Duais Charlemagne don Óige 2021 ag glacadh le hiarratais anois!

An bhfuil tú in aois 16-30? An bhfuil tionscadal á rith agat a chuireann comhthuiscint Eorpach agus lánpháirtíocht chun cinn? Cuir isteach ar Dhuais Charlemagne don Óige mar sin!

Charlemagne Youth Prize 2021
Is féidir le daoine óga in aois 16-30 ó aon bhallstát AE iarratas ar Dhuais Charlemagne a chur isteach

Tá sé mar aidhm ag Duais Charlemagne don Óige forbairt ar fhéiniúlacht Eorpach a chothú i measc daoine óga, chomh maith lena rannpháirtíocht i dtionscadail lánpháirtíochta Eorpacha. Bronntar an Duais ar thionscadail a rinne daoine óga inar cothaíodh an chomhthuiscint. Osclaíodh tréimhse an iarratais an 9 Samhain agus is é an spriocdháta ná an 22 Feabhra 2021.


Is féidir le daoine idir 16 agus 30 bliain d'aois cur isteach ar an gcomórtas. Bronntar Duais Charlemagne um an Óige ar na tionscadail is cruthaithí agus is nuálaí a rinne Eorpaigh óga. Leis an duais seo atá á eagrú ag Parlaimint na hEorpa agus ag Duais Idirnáisiúnta Charlemagne in Aachen, táthar ag iarraidh comhtháthú agus comhfhéiniúlacht Eorpach a chothú agus spreagadh a thabhairt do dhaoine óga san Eoraip.

Amlíne

  • 9 Samhain 2020: seoladh an chomórtais
  • 22 Feabhra 2021: spriocdháta le hiarratais a chur isteach
  • faoin 16 Márta 2021: fógrófar na buaiteoirí náisiúnta
  • 30 Meán Fómhair 2021: searmanas bronnta in Aachen na Gearmáine
  • Fómhar 2021: cuairt na mbuaiteoirí ar Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil

Roghnófar buaiteoirí Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige i bpróiseas a bhfuil dhá chéim ann. Roghnóidh giúiréithe náisiúnta buaiteoir amháin in aghaidh an bhallstáit. Ansin roghnóidh giúiré Eorpach na trí thionscadal is fearr ar an leibhéal Eorpach.


Is é €7,500 an duais don tionscadal is fearr, €5,000 don dara ceann, agus €2,500 don tríú ceann. Ag brath ar na cúinsí eipidéimeolaíocha ag an am, tabharfar cuireadh d’ionadaí amháin ó gach ceann de na 27 mbuaiteoir náisiúnta chuig Aachen, áit a mbeidh an searmanas bronnta ar siúl an 30 Meán Fómhair 2021.


Chun cur isteach ar Dhuais Charlemagne don Óige 2021 cliceáil anseo. Seol ríomhphost chuig ECYP2021@ep.europa.eu chun tuilleadh faisnéise a fháil. Nó is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na meáin shóisialta trí úsáid a bhaint as an haischlib #ECYP2021.

Bronntar Duais Eorpach Charlemagne don Óige ar thionscadail

  • lena gcuirtear comhthuiscint Eorpach agus idirnáisiúnta chun cinn
  • lena gcothaítear forbairt ar fhéiniúlacht chomónta Eorpach agus imeascadh
  • a fheidhmíonn mar eiseamláir do dhaoine óga atá ina gcónaí san Eoraip
  • agus a thugann samplaí praiticiúla d’Eorpaigh atá ag maireachtáil i dteannta a chéile mar phobal amháin.

Comórtas 2020


Mar gheall ar phaindéim an choróinvíris, cuireadh an searmanas bronnta a bhí le bheith ar siúl i mBealtaine 2020 ar ceal. Fógrófar buaiteoirí 2020 agus buaiteoirí 2021 araon ag an searmanas bronnta in Aachen i mBealtaine 2021.


Buaiteoirí 2019


Roghnaíodh clár raidió ón Iodáil ‘Europhonica IT’ mar bhuaiteoir Dhuais Charlemagne don Óige 2019. Comhchlár raidió is ea é ar a dtugtar guth do mheáin neamhspleácha na mac léinn.


Bronnadh an dara duais ar ‘Do Shaoránacht Eorpach’ ón bhFionlainn. Tríd an tionscadal, is féidir le haos óg na Fionlainne foghlaim faoin bpróiseas cinnteoireachta san Aontas Eorpach agus faoi chultúir na hEorpa ar bhealach spreagúil.


Dámhadh an tríú duais ar ‘Moslamaigh i gcoinne an Fhrith-Sheimíteachais’, tionscadal ón Ostair. Is é is aidhm dó ná feasacht a mhúscailt i measc Moslamaigh óga, agus is é an chéad chlár é ina ndéantar iarracht ar éachtaint a thabhairt ar fhadhb an fhrith-Sheimíteachais de réir dhearcadh géarchúiseach an Mhoslamaigh féin.