Strasbourg an 18 Nollaig.


Tuilleadh faisnéise anseo faoi na hiomaitheoirí:


  • The Restorers, grúpa mac léinn ón gCéinia: Stacy Owino, Cynthia Otieno, Purity Achieng, Mascrine Atieno agus Ivy Akinyi. D’fhorbair siad i-Cut, aip a chabhraíonn le cailíní deileáil le ciorrú ball giniúna ban. Leis an bhfeidhmchlár seo, tugtar cúnamh do mhná óga i dtaca le hionad tarrthála a aimsiú nó an coir a thuairisciú.

  • Marielle Franco, gníomhaí polaitiúil agus cosantóir ar chearta an duine. Feallmharaíodh in Rio de Janeiro í i Márta 2018. Bean ghorm, dhéghnéasach a rugadh i favela (sna slumaí), bhí clú agus cáil uirthi as an obair a rinne sí ar son chearta daoine óga gorma, na mban, áitritheoirí na slumaí agus daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha. Claudelice Silva dos Santos, gníomhaí timpeallachta agus gníomhaí ar son chearta an duine. Chuir sí tús lena cuid gníomhaíochais tar éis mharú brúidiúil a dearthár agus a deirféar céile mar gheall ar a n-iarrachtaí dífhoraoisiú i bhforaois bháistí na hAmasóine a chomhrac. Tá aithne mhaith uirthi as a seasamh i gcoinne lománaíochta, rainseoireachta agus táirgeadh guail atá ar siúl go neamhdhleathach i réigiún Praia-Alta Piranheira. Raoni Metuktire, pearsa siombalach sa chomhrac i gcoinne an dhífhoraoisithe i réigiún na hAmasóine. Tá sé ar cheann de cheannairí an phobail Kayapo agus tá a shaol caite aige ag troid ar son chearta na ndúchasach agus chaomhnú na hAmasóine.

  • Ilham Tohti, eacnamaí Uigiúrach a bhíonn ag troid ar son mhionlach na nUigiúrach sa tSín. Tá sé ar dhuine den dream is mó atá i bhfách le cur i bhfeidhm dlíthe maidir le féinriar réigiúnach sa tSín. Gearradh príosún saoil air sa bhliain 2014 ar chúisimh a bhain le scarúnachas. In ainneoin sin, ionadaí láidir ar son na measarthachta agus an athmhuintearais is ea é i gcónaí.
Sakharove Prize - How is the laureate chosen?
Grafaic faisnéise: Conas a roghnaítear an buaiteoir?

Cúlra na Duaise


Bunaíodh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta sa bhliain 1988 in onóir Andrei Sakharov, an t-eolaí núicléach Rúiseach agus gníomhaíoch ar son chearta an duine, agus is ionann í agus an comhartha ómóis is mó a bhronnann an tAontas Eorpach d’iarrachtaí ar son chearta an duine. Tugtar aitheantas agus tacaíocht mhorálta léi do na buaiteoirí a ghlacann misneach agus a théann ó neart go neart agus iad ag troid ar son a gcúiseanna. Bronnadh Duais 2018 ar Oleg Sentsov, stiúrthóir scannán Úcránach; gearradh 20 bliain príosúnacht air i gcúisimh a bhain le “gníomhartha sceimhlitheoireachta a bheartú” in aghaidh riail “de facto” na Rúise sa Chrimé. Dámhadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2017 ar ionadaithe an fhreasúra dhaonlathaigh i Veiniséala.