Súil siar ar an dara seisiún iomlánach de mhí Dheireadh Fómhair

Ag an seisiún iomlánach an 19-23 Deireadh Fómhair, leag feisirí amach a dtosaíochtaí maidir le reachtaíocht a bhaineann le seirbhísí digiteacha, intleacht shaorga agus beartas talmhaíochta.

Súil siar ar sheisiún iomlánach an 5-8 Deireadh Fómhair 2020

D'fhógair an tUachtarán David Sassoli an 22 Deireadh Fómhair go mbronnfar Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2020 ar an fhreasúra daonlathach sa Bhealarúis. Agus buaiteoir na bliana seo á fhógairt aige le linn an tseisiúin iomlánaigh, dúirt an tUachtarán: "Leanaigí oraibh den fhód a sheasamh. Seasann muid gualainn ar ghualainn libh.”


I mí Lúnasa na bliana seo, chuir an freasúra daonlathach sa Bhealarúis tús le próiseas gan fasach chun an tsochaí a shlógadh chun oll-agóide síochánta ar mhaithe leis an daonlathas i dtír a smaoinítear uirthi le fada an lá mar an deachtóireacht dheireanach san Eoraip. I vóta an 21 Deireadh Fómhair, thug feisirí le fios gur cheart don Aontas measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an chaidreamh leis an Bhealarúis.


Ghlac feisirí an 23 Deireadh Fómhair an seasamh a bheidh acu i leith an athchóirithe ar an chomhbheartas talmhaíochta i ndiaidh 2022. Chuir feisirí i bhfáth go dteastaíonn solúbthacht, inbhuanaitheacht agus teacht aniar feabhsaithe don bheartas feirme a bheidh ag an Aontas sa todhchaí chun go bhféadfar leanúint de sholáthar cinnte bia san Aontas.

The serious health situation has forced Parliament to limit physical meetings and to function remotely during this week plenary session.
Don chéad uair bhí feisirí in ann páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí iomlánacha ó na hoifigí idirchaidrimh ar fud na mballstát

I vóta an 20 Deireadh Fómhair, d’éiligh feisirí rialacha buanseasmhacha ar sheirbhísí digiteacha chomh maith le sásra ceangailteach chun dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach ar líne. An lá céanna, ghlac feisirí moltaí faoin chaoi is fearr a bhféadfaidh AE an intleacht shaorga a rialáil chun tairbhe don nuálaíocht, do chaighdeáin eitice agus d’iontaoibh sa teicneolaíocht.


I ndíospóireacht an 21 Deireadh Fómhair, leag feisirí béim ar a thábhachtaí atá sé teacht ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe nach dtiocfaidh salach ar leasanna ná ar luachanna AE. Dúirt Príomh-Idirbheartaí an Aontais Michel Barnier go leanfaidh an tAontas sa tóir ar mhargadh a théann chun tairbhe don dá thaobh: “Fanfaimid socair, dearfach agus measúil, ach beimid diongbháilte agus tiomanta maidir le prionsabail agus leasanna na mballstát ar fad agus an Aontais féin a chosaint.”


Tá rialacha úrá á n-éileamh ag feisirí Eorpacha chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an dhífhoraoisithe. I rún an tseachtain seo, chuir siad in iúl go bhfuil gá le bearta níos fearr chun lománaíocht mhídhleathach a chomhrac agus gá le níos mó seiceálacha ionas nach dtiocfaidh adhmad nár táirgeadh ar bhealach inbhuanaithe nó táirgí a chuireann le dífhoraoisiú isteach sa mhargadh Eorpach.


an ghéarchéim Covid-19 i ndiaidh aird a tharraingt ar an neamhionannas maidir le rochtain ar oideachas san Eoraip, agus an 22 Deireadh Fómhair, d’éiligh feisirí go ndúnfaí an bhearna dhigiteach san Aontas. Tá siad ag iarraidh go n-infheisteoidh an Coimisiún i nascacht agus i dtrealamh, agus cháin siad na ciorruithe atá molta ag an Chomhairle ar chláracha a thacaíonn le hoideachas agus le hoiliúint. D’athdhearbhaigh feisirí gur cheart buiséad Erasmus+ a mhéadú faoi thrí.


Ag tús an tseisiúin iomlánaigh, bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne Samuel Paty, múinteoir staire agus tíreolaíochta a dúnmharaíodh in ionsaí Ioslamaíoch sa Fhrainc.


Mar gheall ar na cúinsí eipidéimeolaíocha sa Bhruiséil agus in Strasbourg, don chéad uair bhí feisirí in ann páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí iomlánacha ó na hoifigí idirchaidrimh ar fud na mballstát.

Tuilleadh faisnéise