An chéad chéim eile: todhchaí an chaidrimh leis an Ríocht Aontaithe

Ní hionann Brexit agus deireadh an chomhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Tá comhchainteanna ar siúl faoi láthair maidir le todhchaí an chaidrimh idir an dá pháirtí.

Brexit concept image: flags of UK and EU combined over a photo of London
D'fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020

Agus go leor de na dúshláin chéanna roimh an Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe —fadhbanna amhail an ghéarchéim aeráide agus an sceimhlitheoireacht — déanann comhar idir an dá pháirtí ciall.


Tar éis vóta sa Pharlaimint ag deireadh mhí Eanáir 2020, tháinig an comhaontú um tharaingt siar i bhfeidhm agus d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas ag meán oíche an 31 Eanáir. Sa chomhaontú um tharraingt siar, déantar saoránaigh AE sa Ríocht Aontaithe agus saoránaigh na Ríochta Aontaithe i mballstáit eile AE a chosaint, chomh maith lena dteaghlaigh. Tá forálacha ann chomh maith maidir leis na gealltanais airgeadais atá tugtha ag an Ríocht Aontaithe agus maidir leis an teorainn ar oileán na hÉireann.


Comhaontú maidir leis an gcaidreamh amach anseo


Cuireadh tús leis an idirthréimhse an 1 Feabhra agus tiocfaidh sé chun deiridh ag deireadh mhí na Nollag 2020. Caithfear aon chomhaontú maidir le todhchaí an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a chur i gcrích faoin am sin má tá sé le teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.


Beidh ar Pharlaimint na hEorpa aon chomhaontú maidir leis an gcaidreamh sa todhchaí a cheadú. In aon chomhaontú maidir le todhchaí an chaidrimh, beidh forálacha maidir le cúrsaí cosanta, an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, cúrsaí comhshaoil, taighde, oideachas agus araile.

Beidh na coinníollacha agus na prionsabail don chaidreamh trádála idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain go mór chun tosaigh sna comhchainteanna chomh maith. Tiocfaidh ceisteanna amhail taraifí, caighdeán táirgí, cothrom na Féinne agus réiteach díospóidí chun cinn.


Cearta na saoránach

Cosnaítear cearta saoránach sa chomhaontú um tharraingt siar. Leanfar den cheart chun cónaithe atá ag saoránaigh AE sa Ríocht Aontaithe agus ag saoránaigh na Breataine san Aontas Eorpach, ach tá nithe eile fós le socrú, mar shampla an tsaorghluaiseacht agus cúram sláinte i gcás shaoránaigh an Aontais sa Ríocht Aontaithe.

An amlíne

I rith na hidirthréimhse go dtí deireadh mhí na Nollag 2020, fanfaidh an Ríocht Aontaithe sa mhargadh aonair agus beidh ar an tír cloí le reachtaíocht AE gan a bheith páirteach i bpróiseas reachtach an Aontais. Leanfar de ranníocaíochtaí na Ríochta Aontaithe le buiséad AE ach ní bheidh an tír páirteach san idirbheartaíocht maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais.


D’fhéadfaí síneadh amháin - ar feadh 1-2 bhliain - a chur leis an idirthréimhse, ach caithfear cinneadh a dhéanamh faoi sin roimh an 1 Iúil. Mura dtagann an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach ar chomhaontú roimh dheireadh na hidirthréimhse, déanfar trádáil idir an dá pháirtí ar bhonn rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.


Tuilleadh léitheoireachta: Bearta na Parlaiminte chun tionchar Brexit gan mhargadh a mhaolú


Mar a fheidhmeoidh na comhchainteanna

 

Beidh Michel Barnier i gceannas ar fhoireann idirbheartaíochta an Aontais Eorpaigh. Leanfaidh Parlaimint na hEorpa a chuid oibre go dlúth, agus sna rúin a ghlacann sí, leanfaidh sí de thionchar a bheith aici ar na comhchainteanna.


Rachaidh Grúpa Comhordaithe na Ríochta Aontaithe, faoi cheannas chathaoirleach an choiste um ghnóthaí eachtracha David McAllister (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Ghearmáin), i mbun plé le tascfhórsa Michel Barnier, agus oibreoidh sé i gcomhar leis an gcoiste um ghnóthaí eachtracha agus leis an gcoiste um thrádáil idirnáisiúnta agus leis na coistí inniúla eile ar fad.


Beidh ar Pharlaimint na hEorpa aon chomhaontú maidir leis an gcaidreamh sa todhchaí a cheadú. Má dhéantar tagairt sa chomhaontú d’inniúlachtaí a roinneann an tAontas Eorpach leis na ballstáit, beidh ar pharlaimintí náisiúnta é a dhaingniú chomh maith.


Seasamh na Parlaiminte


I rún an 18 Meán Fómhair 2019, chuir feisirí Eorpacha in iúl go mbeidh gá le cosaintí láidre agus le forálacha cothroime iomaíochta sna caibidlíochtaí maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, d’fhonn margadh inmheánach AE a chosaint, agus chun go seachnófar gnólachtaí AE a bheith á gcur faoi mhíbhuntáiste éagórach ó thaobh na hiomaíochta de. Thug siad le fios chomh maith nach ndéanfadh Parlaimint na hEorpa daingniú ar aon chomhaontú saorthrádála a mhainníonn leibhéil chosanta den sórt sin a urramú.

I rún an 12 Feabhra 2020, d’éiligh Eorpacha comhaontú cuimsitheach a bhfuil cothrom na Féinne ann, arna ráthú trí ghealltanais láidre agus comhaontú maidir le hiascach.


