Coimhlint na Siria: an tubaiste dhaonnúil is mó ar domhan 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Méadaigh an pictiúr seo: infographic illustration 
infographic illustration        
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gcoimhlint reatha sa tSiria  

Meastar go bhfuil an choimhlint sa tSiria tar éis an ghéarchéim dhaonnúil is mó ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda a thionscnamh.

 Easáitíodh 7.6 milliún duine laistigh den tír cheana féin agus bhí ar níos mó ná ceithre mhilliún duine teitheadh go tíortha comharsanachta agus go tíortha eile. Ag labhairt dó ag cruinniú mullaigh i Vaileite le déanaí, dúirt an tUachtarán Martin Schulz: "Ní bheidh deireadh le géarchéim na ndídeanaithe agus na himirce má thugaimid cúl leis; éireoidh sé níos measa."

Tar éis beagnach cúig bliana de chogaíocht, níl cosúlacht ar bith ann go gcuirfear deireadh leis an gcoimhlint sa tSiria ná le fulaingt mhuintir na Siria go luath. Agus na milliún duine easáitithe sa tSiria féin, is í an tubaiste dhaonnúil is mó ar domhan faoi láthair í.

Meastar go raibh thart ar cheithre mhilliún duine ina gcónaí sa Liobáin go dtí le déanaí ach le cúpla bliain anuas tá níos mó ná milliún Siriach tar éis teacht chun na tíre chun dídean a lorg. Agus tá níos mó ná dhá mhilliún dídeanaí de bhunús na Siria sa Tuirc i láthair na huaire. Tá na céadta míle tagtha chun na hEorpa freisin.

Meastar go dteastaíonn cabhair dhaonnúil ó 12.2 milliún duine sa tSiria faoi láthair agus go bhfuil beagnach cúig mhilliún duine ag cur fúthu i gceantair iargúlta nó ceantair atá faoi léigear. Chomh maith leis sin, tá thart ar 250,000 duine tar éis bás a fháil sa choimhlint go dtí seo.

Tá an tAontas Eorpach thar a bheith buartha faoin staid slándála agus daonnúil atá ag dul in olcas sa tSiria agus tá an AE agus a bhallstáit tar éis níos mó ná €4 billiún a chur ar fáil cheana féin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim dhaonnúil ann.

An ghéarchéim imirce san Aontas Eorpach: fíricí agus figiúirí