Uachtarán na Parlaiminte: ‘Is ríléir cá háit ar cheart dúinn infheistiú’ 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

David Sassoli i láthair ag cruinniú mullaigh sa Bhruiséil an 17 Iúil 2020  

Ag cruinniú mullaigh sa Bhruiséil an 17 Iúil 2020, leag Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli amach seasamh na bhfeisirí maidir le buiséad an Aontais don tréimhse 2021-2027.

Déanfaidh comhaltaí na Comhairle Eorpaí an buiséad fadtéarmach agus an plean téarnaimh mar fhreagairt ar phaindéim Covid-19 a phlé ag cruinniú mullaigh sa Bhruiséil an 17-18 Iúil. Ag labhairt dó ag tús an chruinnithe sin, leag an tUachtarán David Sassoli amach seasamh na Parlaiminte maidir leis an mbuiséad agus an bplean téarnaimh atá molta ag an gCoimisiún Eorpach: “Beidh ról ríthábhachtach ag na cainteanna a bheidh againn agus ag na cinntí a bheidh le déanamh againn in atógáil an Aontais seo againn sna blianta amach romhainn.”


‘Freagrachtaí agus dualgais nua’


Chuir sé in iúl go gcaithfidh an plean téarnaimh geilleagar na hEorpa a athrú ó bhonn agus aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí atá ag méadú: “Leis an bpaindéim seo, tugadh roinnt freagrachtaí agus dualgas nua dúinn: an fhreagracht atá orainn cinntí a dhéanamh, agus an dualgas na cinntí sin a dhéanamh ar mhaithe le gach duine agus ní hamháin do dhream beag. Más é sin an treoir atá againn, is ríléir cá háit ar cheart dúinn infheistiú: sa gheilleagar glas, i gcúram sláinte, san oideachas agus i gcearta digiteacha, daonlathacha agus sóisialta.”


D’eisigh an Coimisiún Eorpach togra an mhí seo caite le haghaidh ciste téarnaimh agus buiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021-2027. Chuir an tUachtarán i bhfáth go dtacaíonn an Pharlaimint leis an leibhéal maoinithe atá i dtogra an Choimisiúin agus leis an miondealú a mholtar idir iasachtaí agus deontais. D’iarr an tUasal Sassoli ar na ceannairí áfach ciseán d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach agus deireadh a chur leis na lacáistí atá ag ballstáit áirithe, rud atá “mífhéaráilte agus deacair a dhlisteanú” dar leis.


‘Ná fágaimis an tAontas ina uathmheaisín bainc uile-Eorpach’


Chuir sé i gcuimhne do na ceannairí rialtais agus stáit go mbeidh ceadú na Parlaiminte ag teastáil má tá an buiséad le teacht i bhfeidhm, agus dúirt sé go mbeadh sé “doshamhlaithe” má fhágtar an Pharlaimint ar an imeall agus AE ag teacht ar chomhaontú maidir leis an mbuiséad: “Ní dhéanfaidh an Pharlaimint an creat airgeadais ilbhliantúil a cheadú ach amháin má chomhlíontar na tosaíochtaí a luaigh mé inniu.”


Dúirt sé gur chuir togra Uachtarán na Comhairle Charles Michel maidir leis an mbuiséad “díomá” air: “Má tá téarnamh le bheith ann, beidh maoiniú seasta, fadtéarmach ag teastáil.” Leag sé béim chomh maith ar thábhacht na dlúthpháirtíochta le linn na géarchéime reatha: “D’fhás an Eoraip le chéile agus í bunaithe ar chomhluachanna. Ná fágaimis an tAontas ina uathmheaisín bainc uile-Eorpach.”