Príomh-aire Tammam Salam: "Thart ar 1.5 milliún dídeanaí ón tSiria ag cur fúthú sa Liobáin" 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Príomh-aire na Liobáine Tammam Salam i bParlaimint na hEorpa an 2 Nollaig  

Meastar go raibh thart ar cheithre mhilliún duine ina gcónaí sa Liobáin go dtí le déanaí ach le cúpla bliain anuas tá beagnach 1.5 milliún Siriach tar éis teacht chun na tíre chun dídean a lorg. Ag labhairt dó i bParlaimint na hEorpa an 2 Nollaig dúirt príomh-aire na Liobáine: "Tá siad ag roinnt ár gcuid uisce, leictreachais, scoileanna agus ospidéal linn. Níor dearadh an tír don mhéid seo. Is ar éigean ar dearadh í chun déileáil lena cuid riachtanas féin."

Thug príomh-aire na Liobáine Tammam Salam cuairt oifigiúil ar Pharlaimint na hEorpa an 2 Nollaig. Agus é sa Bhruiséil bhí deis aige aitheasc a thabhairt ag cruinniú an choiste um ghnóthaí eachtracha. Ag labhairt dó faoi ghéarchéim dhídeanaithe na Siria dúirt sé: "Táimid i gcruachás gan réamhshampla."


In ainneoin a dhonacht agus atá an ghéarchéim sa Liobáin i láthair na huaire dúirt an príomh-aire go bhfuil an tír tar éis a cuid teorainneacha a choinneáil oscailte ach go bhfuil "an-chabhair mhorálta, ábhartha agus airgeadais ag teastáil" chun dul in ngleic leis na deacrachtaí atá tagtha chun cinn de bharr líon na ndídeanaithe sa tír.


Agus é sa Pharlaimint bhí deis ag Salam bualadh leis an uachtarán Martin Schulz. Ghabh sé buíochas leis an AE as a chuid tacaíochta chun dul i ngleic leis an ngéarchéim dhaonnúil sa Liobáin: "Bíonn níos mó cabhrach ag teastáil uainn i gcónaí."


Tá Salam ag lorg chúnamh an AE chomh maith chun dul i ngleic le drochiarmhairtí chogadh na Siria ar an Liobáin. Dúirt sé go bhfuil moladh thar na bearta tuillte ag arm na Liobáine as a chuid iarrachtaí chun srian a chur le tionchar an antoisceachais ar an Liobáin.


Thug an Stát Ioslámach agus an grúpa Al-Nusra 26 saighdiúr Liobánach ina ngialla níos túisce i mbliana. Ag labhairt dó i bParlaimint na hEorpa dúirt Salam nach féidir le sceimhlitheoirí brú a chur ar rialtas na Liobáine: "Tá siad tar éis an cloigeann a bhaint de bheirt shaighdiúirí cheana féin agus maraíodh saighdiúir eile. As gach saighdiúir atá á choinneáil acu tá siad ag iarraidh go ndéanfar cúigear sceimhlitheoirí a scaoileadh saor ón ár gcuid príosún."


A mhéid a bhaineann le cobhsaíocht an Mheánoirthir i gcoitinne dúirt an príomh-aire go bhfuil gá le han-chuid tacaíochta ón AE. Dúirt sé freisin gurb é an rud is tábhachtaí chun cuibheasacht a chur chun cinn sa réigiún ná deireadh a chur leis an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín: "Fad is a leanann Iosrael de bheith ag tógáil lonnaíochtaí agus gan pháirt a ghlacadh sa chaibidlíocht, beidh níos mó agus níos mó antoisceachais á chothú againn. Beidh vóta ar aitheantas ar stát na Palaistíne ar siúl i bParlaimint na hEorpa an 17 Nollaig.


Cliceáil anseo chun an nuacht is déanaí ó sheirbhís preasa na Parlaiminte a fháil.