Todhchaí na hEorpa: moltaí na bpainéal saoránach maidir leis an athrú aeráide, an comhshaol agus an tsláinte

Chuir saoránaigh a smaointe in iúl maidir le córais sláinte níos fearr agus conas an t-athrú aeráide a chomharc i rith an tseisiúin, a thionóladh i Vársa an 7-9 Eanáir.

Mar chuid den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, thánig thart ar 200 Eorpaigh le chéile i Vársa an 7-9 Eanáir 2022. Bá é seo an seisiún deireanach de chuid na bpainéal saoránach Eorpach a bhaineann leis an athrú aeráide, an comhshaol agus an tsláinte. Mar gheall ar iarmhairtí phaindéim an choróinvíris, ghlac roinnt duine páirt sa phainéal ón mbaile.

Roinneadh ina gcúig foghrúpa ar leith na hábhair seo chun na nithe seo a leanas a phlé go grinn:

  • Modh maireachtála níos fearr
  • An comhshaol agus ár sláinte a chosaint
  • An geailleagar Eorpach a atreorú
  • An rótháirgeadh a atreorú
  • Aire a thabhairt do chách

 

Cuireadh 64 moladh de chuid na rannphairtithe chun vóta - glacadh le 51 acu. Chun moladh a ghlacadh, bhí tacaíocht 70% ag teastáil.


Liosta iomlán na moltaí a ceadaíodh ar fáil anseo.


D’fháiltigh na saoránaigh roimh an deis bearta a chur ar aghaidh: “Is deis é a bhfuil buntáiste ag gach taobh ann, ar bhealach praticiúil agus ar bhealach morálta”, a dúirt Celestino, painéalaithe de chuid na hIodáile.

“[...] Tá an saoránach i lár an aonaigh anseo, agus faightear léargas ar an bpolaitíocht, chomh maith leis na castachtaí a bhaineann léi, agus déantar iarracht teacht ar réiteach chun feabhas a chur ar chúrsaí. Braitheann daoine go bhfuil gach éinne páirteach sa phróiseas. Is cuid den phróiseas sin é an saoránach.”

Dúirt Nina, páinéalaithe de chuid na Gearmáine: “Creidim gur tábhachtach go ndéantar plé ar na hábhair seo, agus táimid tar éis smaoineamh ar go leor moltaí iontacha. Mar seo, tá súil agam go bhfuil polaiteoirí AE chun na moltaí seo a fiosriú agus go n-éistfear lenár gcuid smaointe, go n-éistfear le guthanna na saoránach, agus go ndéantar rud éigin ar son saoránach AE.”

 

Faigh amach cad is painéil saoránach iontu agus cad é atá mar aidhm acu.

 

Modh maireachtála níos fearr

Molann painéailaithe gur chóir don AE fóirdheontais feirme órgánaí a chur ar fáil chun feirmeoireacht ingearach a chothú, modh feirmeoireachta ina ndéantar barra a fhás i mullach a chéile. Ní mór don AE bunchaighdeán a leagan amach maidir le caighdeán an bhia i scoileanna agus ba chóir go mbeadh táirgeadh bia mar chuid d’oideachas poiblí as seo amach.

Moltar treoir AE maidir le forbairt uirbeach chun cathracha a dhéanamh níos glaise; teastaíonn tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do rothaithe ó phainéalaithe freisin, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh i lánaí rothaí nua.

 

An comhshaol agus an tsláinte a chosaint

Éilíonn na saoránaigh córas lipéadú aontaithe a bhfuil sé mar aidhm aige lorg iomlán eiceolaíoch na dtairgí a cheanaítear taobh istigh den AE a léiriú, chomh maith le lipéid a chuireann úsáid substaintí hormónacha in iúl.

Teastaíonn cánacha níos airde uatha freisin chun caitheamh bia mhíshláintúil a laghdú, chomh maith le córas scórála uile-Eorpach le haghaidh bhia shláintiúil.

Molann painéalaithe laghdú as cuimse maidir leis an úsáid a bhaintear as lotnaidicidí ceimiceacha agus leascháin.

Tá fonn orthu limistéir atá faoi chosaint a mhéadú chun an bhithéagsúlacht a chosaint, chomh maith le hathforaoisiú a dhéanamh go tapa ar scála ollmhór. Teastaíonn ó phainéalaithe deireadh a chur le dianfheirmeoireacht ainmhithe de réir a chéile.

 

An geailleagar Eorpach a atreorú

Molann painéalaithe gur chóir don AE síneadh ama a chur le barántaí táirgí chun daoine a spreagadh úsáid a bhaint astu le tamall níos faide, agus uasphraghas a chur ar pháirteanna breise.

Ba chóir don AE caighdeáin monaraíochta níos déine ó thaobh an chomhshaoil de a chur i bhfeidhm, rudaí a bheadh i gceist le hearraí iompartáilithe, agus bearta nua a thabhairt isteach chun forgraíocht i gcomhair táirgí a dhéanann dochar don chomhshaol a theorannú.

 

An rótháirgeadh a atreorú

Teastaíonn ó phainéalaithe go mbeadh scagairí CO2 éiginnteach san AE, i monarchana guail go háirithe. Tá fonn orthu fíneálacha a chur ar truaillitheoirí chun an trualliú a chomharc agus líon na n-iompótálacha nach gcloíonn le caighdeáin AE maidir le lorg éiceolaíoch a laghdú.

Ba chóir don AE ballstáit a thacú agus iad ag iarraidh bealaí cumarsáide a fheabhsú i gceantair tuaithe, iompar poiblí a chur ar fáil ar phraghas réasúnta, feithiclí leictreacha a chur chun cinn agus infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nach ndéanann dochar don chomhshaol.

 

Aire a thabhairt do chách

Molann na painéalaithe conarthaí AE a athrú chun ceangal dlí a chur le breis gníomh AE maidir le sláinte. Ba chóir go mbeadh cóir leighis ar fáil ar fud an AE ar aon-chaighdeán agus ar phraghas réasúnta - moltar Gníomhaireacht Soláthair Eorpach a chur ar bun chun praghasanna níos ísle i gcomhair cógas a bhaint amach trí idirbheartaíocht.

Ba chóir nach gceaptar gur an só iad tárigí sláintíochta na mban agus nach mbeadh cáin breise orthu. Chun tuiscint níos fearr maidir leis an sláinte a chur chun cinn, ba chóir go mbeadh meabhairshláinte agus gnéasoideachas mar chuid den chiorclaim scoile san ballstáit.

 

Cad é an chéad chéim eile?

Cuirfidh ionadaithe an phainéil a gcuid moltaí i láthair agus déanfar plé orthu ag an gcéad Chomhdháil Iomlánaí eile an 21-22 Eanáir. Beidh ionadaithe na n-institiúidí AE, na bparlaimintí náisiúnta, na sochaí sibhialta agus saoránaigh páirteach sa tseisiún iomlánach.

Cuirfear toradh deiridh na Comhdhála i láthair na Parlaiminte, an Chomhairle agus an Choimisiúin mar thuairisc. Ghlac na hinstitiúidí seo le measúnú iar-iniúchta a dhéanamh ar na moltaí seo.

 

Táthar ag súil go nglacfaidh na Painéil Saoránach Eorpach eile lena gcuid moltaí go luath. Baineann siad leis na hábhair seo a leanas:

  • Painéal 1 - an geilleagar a neartú, ceartas sóisialta agus poist, an óige, an spóirt, an cultúr, an t-oideachas agus an t-aistriú digiteach
  • Painéal 4 - an tAE sa domhan, an imirce

Tuilleadh eolais