Dramhaíl phlaisteach agus athchúrsáil san Eoraip: fíricí agus figiúirí

Ní athchúrsáiltear ach níos lú ná aon trian den dhramhaíl phlaisteach san Eoraip. Faigh tuilleadh eolais inár ngrafaic faisnéise faoi athchúrsáil dramhaíola plaistí san Aontas Eorpach.

infographic
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Tá borradh as cuimse tagtha ar tháirgeadh plaistigh le roinnt blianta anuas, ó 1.5 milliún tonna siar in 1950 go dtí 359 milliún tonna sa bhliain 2018. Tháinig laghdú suntasach ar tháirgeadh plaistigh sa chéad leath den bhliain 2020 mar gheall ar iarmhairtí na paindéime, ach bhí cúrsaí ar ais mar a bhí faoin dara leath den bhliain.


Tá roinnt bearta glactha ag an Aontas Eorpach cheana féin chun líon na dramhaíola plaistí a laghdú ach céard a tharlaíonn leis an ndramhaíl phlaisteach nach ndéantar í a athchúrsáil agus conas is féidir rátaí athchúrsála a ardú?


San Eoraip, is é gnóthú fuinnimh an bealach is coitianta le fáil réidh le dramhaíl phlaisteach, is é athchúrsáil atá sa dara háit. Athchúrsáiltear 32.5% den dhramhaíl phlaisteach san Eoraip ach is mór idir na rátaí athchúrsála ó bhallstát amháin go ceann eile, mar is léir ón ngrafaic faisnéise. Ar bhonn per capita, úsáidtear níos mó pacáistíochta plaistí in Éirinn ná in aon bhallstát eile taobh amuigh den Liotuáin, den Spáinn agus den Ghearmáin. Déantar 25% den dhramhaíl phlaisteach a tháirgtear gach bliain san Aontas a chur i láithreáin líonta talún.


Easpórtáiltear thart ar leath den dhramhaíl phlaisteach a athchúrsáiltear san Aontas Eorpach. Easpórtáladh cuid mhór den dhramhaíl seo go dtí an tSín ach tar éis don tír sin srian a chur ar iompórtálacha dramhaíola plaistí ar na mallaibh ní mór don Eoraip teacht ar réitigh eile gan mhoill.


Bíonn drochthionchar ag an easpa athchúrsála san Aontas Eorpach ar an ngeilleagar agus ar an gcomhshaol araon. Meastar go n-astaítear thart ar 850 milliún tonna d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain gach bliain mar gheall ar dhéantús agus loscadh plaistigh.


Leis na ceithre threoir nua maidir le dramhaíl sa Phacáiste nua don Gheilleagar Ciorclach a bhí ann le deanaí, tugtar isteach spriocanna nua bainistithe dramhaíola maidir le cosc, athúsáid athchúrsáil agus líonadh talún. Faoin gComhaontú Glas don Eoraip, déantar leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach, clár oibre a sholáthar atá dírithe ar an todhchaí chun Aontas níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach agus rannchuidiú go hiomlán leis an aeráidneodracht.

Plastic straws, carrier bags and other garbage pollution in ocean ©AP images/European Union -EP
Athchúrsáiltear 32.5% den dhramhaíl phlaisteach san Eoraip ©AP images/EU-EP

Bearta an Aontais Eorpaigh


Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, faoin mbliain 2030 caithfear 55% den phacáistíocht phlaisteach ar fad san Eoraip a athchúrsáil. Tá sé curtha in iúl ag feisirí go bhfuil gá freisin le bearta chun úsáid as plaisteach athchúrsáilte a spreagadh lena n-áirítear caighdeáin cháilíochta do phlaistigh thánaisteacha, córas deimhniúcháin chun muinín earnáil na tionsclaíochta agus na dtomhaltóirí a ardú, rialacha éigeantacha maidir leis an íosmhéid ábhar athchursáilte in earraí áirithe, agus ballstáit an Aontais a spreagadh leis an gcáin bhreisluacha ar earraí athchúrsáilte a laghdú.


I vóta i mí Dheireadh Fómhair 2018, thug feisirí Eorpacha a gceadú le rialacha nua a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic leis na hearraí plaisteacha aonúsáide is mó a aimsítear ar chladaí na hEorpa agus le trealamh iascaireachta a théann ar strae. Is ionann an dá ghrúpa seo agus 70% den bhruscar muirí ar fad. Ón 3 Iúil 2021, tá cosc iomlán ar tháirgeadh earraí plaisteacha aonúsáide ar a bhfuil roghanna eile déanta as ábhair dhifriúla ar fáil cheana féin: baitíní cadáis, sceanra, plátaí, soip, agus maidí balún, cuir i gcás.


Siar in 2015 thug feisirí a gceadú le spriocanna i dtaca le srian a chur le húsáid málaí plaisteacha éadroma a laghdú. Is í an aidhm atá leis na rialacha seo an tionchar diúltach ar an gcomhshaol a bhíonn ag bruscar ó mhálaí siopadóireachta plaisteacha a theorannú.


Chomh maith leis sin, tá feisirí Eorpacha ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach bearta a mholadh chun dul i ngleic le micreaphlaistigh.


Tuilleadh léitheoireachta