Borradh a chur faoin gcomhroinnt sonraí in AE: na buntáistí a bhaineann leis

Trí mhuinín a chruthú sa chomhroinnt sonraí, tá sé mar aidhm ag reachtaíocht AE nuálaíocht a spreagadh, an t-aistriú glas a éascú agus tairbhiú do dhaoine.

Cad a thugann an tAcht Sonraí AE nua do chuideachtaí, do nuálaithe agus d’Eorpaigh?

Le deiseanna ollmhóra in earnáil na feirmeoireachta agus na sláinte, is féidir páirt lárnach a bheith ag mórshonraí in aistriú digiteach an Aontais Eorpaigh. Tá comhroinnt sonraí riachtanach chun lántairbhe a bhaint as na mórshonraí seo, áfach. Is ionann comhroinnt sonraí agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil an fáil céanna ag gach úsáideoir ar na hacmhainní céanna – is cuma más gnólachtaí nó comhlachtaí poiblí iad na húsáideoirí sin.

Toisc go bhfuil easpa muiníne ag daoine sa chomhroinnt sonraí, ní dhéantar sonraí a athúsáid chomh minic agus is féidir. Toscaí eile a théann i bhfeidhm ar an easpa muiníne seo ná dreasachtaí eacnamaíocha contrártha agus bacanna ó thaobh na teicneolaíochta de. Teastaíonn ó AE go mbeidh an pobal sásta glacadh le comhroinnt sonraí, ag baint úsáide as dhá phíosa reachtaíochta.

80%

Ní húsáidtear 80% de na sonraí tionsclaíocha riamh

Ghlac an Pharlaimint leis an Acht um Rialachas Sonraí ar an 6 Aibreán 2022, a bhfuil sé mar aidhm aige borradh a chur faoin gcomhroinnt sonraí in AE, ionas go mbeidh fáil ag gnólachtaí sean- agus nua-thionscanta ar níos mó sonraí. Tabharfadh sé seo deiseanna dóibh táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt. Tá sé ríthábhachtach go mbíonn rochtain ag na grúpaí seo ar mhórshonraí chun leas a bhaint as intleacht shaorga.


Is de bharr an Achta um Rialachas Sonraí a tháinig an tAcht Sonraí chun cinn i Samhain 2023, le tacaíocht ón bParlaimint. Beidh sé níos fusa anois do ghnólachtaí rochtain a fháil ar líon mór sonraí tionsclaíocha ar ardchaighdeán, ó hIdirlíon na nEarraí ach go háirithe.

Céard iad na buntáistí a bhaineann le comhroinnt sonraí?


Le níos mó sonraí á gcomhroinnt, táthar ag tuar go dtiocfaidh borradh faoin nuálaíocht agus faoin iomaíochas i ngeilleagar AE. Tá sé bunriachtanach, mar shampla, go mbíonn fáil ag cuideachtaí ar mhórshonraí ionas gur féidir leas a bhaint as intleacht shaorga. Bíonn líon ollmhór sonraí de dhíth ar intleacht shaorga (AI) chun oiliúint a chur ar algartaim.


An t-aistriú glas

Is féidir lorg carbóin a laghdú agus níos lú fuinnimh a thomhailt díreach trí húsáid a bhaint as sonraí. Bealach atá ann tranglaim thráchta a mhaolú agus barr feabhais a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ó fhoirgnimh agus ó ghluaisteáin. Is a bhuí le sonraí maidir le trealamh tionsclaíoch a bheidh cuideachtaí foirgníochta in ann barr feabhais a chur ar línte táirgthe agus ar shlabhraí soláthair. Beidh sé i bhfad níos fusa d’fheirmeoirí a gcuid uisce agus barraí a bhainistiú nuair is féidir leo úsáid a bhaint as sonraí ó shatailítí agus ó bhraiteoirí.

Cuir i gcás cásanna práinneacha nuair is gá déileáil le tuilte nó le falscaithe– beidh sonraí faoin dtimpeallacht mar chabhair mhór agus réiteach tapaidh á lorg.

Ceann feadhna ar nuálaíocht

Tig le cuideachtaí níos mó tairgí agus seirbhísí a tháirgeadh nuair atá sonraí sa bhreis ar fáil dóibh. Beidh deis acu siúd a sholáthraíonn seirbhísí iardhíola, ar nós deisiúcháin, dul san iomaíocht le seirbhísí den chineál céanna a chuireann déantúsóirí ar fáil. Tá seans ann go dtiocfadh borradh faoin nuálaíocht sa tslí seo agus go laghdófar praghsanna.

