Rialacha nua AE chun an geilleagar ardán a rialú

Baineann buntáistí leis an gheilleagar ardán ach baineann rioscaí leis chomh maith. Caith súil ar an alt thíos chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na bearta atá á moladh ag feisirí Eorpacha.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Tá réabhlóid dhigiteach ar siúl le fiche bliain anuas, le teicneolaíochtaí agus comhlachtaí úra, modhanna oibre agus siopadóireachta nua, agus athruithe fiú sa dóigh a gcuirtear lóistín nó turais in áirithe nó a n-ordaítear bia. Nuair a faomhadh an treoir maidir le ríomhthráchtáil (bunchloch an mhargaidh aonair dhigitigh) sa bhliain 2000, ní raibh ardáin ar nós Amazon, Google nó booking.com ach díreach tagtha ar an fhód, agus níorbh ann fiú d’ardáin amhail Facebook, Airbnb agus Instagram.


Tá gá le reachtaíocht Eorpach a chuimsíonn na forbairtí seo ar líne, agus mar sin, tá an tAontas ag obair ar chreat reachtach nua darb ainm an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha, lena leagfar amach treoirlínte don tírdhreach úr ar líne d’fhonn a chinntiú go mbeidh an timpeallacht dhigiteach níos sábháilte d’úsáideoirí agus do chomhlachtaí ar fud na hEorpa.


Trí thrádáil thrasteorann laistigh agus lasmuigh den Aontas a éascú, tá ardáin ar líne i ndiaidh buntáistí suntasacha a chruthú do thomhaltóirí agus deiseanna úra a oscailt do ghnólachtaí agus trádálaithe na hEorpa.


Baineann baol úr le deiseanna úra áfach. Is minic a bhíonn earraí, imeachtaí agus ábhar mídhleathach ar fáil ar na hardáin seo, agus bíonn gnólachtaí úra ar líne ag streachailt chun spás a aimsiú ar mhargadh a bhfuil forlámhas ag ardáin móra air.

Digitale Illustration einer Cloud ©AdobeStock_vegefox.com
Tá ardáin ar líne i ndiaidh buntáistí suntasacha a chruthú do thomhaltóirí agus deiseanna úra a oscailt do ghnólachtaí agus trádálaithe

Moltaí na bhfeisirí


Tá a dtosaíochtaí don Acht um Sheirbhísí Digiteacha leagtha amach ag feisirí Eorpacha:

  • Ba chóir go gcuimseofaí comhlachtaí neamh-AE a dhíolann do thomhaltóirí Eorpacha chomh maith le comhlachtaí AE; agus seirbhísí digiteacha de gach cineál, seachas ardáin ar líne amháin.
  • Ba cheart go mbeadh tomhaltóirí chomh sábháilte ar líne agus atá siad i siopaí “traidisiúnta”. Mar sin, má tá rud éigin mídhleathach as líne, ba chóir go bhfuil sé mídhleathach ar líne.
  • Ba chóir d’ardáin iarracht níos fearr a dhéanamh chun dul i ngleic le comhlachtaí calaoiseacha a úsáideann a seirbhísí chun táirgí contúirteacha nó bréagacha a dhíol nó chun bréagaisnéis a scaipeadh.
  • Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas má tá intleacht shaorga á húsáid ag seirbhís, agus ba cheart go mbeadh an rogha acu sin a dhiúltú. Ba chóir fógraíocht dhírithe a rialú ar bhonn níos cuimsithí fosta.
  • Ba chóir rochtain ar an mhargadh a éascú do chomhlachtaí úra trí thabhairt faoin easpa iomaíochta atá ann faoi láthair leis na rialacha socraithe ag comhlachtaí digiteacha móra dá n-úsáideoirí agus dá n-iomaitheoirí.
  • Ba chóir soiléireacht agus comhairle a chur ar fáil maidir le hábhar mídhleathach nó dochrach ar líne a chomhrac.

Cúlra agus an chéad chéim eile


D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra maidir le hAcht um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha an 15 Nollaig 2020. Tá an Pharalimint tar éis a seasamh a ghlacadh maidir leis an dá thogra, agus beidh Feisirí in ann dul i mbun idirbheartaíochta le tíortha AE dá bharr.

 

Tuilleadh léitheoireachta: Cad iad an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha?

Ailt ghaolmhara