Buiséad AE don tréimhse 2021-2027: gá le foinsí nua ioncaim 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

Chun an téarnamh eacnamaíoch a mhaoiniú agus infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí na hEorpa, tá Parlaimint na hEorpa ag iarraidh go mbeidh foinsí nua ioncaim ag an Aontas Eorpach.

Tá paindéim Covid-19 tar éis iarmhairtí tragóideacha agus tubaisteacha a bheith aici ar mhuintir na hEorpa agus ar a ndaoine muinteartha, ach tá tionchar soch-eacnamaíoch suntasach tar éis a bheith aici chomh maith. De réir réamhaisnéis eacnamaíoch an Choimisiúin Eorpaigh, meastar go dtiocfaidh crapadh 8.3% ar a laghad ar gheilleagar an Aontais sa bhliain 2020. Tá bearta eisceachtúla glactha ag an Aontas Eorpach agus ag ballstáit an Aontais cheana féin chun iarmhairtí na ráige a chomhrac.


Agus an tAontas Eorpach ag teacht slán ó iarmhairtí na ráige, agus Eoraip níos glaise agus níos digití á tógáil ag an am céanna, beidh ról ríthábhachtach ag buiséad fadtéarmach an Aontais.

Céard é buiséad fadtéarmach an Aontais?


Is é an creat airgeadais ilbhliantúil (MFF) buiséad fadtéarmach an Aontais agus cumhdaítear tréimhse seacht mbliana leis, de ghnáth. Leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, leagtar síos na teorainneacha le haghaidh chaiteachas an Aontais - don Aontas ina iomláine agus do réimsí gníomhaíochta éagsúla. Tiocfaidh deireadh leis an gcreat reatha an 31 Nollaig 2020.


Is buiséad infheistíochta, go príomha, é buiséad an Aontais, rud a fhágann gur buiséad ar leith é nach féidir aon easnamh a bheith ann. Téann tuairim is 93% de bhuiséad an Aontais chun leas na saoránach, na réigiún, na gcathracha, na bhfeirmeoirí, na n-ollscoileanna agus na ngnólachtaí.


Ní mór don Chomhairle, a dhéanann ionadaíocht do na ballstáit, an buiséad fadtéarmach a ghlacadh d’aontoil tar éis cead a fháil ón bParlaimint (rud a fhágann go bhfuil ceart crosta de facto ag an bParlaimint).

An chéad bhuiséad fadtéarmach eile


Cuireadh tús leis an ullmhúchán don chéad bhuiséad fadtéarmach eile i mBealtaine 2018. I bhfianaise ráig an choróinvíris, áfach, d’eisigh Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen togra nua le haghaidh ciste téarnaimh agus buiséad an Aontais i mBealtaine 2020. Fógraíodh togra an Choimisiúin tar éis don Pharlaimint a chur in iúl go raibh gá le pacáiste téarnaimh agus atógála ollmhór chun tacú leis an ngeilleagar Eorpach.


Chun infheistíochtaí a shlógadh, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ionstraim téarnaimh nua dar luach €750 billiún a chuirfeadh borradh faoi bhuiséad an Aontais le maoiniú nua a gheofaí ar na margaí airgeadais. Chomh maith leis sin, d’fhógair sí buiséad fadtéarmach don Aontas dar luach €1.1 trilliún.


Chun na hinfheistíochtaí a chistiú, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún bannaí a eisiúint ar na margaí airgeadais idirnáisiúnta thar ceann an Aontais. Ionas go bhféadfar iasachtaí a fháil, tá an Coimisiún ag iarraidh an cinneadh maidir le hacmhainní dílse a leasú agus an lamháltas a mhéadú – is é sin le rá, an difear idir uasteorainn na n-acmhainní dílse sa bhuiséad fadtéarmach (uasmhéid na gcistí is féidir leis an Aontas a iarraidh ó na ballstáit chun a chaiteachas a chistiú) agus an caiteachas iarbhír.


Chun an buiséad nua a ghlacadh, beidh gá le haontoilíocht sa Chomhairle agus is gá toiliú ó Pharlaimint na hEorpa. Cuireadh tús le hidirbheartaíocht idir an Chomhairle agus an Pharlaimint ag deireadh mhí Lúnasa. Cinneann an Chomhairle an córas acmhainní dílse d’aontoil, ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa, agus is gá do na ballstáit é a dhaingniú freisin. Vótáil feisirí Eorpacha an 16 Meán Fómhair ar thuairim reachtach na Parlaiminte i leith an chinnidh maidir le hacmhainní dílse, rud a fhágann go mbeidh Comhairle an Aontais Eorpaigh in ann é a ghlacadh go sciobtha agus go bhféadfar tús a chur leis an bpróiseas daingniúcháin sna 27 dtír den Aontas – ionas go bhféadfar an plean téarnaimh a sheoladh chomh luath agus is féidir.

Foinsí nua ioncaim chun an téarnamh eacnamaíoch a mhaoiniú


Tá buiséad AE ar fad nach mór (99%) á mhaoiniú ó acmhainní dílse, agus níl athrú tagtha ar an gcóras le roinnt deichbhlianta anuas. Áirítear ina measc dleachtanna custaim agus ranníocaíochtaí náisiúnta atá bunaithe ar cháin bhreisluacha agus ar an ollioncam náisiúnta. I roinnt rún a glacadh le blianta beaga anuas, tharraing an Pharlaimint aird ar na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras acmhainní dílse, go háirithe chomh fada is a bhaineann lena chastacht iomarcach. Tá tograí curtha chun cinn ag feisirí lena chinntiú go bhfuil an tAontas neamhspleách ó thaobh airgeadais de agus d’iarr siad leasuithe chun bailiúchán ioncaim a dhéanamh níos simplí, níos trédhearcaí agus níos daonlathaí.


