An smacht reachta: éilíonn feisirí sásra chun luachanna agus buiséad AE a chosaint 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

Tá an smacht reachta ar cheann de bhunluachanna an Aontais ©Helmutvogler /Adobe Stock  

Tá gá le sásra AE chun an smacht reachta agus buiséad an Aontais a chosaint i gcás ina dteipeann go leanúnach ar bhallstáit bunluachanna AE a urramú.

I ndíospóireachtaí iomlánacha an 5 Deireadh Fómhair 2020, thug feisirí Eorpacha rabhadh go bhfuil luachanna Eorpacha i mbaol, agus dúirt siad nár chóir maoiniú ón bhuiséad fadtéarmach agus ón phlean téarnaimh Covid-19 a thabhairt dóibh siúd nach bhfuil an daonlathas agus cearta bunúsacha á n-urramú acu.


I rún an 7 Deireadh Fómhair, d’éiligh feisirí go neartófaí an smacht reachta ar fud na hEorpa trí bhíthin sásra úr agus smachtbhannaí éifeachtacha ar thíortha a sháraíonn í. D’iarr siad ar institiúidí an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le rialacha soiléire a shonróidh go gcaithfear cloí leis an smacht reachta chun maoiniú AE a fháil.


Cad é an smacht reachta?


De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá an smacht reachta ar cheann de bhunluachanna an Aontais. Ciallaíonn sí go gcaithfidh rialtais cloí leis an dlí, nach dtig leo cinntí aondeonacha a dhéanamh, agus gur chóir go bhfuil saoránaigh in ann bearta a rialtais a cheistiú os comhair cúirteanna neamhspleácha. San Airteagal luaitear gnéithe tábhachtacha eile amhail an comhrac i gcoinne na caimiléireachta agus an tábhacht a bhaineann le saoirse na meán.


Tá uirlisí ar fáil ag an Aontas cheana féin chun an smacht reachta a chosaint. An 30 Meán Fómhair, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an chéad thuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta, a dhéanann monatóireacht ar fhorbairtí suntasacha a bhaineann leis an smacht reachta sna ballstáit, bíodh siad dearfach nó diúltach. Pléitear an smacht reachta sa Chomhairle go minic chomh maith.


Má tá an Coimisiún den bharúil go bhfuil dlí an Aontais á shárú ag ballstát, tig leis imeachtaí um shárú a thionscnamh ina aghaidh, agus má éiríonn leis, tig leis an Chúirt Bhreithiúnais smachtbhannaí airgeadais a shocrú. Faoi Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tig leis an Chomhairle moltaí a dhéanamh, nó formheas d’aon toil a thabhairt, maidir le smachtbhannaí in éadan ballstáit. Is féidir cearta ballraíochta an bhallstáit a chur ar fionraí chomh maith.


An cás ar son bearta breise


Dar le feisirí na Parlaiminte, áfach, ní leor na huirlisí seo. Cé go bhfuil éisteachtaí fós ar siúl sa Chomhairle maidir leis an Pholainn agus an Ungáir, tá a díomá curtha in iúl ag an Pharlaimint maidir leis an easpa dul chun cinn atá déanta ag an dá bhallstát chun tabhairt faoin fhadhb.


I ndíospóireacht an 5 Deireadh Fómhair, chuir feisirí fáilte roimh thuarascáil bhliantúil an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta, ach d’éiligh siad go gcuirfí na rialacha i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí. “Ní leor monatóireacht chun neamhspleáchas breithiúnach a athbhunú sa Pholainn, ná chun [an foilseachán] Index a shábháil san Ungáir,” a dúirt Michal Šimečka (Renew Europe, an tSlóvaic).


tuarascáil ar an ábhar dréachtaithe ag an Uasal Šimečka a cuireadh chun vóta an 7 Deireadh Fómhair. Sa rún, chuir feisirí chun cinn a moladh do shásra Aontais chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint agus a neartú. Cuirtear in iúl i rún na bhfeisirí gur cheart sásra a bhunú lena neartófaí na huirlisí dlíthiúla atá ann cheana féin agus lena mbunófaí Timthriall Faireachán Bliantúil.


Ní mór don timthriall nua seo gnéithe coisctheacha agus ceartaitheacha a chur san áireamh bunaithe ar mholtaí a bheidh sonrach do gach tír, le hamlínte agus spriocanna a bhaineann le bearta nithiúla, lena n-áirítear nósanna imeachta d’Airteagal 7, nósanna imeachta um shárú agus coinníollacht bhuiséadach.


Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint


Chuir an Coimisiún togra reachtach i láthair sa bhliain 2018 chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint má mheastar nach bhfuil ballstát ag cloí leis an smacht reachta. Moltar sa togra go mbeadh de chumhacht ag an Choimisiún íocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais a laghdú nó a chur ar fionraí i gcás tíortha a sháraíonn an smacht reachta, agus go mbeadh an Chomhairle in ann cinneadh an Choimisiúin a chrosadh le tromlach cáilithe.


Ghlac feisirí na Parlaiminte lena seasamh ar an togra in Aibreán 2019, ag éileamh go mbeadh an Pharlaimint ar aon chéim leis an Chomhairle ó thaobh na cinnteoireachta de. Braitheann an togra seo ar thoradh na hidirbheartaíochta ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais agus tá áitithe ag an Pharlaimint nach mbeidh comhaontú ann maidir leis an bhuiséad don tréimhse 2021-2027 ach sa chás go ndéantar dul chun cinn leordhóthanach ar an reachtaíocht seo.


D’aontaigh ceannairí Eorpacha i mí Iúil 2020 coinníollacht smachta reachta a thabhairt isteach. Dar le feisirí na Parlaiminte, áfach, tá an togra rólag.