Dúirt David McAllister, cathaoirleach Ghrúpa Comhordaithe na Ríochta Aontaithe, i ráiteas an 29 Bealtaine: “Ní cheadóidh an Pharlaimint comhaontú nach gcuimsíonn forálacha maidir le cothrom na Féinne, cearta bunúsacha, rialachas láidir agus creat seasmhach maidir le hiascach.”


D’fhreastal Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli an 15 Meitheamh ar fhíschomhdháil maidir leis an idirbheartaíocht le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Boris Johnson, Uachtarán na Comhairle Eorpaí Charles Michel agus Uachtarán an Choimisiúin Ursula Von der Leyen. Eisíodh comhráiteas i ndiaidh na comhdhála.


An 18 Meitheamh, chuir feisirí in iúl gur oth leo, tar éis ceithre bhabhta caibidlíochta, nach raibh aon fhíordhul chun cinn bainte amach, agus go raibh éagsúlachtaí suntasacha ann idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.


An 9 Meán Fómhair, chuir rialtas Westminster bille síos (an Bille um Margadh Inmheánach na Ríochta Aontaithe) lena ndéanfaí, dá nglacfaí é, an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a shárú.


An 11 Meán Fómhair, chuir Grúpa Comhordaithe na Ríochta Aontaithe agus ceannairí na ngrúpaí polaitiúla a n-imní in iúl faoin bhille um mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe atá beartaithe ag rialtas Boris Johnson. D’éiligh siad go ndéanfaí an comhaontú um tharraingt siar – lena n-áirítear an prótacal maidir le hÉireann/Tuaisceart Éireann – a chur chun feidhme go hiomlán. Maidir leis an idirbheartaíocht, dúradh sa ráiteas go bhfuil an Pharlaimint tiomanta do chomhaontú uaillmhianach a chaibidliú maidir leis an chaidreamh leis an Ríocht Aontaithe amach anseo.


An 1 Deireadh Fómhair, sheol an Coimisiún Eorpach litir fógra fhoirmiúil chuig an Ríocht Aontaithe maidir le sárú a hoibleagáidí faoin gcomhaontú um tharraingt siar.


An 8 Deireadh Fómhair, thacaigh feisirí le dá thogra maidir le Tollán Mhuir nIocht, chun a áirithiú go mbeidh an tollán ar fad – ar chríoch na Fraince agus na Ríochta Aontaithe araon – faoi rialú aonair nuair a dhéanfar tríú tír den Ríocht Aontaithe.


Ag labhairt dó ag cruinniú mullaigh na Comhairle Eorpaí an 15 Deireadh Fómhair, dúirt Uachtarán na Parlaiminte: “Bhí an tAontas an-soiléir ó thús faoi cé na bunphrionsabail a bhí againn sna caibidlíochtaí seo agus faoi na saincheisteanna ar ina leith ba ghá réiteach a aimsiú. Is é atá uainn ná comhaontú cuimsitheach atá dírithe ar iomaíocht shaor agus chóir, réiteach cothrom agus fadtéarmach i leith iascach, agus sásra urrúnta chun urraim do na rialacha a ráthú.”


Chuir sé in iúl go bhfuil sé de rún ag an Aontas leanúint den chaibidlíocht go dtí an nóiméad deiridh ach go bhfuil sé “buartha faoin easpa soiléireachta atá ann de pháirt na Ríochta Aontaithe agus sinn ag teannadh le deireadh na bliana”. A mhéid a bhaineann leis an gcomhaontú um tharraingt siar, dúirt an tUachtarán go bhfuil an tAontas ag súil leis go gcomhlíonfaidh rialtas Westminster “na gealltanais a rinne an dá thaobh a chaibidil go cúramach agus a dhaingniú” mar “is é atá idir dhá cheann na meá ná síocháin agus cobhsaíocht ar oileán na hÉireann agus cosaint Chomhaontú Aoine an Chéasta”.


I ndíospóireacht an 21 Deireadh Fómhair, leag feisirí béim ar a thábhachtaí atá sé teacht ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe nach dtiocfaidh salach ar leasanna ná ar luachanna AE. Dúirt Príomh-Idirbheartaí an Aontais Michel Barnier go leanfaidh an tAontas sa tóir ar mhargadh a théann chun tairbhe don dá thaobh: “Fanfaimid socair, dearfach agus measúil, ach beimid diongbháilte agus tiomanta maidir le prionsabail agus leasanna na mballstát ar fad agus an Aontais féin a chosaint.”

Comhaontú trádála agus comhair


An 24 Nollaig 2020, tháinig idirbheartaithe an Aontais ar shocrú leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhaontú trádála agus comhair. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2021.


I vóta an 28 Aibreán 2021, d’fhormheas tromlach mór fheisirí na Parlaiminte an comhaontú comhair agus trádála leis an Ríocht Aontaithe. Ag labhairt dó tar éis an vóta, dúirt an tUachtarán Sassoli go ndéanann an comhaontú “go leor de na hiarmhairtí is measa a bhaineann le Brexit a mhaolú”. Sa vóta iomlánach chuir feisirí i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí an comhaontú um tharraingt siar a chur chun feidhme go hiomlán chun an próiseas síochána i dTuaisceart Éireann a chosaint agus teorainn chrua a sheachaint. Chuir feisirí in iúl gur cúis mhór imní dóibh an teannas a bhí ann i dTuaisceart Éireann le déanaí agus mheabhraigh siad go bhfuil an tAontas Eorpach ar cheann de phríomhchaomhnóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus go bhfuil sé meáite ar é a chosaint


Tháinig an comhaontú trádála agus comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

Tuilleadh eolais