An tseachtain seo sa Pharlaimint: astaíochtaí, bagairtí sláinte, cearta an duine

Déanfaidh feisirí machnamh an tseachtain seo ar thogra nua an Choimisiúin chun astaíochtaí a laghdú. Caithfidh siad vóta ar reachtaíocht nua chun bagairtí sláinte trasteorann a chomhrac.

Parliament building in Brussels
12-16 Iúil 2021

An 14 Iúil, tiocfaidh Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh Frans Timmermans os comhair an choiste comhshaoil chun plé a dhéanamh ar reachtaíocht nua an Aontais chun a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna AE i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030. An lá dár gcionn, cuirfidh an Coimisinéir Fuinnimh Kadri Simson moltaí nithiúla an Choimisiúin faoi bhráid an choiste um thionsclaíocht, um thaighde agus um fhuinneamh.


Caithfidh feisirí an choiste comhshaoil vóta an 13 Iúil ar reachtaíocht nua chun bagairtí sláinte trasteorann - amhail paindéim Covid-19 - a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Is é is aidhm don reachtaíocht nua faireachán agus luathrabhadh a fheabhsú, chomh maith le hullmhacht agus freagairt na hEorpa tráth géarchéime a neartú.


Tiocfaidh feisirí, coimisinéirí Eorpacha, buaiteoirí Dhuais Nobel agus Dhuais Sakharov chomh maith le hionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus an tsaoil acadúla le chéile an 16 Iúil ag comhdháil maidir le cúrsaí chearta an duine timpeall an domhain.


Glacfaidh feisirí an choiste um ghnóthaí eachtracha a seasamh an 15 Iúil maidir le caidreamh an Aontais leis an Rúis, leis an tSín agus leis na Stáit Aontaithe. I vóta eile, tabharfaidh feisirí an choiste um an margadh inmheánach a gceadú le moladh i dtaca le síneadh go dtí 2032 a chur leis na rialacha reatha maidir táillí fánaíochta san Aontas.


Cuirfear rún chun vóta sna coistí freisin maidir le cearta caomhnóireachta agus tionchar an fhoréigin chollaí ar mhná agus ar pháistí. Caithfidh feisirí vóta chomh maith ar thuarascáil maidir le foréigean inscnebhunaithe a aithint mar choir a chaithfear a chomhrac ar an leibhéal Eorpach.

Tuilleadh faisnéise