Verhofstadt: ‘An rud is measa a d’fhéadfadh titim amach ná Breatimeacht gan mhargadh’

In agallamh beo ar Facebook, dúirt an comhordaitheoir Brexit Guy Verhofstadt go bhfuil gá le tarraingt siar ordúil chun a chinntiú nach mbeidh foréigean ann arís ar oileán na hÉireann.

LIVE interview with Guy Verhofstadt (ALDE, BE), the European Parliament’s Brexit Coordinator
Agallamh beo le Guy Verhofstadt an 22 Deireadh Fómhair 2019

San agallamh ar leathanach Facebook Pharlaimint na hEorpa, labhair an feisire Beilgeach faoin gcomhaontú Brexit athbhreithnithe a thángthas air an 17 Deireadh Fómhair 2019: “Leis an gcomhaontú seo, cosnaítear an margadh inmheánach, agus seachnaítear teorainn chrua ar oileán na hÉireann mar go ndéanfar na rialuithe lasmuigh de chríocha an oileáin agus mar go mbeidh an chuid is mó de rialacha an Aontais Eorpaigh infheidhme i dTuaisceart Éireann.”


Beidh ceadú Pharlaimint na hEorpa ag teastáil sular féidir le haon chomhaontú Brexit teacht i bhfeidhm. Maidir leis an teorainn in Éirinn, dúirt an tUasal Verhofstadt: “Ní ghlacfaimid le réiteach ar cheist na hÉireann lena mbunófar teorainn. Chomh luath agus a bheidh teorainn ann ar an oileán arís, bheadh foréigean ann arís, rud atá feicthe againn san am atá thart.”


Sula gcuirfear an comhaontú chun vóta i bParlaimint na hEorpa, caithfear é a chur chun vóta i bparlaimint na Ríochta Aontaithe: “Tá ceadú pharlaimint na Breataine ag teastáil. Nuair a bheidh an próiseas sin críochnaithe, tiocfaidh sé chuig Parlaimint na hEorpa. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa mionscrúdú ar an gcomhaontú agus tabharfaidh sí a ceadú faoi dheireadh.”

LIVE interview with Guy Verhofstadt (ALDE, BE), the European Parliament’s Brexit Coordinator
Comhordaitheoir Brexit na Parlaiminte Guy Verhofstadt i mbun agallaimh in Strasbourg

Chuir an comhordaitheoir Brexit in iúl go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfar cearta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh sa Ríocht Aontaithe a ráthú. Thug sé le fios go bhfuil roinnt fadhbanna ann i gcónaí, mar shampla níl a dhóthain cabhrach á fáil ag saoránaigh AE chun an páipéarachas atá de dhíth a líonadh amach: “Tá go leor daoine ann nach ndéanann iarratas mar níl siad ar an eolas faoi na nósanna imeachta seo agus tá an baol ann go ndíbreofar iad.”


Ag cruinniú an 28 Deireadh Fómhair, d’aontaigh an tAontas Eorpach síneadh a chur leis an tréimhse faoi Airteagal 50 go dtí an 31 Eanáir 2020. San agallamh an 22 Deireadh Fómhair, dúirt Verhofstadt: “An rud is measa a d’fhéadfadh titim amach ná Breatimeacht gan mhargadh. Tubaiste a bheadh ann, ní amháin don Bhreatain, ach do chuideachtaí agus do mhuintir an Aontais Eorpaigh chomh maith. Mar sin, táim ag súil leis go mbeidh síneadh ann.”


Dúirt sé freisin: “Má dhéanann an Ríocht Aontaithe an comhaontú reatha a dhiúltú, níor cheart an síneadh a cheadú ach faoi choinníollacha ar leith. Sa chás sin déarfaimis nach féidir linn síneadh a thabhairt ach má tá bealach ann chun an ghéarchéim seo a réiteach, mar shampla cinneadh ar thaobh na Breataine i dtaca le toghchán nó reifreann nua a reáchtáil. Ní cheadóimid síneadh gan chúis. Caithfidh siad cinneadh a dhéanamh maidir le bealach a fháil as an ngéarchéim seo.”