Buntáistí do dhaoine

Ba chóir níos mó roghanna a bheith ann d'úsáideoirí seirbhísí ceangailte ó thaobh deisiúcháin agus cothabhála de. Seans go gcruthódh sé seo táirgí nua atá níos nuálaí, chomh maith le cógais atá curtha in oiriúint do riachtanais an duine aonair. Seans go n-éireodh cathracha níos clistí. Ina theannta sin, tugann sonraí an cumas do dhaoine éigeandáil sláinte poiblí a bhainistiú i mbealach éifeachtúil.

Breiseolas sa ghrafaic eolais seo ó thaobh sainmhíniú a dhéanamh ar mhórshonraí, chomh maith leis na buntáistí agus dúshláin a bhaineann leis.

Conas a chothóidh an reachtaíocht nua seo muinín i measc an phobail?

An tAcht um Rialachas Sonraí

 

Is é is aidhm don Acht um Rialachas Sonraí ná muinín a chothú sa chomhroinnt sonraí trí chóras níos sábháilte agus simplí a chur i bhfeidhm. Déantar deimhin de go bhfeidhmíonn an chomhroinnt faoin reachtaíocht um chosaint sonraí. Úsáidfear áiseanna éagsúla chun an méid seo a chur i gcrích, ón dteicneolaíocht (i bhfoirm anaithnidiúcháin agus chomhthiomsú sonraí) suas chomh fada le comhaontuithe ó na hathúsáideoirí atá ina gceangal de réir dlí.

Beifear in ann, faoi na rialacha nua seo, úsáid níos fearr a bhaint as sonraí a bhailítear in earnálacha poiblí faoi leith. Cruthófar spás coiteann Eorpach do shonraí i réimsí tábhachtacha: sláinte, timpeallacht, fuinneamh, talmhaíocht, soghluaiseacht, airgeadas, riarachán poiblí agus scileanna.

Rialacha nua ó thaobh áiteanna margaidh do shonraí – suíomhanna gréasáin a úsáidtear chun sonraí a dhíol nó a cheannach – a chruthóidh muinín sna hidirghabhálaithe nua gur daoine iontaofa iad.

Beidh sé níos fusa do chuideachtaí, daoine aonair agus eagraíochtaí poiblí sonraí a roinnt ar mhaithe leis an tsochaí (altrúchas sonraí).

Réiteach difriúil atá sna rialacha nua seo ar ardáin mhórshonraí a bhfuil rochtain acu ar leas mór sonraí.


An tAcht Sonraí

Faoin Acht Sonraí tig le húsáideoirí sonraí tionsclaíocha a athúsáid. Soiléiríonn sí do chuideachtaí agus tomhaltóirí cé acu ar féidir leo sonraí faoi leith a úsáid agus faoi cén choinníollacha ar féidir leo na sonraí sin a úsáid.

Beidh rochtain ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí, a bhfuil gléasanna nasctha in úsáid acu, ar na sonraí a ghineann siad, agus beidh sé de cheart acu iad seo a roinnt le tríú páirtí. Bíonn na sonraí seo á mbailiú ag na déantóirí den chuid is mó.

Tugann an tAcht cosaint do mhicreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide ó théarmaí éagóracha i gconarthaí maidir le comhroinnt sonraí a chuireann cuideachtaí níos mó i bhfeidhm.

Chun bac a chur ar iomaitheoirí ais-innealtóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí nó ar ghléasanna a bhuí le rochtain níos fearr ar shonraí, thug feisirí cosaint níos mó do rúin cheirde.

Tá sé níos fusa anois breathnú ar sholáthraithe éagsúla sheirbhísí néil. Ina theannta sin, tugtar cosaint níos mó i gcoinne rochtain mhídhleathach ar shonraí neamhphearsanta in AE.

Míníonn an rialachán conas is féidir le cuideachtaí san earnáil phoiblí rochtain a fháil ar shonraí atá ag cuideachtaí príobháideacha amháin a bhfuil gá acu leo i gcásanna eisceachtúla – in éigeandáil sláinte nó thubaistí nádúrtha, mar shampla.


Na céimeanna amach romhainn

Tagann an tAcht um Rialachas Sonraí i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2023, tar éis don Pharlaimint agus don Chomhairle glacadh leis i 2022.


Ghlac an Pharlaimint leis an Acht Sonraí, a bhfuil tacaíocht na Comhairle fós uaithi chun go ndéantar dlí de.


Breiseolas anseo faoi ról AE agus an bunathrú digiteach á mhúnlú acu