Athchúrsáil dramhaíola: spriocanna uaillmhianacha AE chun geilleagar ciorclach a chruthú

Caithfidh feisirí vóta an 17 Aibreán ar spriocanna ceangailteacha, a mbeidh spriocdhátaí dochta ag gabháil leo, maidir le hathchúrsáil dramhaíola agus an líonadh talún a laghdú.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Le pacáiste an Aontais maidir leis an ngeilleagar ciorclach táthar ag iarraidh breis dramhaíola a athchúrsáil agus líon na dramhaíola a chuirtear i láithreáin líonta a ísliú. Trí nósanna tomhaltais na nEorpach a athrú agus trí tháirgí a dheisiú, a athúsáid nó a athmhonarú in ionad iad a chaitheamh amach, is féidir an Eoraip a threorú i dtreo geilleagair níos ciorclaí.

 

Caithfidh feisirí na Parlaiminte vóta an 18 Aibreán ar an bpacáiste maidir le geilleagar ciorclach. Bheadh ar bhallstáit ar a laghad 55% de dhramhaíl chathrach a athchúrsáil faoi 2025, agus 65% faoi 2035. Leis na spriocanna atá beartaithe, mhéadófaí freisin cion na dramhaíola pacáistíochta a athchúrsáiltear go 65% faoi 2025 agus 70% faoi 2030. Bheadh spriocanna sonracha ann maidir le hábhair áirithe:

 

Faoi 2025

Faoi 2030

Dramhaíl ó phacáistíocht

65%

70%

Plaisteach 

50%

55%

Adhmad  

25%

30%

Miotail fheiriúla

70%

80%

Alúmanam

50%

60%

Gloine

70%

75%

Páipéar agus cairtchlár

75%

85%

 

Faoin mbliain 2035, bheadh ar na ballstáit a chinntiú go laghdófar líon na dramhaíola cathrach a chuirtear i líonadh talún go 10% nó níos lú de líon iomlán na dramhaíola cathrach a ghintear.

 

Bíonn drochthionchar ag dramhaíl ar an gcomhshaol, ar aeráid an domhain, ar shláinte an duine agus baineann iarmhairtí geilleagracha leis chomh maith. Tá feabhas tagtha ar chúrsaí le tamall de bhlianta ach cuirtear níos mó ná aon cheathrú de dhramhaíl chathrach an Aontais Eorpaigh i líonadh talún i gcónaí agus ní mhúirínítear nó athchúrsáiltear ach leath de.