Ina rún maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil an 15 Bealtaine 2020, d’iarr an Pharlaimint méadú láithreach agus buan ar uasteorainn na n-acmhainní dílse i bhfianaise an titim a bhfuiltear ag súil leis maidir le hollioncam náisiúnta tar éis an chúlaithe a tharlóidh de bharr an choróinvíris.


D’fhonn nach mbeidh an pacáiste téarnaimh ina ualach ar na glúnta atá le teacht, d’iarr feisirí ar cheannairí an Aontais agus ar an gCoimisiún ciseán d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Áirítear leo:

  • comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide


Tá sé curtha in iúl ag feisirí Eorpacha arís agus arís eile gur cheart na lacáistí agus na ceartúcháin uile sa bhuiséad a dhíothú mar ní bhaineann ach roinnt bheag tíortha tairbhe astu. (De réir mholadh na Comhairle ón 21 Iúil, áfach, coinneofar lacáistí ar ranníocaíochtaí i gcás na Danmhairge, na Gearmáine, na hÍsiltíre, na hOstaire agus na Sualainne.) Sa vóta an 16 Meán Fómhair, thug feisirí Eorpacha le fios go dteastaíonn féilire a bhfuil ceangal dlí leis chun foinsí nua ioncaim a thabhairt isteach.

Saoránaigh ag éileamh méadú ar bhuiséad AE


Beidh ar Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt don bhuiséad nua, agus tá sé tugtha le fios ag feisirí nach dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú dó gan comhaontú a bheith ann i dtaobh chóras acmhainní dílse AE. De réir suirbhé nua a choimisiúnaigh Parlaimint na hEorpa agus a rinneadh i Meitheamh 2020, deir tromlach (56%) na nEorpach gur cheart go mbeadh níos mó acmhainní airgeadais ag an Aontas chun an phaindéim a shárú.


Agus é ag trácht ar thorthaí an tsuirbhé sin, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli: “Aithníonn saoránaigh an Aontais go bhfuil gá le méadú ar bhuiséad AE chun dul i ngleic leis an tionchar gan fasach a bhí ag an bpaindéim ar ár ngeilleagar agus sochaí. I gcomhthéacs na caibidlíochta buiséadaí reatha, seasann an Pharlaimint leo ina n-iarraidh go mbeadh an tAontas níos éifeachtaí agus níos uaillmhianaí.”


Roimh chruinniú mullaigh na Comhairle an 17-21 Iúil, d’iarr feisirí ar cheannairí na mballstát gan moltaí an Choimisiúin a mhaolú. Ag labhairt dó ag tús an chruinnithe sin, dúirt Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli: “Táimid ag dréim leis go ndéanfar pacáiste d’acmhainní dílse a thabhairt isteach agus go dtabharfar gealltanas go dtiocfaidh siad i bhfeidhm a luaithe is féidir agus, ar aon chuma, faoi 2023. Creidimid freisin go bhfuil sé in am na lacáistí uile i ranníocaíochtaí na mballstát a dhíothú, óir tá siad éagothrom agus is deacair údar a thabhairt leo.”

Gealltanas ceangailteach


Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh go dtabharfaidh ceannairí an Aontais gealltanas ceangailteach maidir le hathchóiriú ar an gcóras acmhainní dílse. Ag labhairt di tar éis vóta na Parlaiminte an 16 Meán Fómhair dúirt an feisire Válerie Hayer atá ar fhoireann idirbheartaíochta na Parlaiminte: “Is féidir anois airgead a fháil ar iasacht don téarnamh a bhuí leis an solas glas a tháinig ó na feisirí inniu. Déanfaimid deimhin de anois go dtiocfaidh aisíoc an fhiachais ó na hollchuideachtaí, ó sheachantóirí cánach, ó na truaillitheoirí móra ar an gcoigríoch agus ó dhaoine eile a thairbhíonn dár margadh aonair ach nach mbíonn ag rannchuidiú go cothrom lenár rathúnas agus le cosaint an phláinéid."


Dúirt José Manuel Fernandes, ball eile den fhoireann idirbheartaíochta: “Inniu, cuireadh cor nua sa stair i bParlaimint na hEorpa. Le 32 bhliain, níor tugadh isteach aon acmhainní dílse nua san Aontas. Ní dheachaigh an Coimisiún Eorpach riamh go dtí na margaí chun an oiread seo airgid a fháil ar iasacht. Réitíonn an tuarascáil seo an bealach don Chomhairle chun an cinneadh maidir le hacmhainní dílse a fhormheas agus chun go bhféadfar tús a chur leis an bpróiseas daingniúcháin sna parlaimintí náisiúnta. Ní tráth moille é má táimid leis an gciste téarnaimh a bheith againn díreach i ndiaidh an 1 Eanáir 2021. Cad air a bhfuil an Chomhairle ag feitheamh?”

An chéad chéim eile


An 21 Iúil, tháinig ceannairí an Aontais ar mhargadh maidir le buiséad 2021-2027 agus pacáiste téarnaimh. I rún a cuireadh chun vóta sa Pharlaimint an 23 Iúil, leag feisirí Eorpacha a seasamh amach roimh chomhchainteanna a bheidh ar siúl leis an gComhairle.


Mheabhraigh feisirí nach dtabharfaidh siad a dtoiliú don bhuiséad nua gan comhaontú a bheith ann i dtaobh chóras acmhainní dílse AE. Tiocfaidh deireadh le buiséad reatha an Aontais Eorpaigh an 31 Nollaig.