Neartaíonn an Pharlaimint an t-ionracas, an neamhspleáchas agus an chuntasacht
Le cúpla mí anuas glacadh sraith d’athchóirithe fadréimseacha arb é is aidhm dóibh ionracas, neamhspleáchas agus cuntasacht a neartú, agus sainordú na bhFeisirí á chosaint ag an am céanna.
Tá sé mar aidhm leis na bearta sin an t-ionracas a threisiú agus lúba ar lár a dhúnadh chun an Institiúid agus a Feisirí a chosaint ar iarrachtaí a dhéantar cur isteach ar obair na Parlaiminte.
Dúirt Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola: ‘Leis na hathchóirithe atá curtha i bhfeidhm againn le roinnt míonna anuas, cuirtear le hionracas chórais na Parlaiminte, déantar an chinnteoireacht níos trédhearcaí agus neartaítear an Pharlaimint ina hiomláine. Is mian linn an mhuinín atá ag saoránaigh na hEorpa asainn a dhaingniú agus a athdhearbhú gur institiúid oscailte í Parlaimint na hEorpa. Fillfimid an bhliain seo chugainn le Parlaimint níos nua-aimseartha agus níos éifeachtúla.’
Lúba ar lár a dhúnadh
D’fhormheas an Biúró rialacha athbhreithnithe maidir le hiar-Fheisirí (beartas nua dorais imrothlaigh), rialacha nua maidir le rochtain ar an bParlaimint, agus oibleagáidí trédhearcachta ó thaobh rannpháirtíocht ionadaithe sainleasa in imeachtaí a reáchtáiltear in áitribh na Parlaiminte. D’aontaigh sé freisin go ndéanfaí athbhreithniú ar na rialacha inmheánacha maidir le sceithireacht.
Rinne an Pharlaimint a comhar le húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta agus le húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí a threisiú freisin trí ghníomhú go tapa ar iarrataí ó údaráis náisiúnta, agus eile, ar dhíolúine pharlaiminteach a tharscaoileadh.
Rinne ceannairí na ngrúpaí soiléiriú ar na rialacha do dhíospóireachtaí práinne maidir le cearta an duine sa suí iomlánach chun an nós imeachta a chosaint ar thrasnaíocht mhíchuí. Tar éis rúin i mí na Nollag 2022 agus i mí Eanáir 2023, d’fhormheas na ceannairí grúpa i gComhdháil na nUachtarán treoirlínte freisin chun tacú le Feisirí agus leis an bhfoireann ina gcaidreamh le hionadaithe tríú tíortha (taidhleoirí agus ionadaithe stáit). Ar deireadh, tá an comhlacht eitice AE uaillmhianach agus neamhspleách a d'éiligh an Pharlaimint á chur ar bun, agus an Coimisiún tar éis togra le haghaidh comhaontú idirinstitiúideach a thíolacadh. Tá ceannaireacht glactha ag an Uachtarán ar na caibidlíochtaí chun toradh a léiríonn uaillmhianta na Parlaiminte a bhaint amach.
Ag an am céanna, mhol an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (AFCO) athruithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte. Áirítear leo sin: raon feidhme níos leithne maidir le dearbhuithe éigeantacha ó na Feisirí faoi chruinnithe le tríú páirtithe; cosc ar ghníomhaíochtaí grúpaí cairdis neamhfhoirmiúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le mearbhall le gníomhaíochtaí oifigiúla parlaiminteacha; rialacha níos soiléire chun go seachnófar coinbhleachtaí leasa agus go méadófar an trédhearcacht maidir le dearbhuithe airgeadais na bhFeisirí. Molann an coiste freisin go mbeadh ról neartaithe ag an gcoiste comhairleach maidir leis an gcód iompair agus go mbeadh liosta athbhreithnithe smachtbhannaí ann. Déanfar an vótáil chríochnaitheach ar na bearta sin ag suí iomlánach mhí Mheán Fómhair.
Freagraíonn na bearta do rúin ón suí iomlánach lena n-iarrtar méadú ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht chomh maith le cultúr slándála níos láidre maidir le hiarrachtaí ar thrasnaíocht eachtrach.
Moltaí breise
Tá bearta meántéarmacha agus fadtéarmacha eile molta ag an gCoiste Speisialta um an Trasnaíocht Eachtrach ar na Próisis Dhaonlathacha Uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear Bréagaisnéis (ING2), a ndearnadh díospóireacht orthu agus ar vótáladh orthu i suí iomlánach mhí Iúil 2023.
Faisnéis atá inrochtana go héasca
Cuireann suíomh gréasáin na Parlaiminte faisnéis láraithe, atá inrochtana go héasca, ar fáil anois a bhaineann le hionracas obair na Parlaiminte faoi tháb nua ‘Trédhearcacht agus Eitic’.
Dul chun cinn i mbeartais frithchiaptha
Thug an tUachtarán Metsola sainordú do na Caestóirí oibriú ar thograí chun beartais frithchiaptha na Parlaiminte a threisiú. An 10 Iúil, chinn an Biúró seirbhís idirghabhála a bhunú agus thacaigh sé go polaitiúil le hoiliúint éigeantach a thabhairt isteach do na Feisirí. D’aontaigh an Biúró freisin feabhas a chur ar nós imeachta reatha an Choiste Chomhairligh a dhéileálann le gearáin faoi chiapadh a bhaineann le Feisirí.
Múscailt feasachta agus oiliúint
Chun na hathruithe go léir a thionlacan agus chun a chinntiú go gcuirfear chun feidhme go cuí iad, reáchtálann an Pharlaimint feachtais múscailte feasachta go rialta maidir le hoibleagáidí na bhFeisirí agus na foirne. Cuireann sí oiliúint thiomnaithe ar fáil don fhoireann agus d’Fheisirí chun a chinntiú go bhfuil tuiscint shoiléir ag gach duine ar na ceanglais eitice agus trédhearcachta atá i bhfeidhm chun ionracas obair na Parlaiminte a chosaint.
Nuachóiriú ar mhodhanna oibre Pharlaimint na hEorpa
Ina theannta sin, sheol Comhdháil na nUachtarán athchóiriú níos leithne ar mhodh oibre Pharlaimint na hEorpa i mí Eanáir 2023 lena gcumhdaítear gnéithe reachtacha, buiséadacha, grinnscrúdaithe, agus seachtracha d’obair na Parlaiminte, mar aon le gné an tsuí iomlánaigh.
Tá forléargas ar na hathchóirithe ar fáil anseo.