Sassoli: ‘Tá deis againn anois an Eoraip a athdhearadh agus í a dhéanamh níos cothroime’

Ag cruinniú físchomhdhála na Comhairle Eorpaí an 19 Meitheamh, d’iarr Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli ar cheannairí AE bearta a ghlacadh chun tacú leis an téarnamh iar-ghéarchéime.

European Parliament President Sassoli to EUCO: Next Generation EU is the essential basis for negotiations
Cruinniú físchomhdhála na Comhairle Eorpaí an 19 Meitheamh 2020

Ag an gcruinniú físchomhdhála rinne ceannairí na mballstát plé ar thogra an Choimisiúin i dtaca le ciste téarnaimh mar fhreagairt ar ghéarchéim an choróinvíris agus buiséad fadtéarmach nua don Aontas. Ag labhairt dó ag tús an chruinnithe, chuir an tUachtarán Sassoli i bhfáth ar chomhaltaí na Comhairle a phráinní atá sé go gníomhóidh an tAontas: “Caithfimid gníomhú go práinneach agus go misniúil, mar tá freagairt láithreach ag teastáil ó mhuintir, ó ghnólachtaí agus ó gheilleagair an Aontais Eorpaigh. Tá saoránaigh an Aontais ag súil le bearta misniúla. Anois, tá sé in am dúinn réitigh a chur ar fáil.”


‘Níor cheart ualach a chur ar na glúnta atá le teacht’


D’eisigh an Coimisiún Eorpach togra an mhí seo caite le haghaidh ciste téarnaimh agus buiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021-2027. Chuir an tUachtarán Sassoli in iúl gur plean “uaillmhianach” atá ann ach nach bhfuil ann ach an tús. Dúirt sé chomh maith nár cheart iasachtaí a eisiúint mar chuid de na pleananna téarnaimh: “Ba mhian leis an bParlaimint a chur i bhfáth gur chóir aon fhiacha coiteanna a eiseofar a aisíoc go féaráilte, gan ualach a chur ar na glúnta atá le teacht.”


Dúirt sé chomh maith: “Trí thacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm iasachtaí amháin, ná déanaimis dearmad go mbeadh tionchar éagothrom aige sin ar fhiachas na mballstát ar leith, agus bheadh sé níos costasaí ar an Aontas trí chéile. Tá deis againn anois an Eoraip a athdhearadh agus í a dhéanamh níos cothroime, níos glaise agus níos réamhbhreathnaithí. Chuige sin, caithfear an deis a thapú agus ciseán d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach.”


‘Réamhriachtanas bunúsach’


A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse nua, thug an tUasal Sassoli le fios arís nach dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú don bhuiséad fadtéarmach nua gan comhaontú a bheith ann i dtaobh foinsí ioncaim nua. “Réamhriachtanas bunúsach” atá ann, dúirt sé. D’áitigh sé chomh maith go gcaithfear a chur in a luí ar mhuintir na hEorpa go mbaineann luach leis an Aontas Eorpach agus go bhfuil sé ar chumas an Aontais réitigh a chur ar fáil a dhéanann difear dóibh.


Labhair an tUachtarán freisin faoi na comhchainteanna atá ar siúl i láthair na huaire maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe amach anseo: “Beimid meáite ar chomhaontú uaillmhianach, uileghabhálach agus cuimsitheach a fháil a bheidh ar aon dul leis na gealltanais chomhpháirteacha atá sa dearbhú polaitiúil. Sin an toradh is fearr a d’fhéadfadh a bheith ann don dá thaobh agus, in ainneoin an t-am a bheith gann, le dea-thoil agus le diongbháilteacht, tá sé fós indéanta.”