435,000 iarratas ar thearmann san AE in 2013 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

Póilín le páiste óg i bpríomhchathair Mhálta an 12 Deireadh Fómhair 2013 ©BELGA/AFP/M.Mirabelli  

De bharr cogaí, géarleanúna nó tubaistí nádúrtha bíonn ar na milliúin duine, idir mhná, fhir is pháistí, a bhfód dúchais a thréigean gach bliain chun tearmann a lorg. Lorgaíonn cuid acu tearmann san Eoraip. Sa bhliain 2013 cuireadh 435,000 iarrtas ar thearmann isteach san AE, i gcomparáid le 335,000 sa bhliain roimhe sin. Beidh cúrsaí tearmainn agus inimirce á bplé sa Pharlaimint an 24 Meán Fómhair nuair a chuirfear tuarascáil an Choimisiúin Eorpaigh ar an ábhar faoi bhráid an Choiste LIBE.

I dtuarascáil nua de chuid an Choimisiúin Eorpaigh léirítear gur cuireadh thart ar 435,000 iarratas ar thearmann isteach i dtíortha an AE anuraidh. Ba ón tSiria 12% na n-iarratastóir agus tháinig an-chuid iarratas ón Afganastáin, ón gCosaiv, ón bPacastáin, ón Rúis agus ón tSeirbia chomh maith. Dar leis an tuarascáil ní mór don AE tuilleadh a dhéanamh chun dul i ngleic le smuigleáil agus gáinneáil ar dhaoine.


Tá ról níos tábhachtaí ag Parlaimint na hEorpa ó thaobh reachtaíochta inimirce de ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. Cuirfear tuarascáil an Choimisiúin agus tuarascáil eile de chuid na hOifige Tacaíochtaí Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn faoi bhráid an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ag 09.10 (Am Lár na hEorpa) an 24 Meán Fómhair. Is féidir súil a chaitheamh ar na tuarascálacha agus ar bheosthruth den chruinniú trí chliceáil ar na naisc ar dheis.