Uachtaránacht na Comhairle ag an bhFrainc den tríú huair déag: An méid a bhfuil na Feisirí ag súil leis

Ghlac an Fhrainc le huachtaránacht rothlach Chomhairle an AE an 1 Eanáir 2022. Foghlaim tuilleadh thíos faoi thuairimí na bhFeisirí maidir le tosaíochtaí na tréimhse reachtaí.

Logo of the French presidency of the European Council
Cuireadh tús le huachtaránacht na Fraince an 1 Eanáir 2022

De réir na hUachtaránachta nua, díreofar go mór ar cheannas an Aontais agus conas an Eoraip a dhéanamh níos láidre. Déanfar sár-iarracht a chur ina luí ar mhuintir na hEorpa gur fearr freagairt chomhchoiteann a chomhordú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn.


I measc tosaíochtaí Uachtaránacht na Fraince tá:

  • An t-aistriú glas
  • Rialachán Eacnamaíoch agus freagracht na n-ardán digiteach
  • An Eoraip Shóisialta


Neart eolais faoi thosaíochtaí Uachtaránacht na Comhairle de chuid na Fraince.

 

Labhraíomar le Feisirí de cuid na Fraince faoin Uachtaránacht agus roinn siad a dtuairimí linn:


Dúirt François-Xavier Bellamy (PPE) gur chóir do rialtas na Fraince iarradh ar an Aontas an t‑Uachtaránacht a chur siar, toisc go mbeidh an toghchán d’uachtarán na Fraince ar siúl san Earrach. “Pé scéal é, ba chóir nách beart caidreamh poiblí é Uachtaránacht na Fraince, agus go gcuirfí dhá thosaíocht soiléir nó trí cinn i gcrích chun príomhaidhm amháin a bhaint amach: laghdú a dhéanamh ar leochaileachtaí an Aontais” a dúirt sé. Ina thuairim, ní mór don Uachtaránacht díriú ar thrí phlean phraiticiúla: “ár soláthar fuinnimh, an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus an beartas inimirce Eorpach a leasú.”

 

Ba cheart go mbeadh Uachtaránacht na Fraince bunaithe ar an ngá le ceartas sóisialta agus aeráide, a dúirt Sylvie Guillaume (S&D). Tá sí ag súil go gcuirfidh an Fhrainc an pacáiste reachtaíochta maidir le hathrú aeráide “Fit for 55” chun cinn sa Chomhairle agus creideann sí go bhfuil seans ann go dtiocfar ar chomhaontú idirinstitiúideach chun an treoir Eorpach maidir le híosphá chóir a chur i gcrích.

Agus í ag trácht ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tosaíocht eile de chuid na huachtaránachta, dúirt Sylvie Guillaume go bhfuil súil aici “go mbeidh fíor-bhunús lena cuid conclúidí, ‘gan aon scagaire’ ag baint leo, fiú dá mbeadh sé de dhualgas orainn conarthaí a athrú.”

 

De réir Marie-Pierre Vedrenne (Renew), beidh an téarnamh iar-phaindéime a chothú ar bhonn nuálach, ar bhonn cothrom agus ar bhonn atá freagrach ó thaobh an gheilleagair de ar cheann de phríomhthosaíochtaí Uachtaránacht na Comhairle de chuid na Fraince. Tá Vedrenne den tuairim gur deis é an Uachtaránacht seo oibriú chun Eoraip atá aontaithe, agus nach ngéillfidh i dtaca lena cuid luachanna, a bhaint amach.

“Ní mór dúinn an Eoraip a neartú, is é sin an Eoraip a chosnaíonn, a chuireann an fhís atá aici don domhan chun cinn agus a chothaíonn an braistint chómhuintearais” a dúirt sí.

 

D’áitigh David Cormand agus Michèle Rivasi (an Grúpa Glas) “go bhfuil sé de dhualgas orainn an Eoraip a chur ar an mbóthar ceart arís maidir le forlámhas an dlí chun cearta bunúsacha gach duine a chosaint.” Dúirt siad gur cheart go mbeadh an ghéarchéim aeráide agus cosaint an chomhshaoil ina dtosaíochtaí ag an Aontas Eorpach agus ag Uachtaránacht na Fraince.

“Mar gheall ar an ngéarchéim éiceolaíochta, shóisialta agus dhaonlathach, ní mór don Fhrainc uaillmhianta na hEorpa a neartú arís agus teacht ar réitigh chun seanrud a dhéanamh d’fhadhbanna a chuireann isteach ar chumas an rialtais i bhfad ró-mhinic” a dúirt siad.

 

Jordan Bardella (F&D) ag súil go bhfuil an Uachtaránacht chun Comhaontú Schengen a leasú agus nach mbeidh an ceart chun saorghluaiseachta ach ag náisiúnaigh de chuid na hEorpa. Dar leis, léiríonn na hionsaithe sceimhlitheoireachta atá déanta ag sceimhlitheoirí Ioslamaigh, tar éis dóibh teacht isteach san AE agus dul thar theorainneacha laistigh den chóras Schengen, cé chomh leochaileach is atá an córas saorghluaiseachta sin.

Ba chóir go gcuirfeadh Uachtaránacht na Fraince “leasuithe uaillmhianacha i bhfeidhm, rudaí a bhfuil muintir na Fraince agus muintir na hEorpa á n-éileamh”, a dúirt Bardella.

 

Dar le Manon Aubry (Grúpa na Clé) “Ní mór d’Uachtaránacht na Fraince díriú go hiomlán ar an dá thosaíocht is práinní sa lá atá inniu ann: an ghéarchéim aeráide agus méadú na héagothroime.” Dúirt sí gur chóir don Fhrainc “Comhaontú Glas níos uaillmhianaí a chur chun cinn agus a éileamh, troid ar son fhíor-íosphá Eorpaigh agus a bheith meáite ar deireadh a chur leis an iomaíocht agus bearta déine chun bunathrú chun feabhais a bhaint amach sa chreat rialachais eacnamaíoch.” Dúirt sí gur chóir dul chun cinn a dhéanamh maidir le freagracht chorparáideach le linn na hUachtaránachta freisin.

 

Tá an Fhrainc i mbun na hUachtaránachta den tríú huair déag. Cuirfear tús le hUachtaránacht na Seice an 1 Iúil 2022.

The European flag is projected on the Tour Eiffel in Paris
Beidh an Fhrainc i mbun uachtaránacht na Chomhairle don chéad leath den bhliain 2022

Tuilleadh eolais