Ar chlár oibre na bhfeisirí ag seisiún iomlánach mhí an Mheithimh

Ag an seisiún iomlánach an 7-10 Meitheamh, caithfidh feisirí vóta ar bhunú dheimhniú digiteach Covid an Aontais. Bronnfar gradam scannánaíochta na Parlaiminte chomh maith.

Seisiún iomlánach an 7-10 Meitheamh 2021

An 9 Meitheamh, fógrófar toradh vóta na bhfeisirí maidir le bunú dheimhniú digiteach Covid ar mhaithe leis an tsaorghluaiseacht a éascú le linn na paindéime. Cruthúnas atá sa dheimhniú go bhfuil duine vacsaínithe in aghaidh Covid-19, go bhfuil toradh tástála diúltach faighte acu nó go bhfuil siad tagtha chucu féin ón víreas. Déanfar bunú an dheimhnithe a phlé i ndíospóireacht iomlánach an 8 Meitheamh.


Ag searmanas ag meán lae an 9 Meitheamh, déanfaidh Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli buaiteoir Ghradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa a fhógairt. I mbliana is iad na scannáin atá san iomaíocht do Ghradam LUX ná Another Round de chuid Thomas Vinterberg, Collective de chuid Alexander Nanau agus Corpus Christi de chuid Jan Komasa. Cinnfear an buaiteoir trí vóta poiblí agus vóta fheisirí na Parlaiminte a chur le chéile, agus is fiú 50% an vóta atá ag gach grúpa


Cuirfear rún chun vóta an 8 Meitheamh maidir le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais don bhliain 2030. Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta trí 30% de chríocha AE a bheith ainmnithe mar limistéir nádúrtha faoi 2030. Tabharfaidh feisirí le fios chomh maith go bhfuil gá le bearta práinneacha chun deireadh a chur leis an meath atá ag teacht ar bheacha agus ar phailneoirí eile.


An mhí seo caite, bhí an t-iriseoir Bealarúiseach Roman Protasevich agus a chailín Sofia Sapega ar eitilt Ryanair ón Aithin go dtí Vilnias nuair a chuir rialtas na Bealarúise iallach ar an eitleán tuirlingt éigeantach a dhéanamh ag aerfort Mhionsc. Gabhadh Protasevich agus Sapega láithreach. Déanfar freagairt an Aontais Eorpaigh ar an eachtra a phlé i ndíospóireacht iomlánach an 8 Meitheamh. Beidh Ardionadaí an Aontais Josep Borrell i láthair. Cuirfear rún ar an ábhar chun vóta an 10 Meitheamh.


Tá easaontas tar éis a bheith ann maidir le moladh i dtaca le paitinní a tharscaoileadh i gcás vacsaíní Covid-19. Rinneadh an cheist a phlé ag an seisiún iomlánach a tionóladh an 19 Bealtaine. Caithfidh feisirí vóta ar rún ar an ábhar an 9 Meitheamh.


Caithfidh feisirí vóta an tseachtain seo ar bhunú an chláir “An Eoraip Dhomhanda”, ionstraim infheistíochta don chomharsanacht, forbairt agus comhar idirnáisiúnta sa tréimhse 2021-2027. Le maoiniú €79.5 billiún, cuirfidh an clár ar chumas an Aontais a luachanna agus a leasanna a chur chun cinn timpeall an domhain agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda amhail an bhochtaineacht agus an ghéarchéim aeráide.


Déanfaidh feisirí maoiniú €88 mbilliún do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus a cheadú chomh maith. Tacóidh an clár úr le hinfheistíocht i gcruthú fostaíochta, in oideachas agus oiliúint, chomh maith le cuimsiú sóisialta, rochtain ar chúram sláinte, agus bearta chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht san Eoraip.


I ndíospóireacht an 9 Meitheamh, déanfar plé ar shásra nua an Aontais chun luachanna agus buiséad AE a chosaint. Leis an sásra nua a bhfuil feidhm aige ó thús na bliana seo, is féidir íocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais a reo i gcás ina dteipeann go leanúnach ar bhallstáit bunluachanna AE a urramú. Cuirfear rún ar an ábhar chun vóta an lá dar gcionn.


I measc na gceisteanna eile a phléifear an tseachtain seo tá:

Tuilleadh faisnéise