Géarchéim na ndídeanaithe: "Tá siad ag teitheadh lena n-anamacha" 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Alexis Tsipras agus Martin Schulz ar oileán Lesvos sa Ghréig an 5 Samhain 2015  

Thug Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Martin Schulz cuairt an 5 Samhain ar oileán Lesvos sa Mhuir Aeigéach, áit a raibh deis aige bualadh le lucht iarrtha tearmainn. Ag labhairt dó in ionad fáiltithe dídeanaithe ar an oileán Gréagach, dúirt sé go gcaithfidh ballstáit uilig an AE páirt a ghlacadh sa scéim athlonnaithe: "Déantar thart ar 2,500 duine a chlárú san ionad seo gach lá. Ní mór i bhfad níos mó a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim seo."

Ó mhí Eanáir na bliana seo tá thart ar 600,000 duine tar éis teacht isteach san AE tríd an nGréig, agus tháinig an chuid is mó dóibh ón tSiria, ón Iaráic agus ón Eiritré. Thug feisirí Pharlaimint na hEorpa a gceadú i mí Mheán Fómhair le scéim chun 160,000 teifeach a athlonnú ón nGréig, ón Iodáil agus ón Ungáir.


Agus é sa Ghréig an tseachtain seo, bhí an tUachtarán Schulz i láthair chun slán a fhágáil le 29 dídeanaí a bhí le hathlonnú go dtí Lucsamburg. Ag labhairt dó ag aerfort na hAithne agus é in éineacht leis an bPríomh-Aire Alexis Tsipras, leis an gCoimisnéir Dimitris Avramopoulos agus le hAire Gnóthaí Eachtracha Lucsamburg Jean Asselborn, dúirt Schulz: "Is géarchéim é seo do na dídeanaithe féin go príomha, tá siad ag teitheadh lena n-anamacha i ndáiríre."


Thug an tUachtarán Schulz cuairt chomh maith ar an oileán Lesvos sa Mhuir Aeigéach ar áit í atá faoi thionchar díreach na géarchéime dídeanaithe de bharr a chóngaraí is atá sé le cósta na Tuirce: "Chonaic mé an obair ar fad atá ar siúl ag rialtas na Gréige agus a thiomanta atá eagraíochtaí neamhrialtasacha agus institiúidí eile idirnáisiúnta agus Eorpacha agus aire á tabhairt acu ar na hiarrthóirí tearmainn ar an mbealach is daonnúla agus is éifeachtaí."


Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi ghéarchéim na ndídeanaithe.