Schulz: “Tá géarchéim imirce agus dídeanaithe gan fasach os comhair na hEorpa” 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

“Ar mhaithe leis na dídeanaithe ní mór dúinn comhoibriú leis an Tuirc" - b'shin a bhí le rá ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Martin Schulz tar éis dó fáilte a chur roimh Phríomh-Aire na Tuirce Ahmet Davutoğlu sa Bhruiséil an 7 Márta. Bhí deis ag an mbeirt cheannaire géarchéim na ndídeanaithe, rialuithe teorann agus léirscaoileadh víosaí i gcomhair shaoránaigh na Tuirce a phlé. Tharraing an tUachtarán Schulz ceist shaoirse an phreasa anuas chomh maith.

Bhí cruinniú ag ceannairí rialtais AE le Príomh-Aire na Tuirce Ahmet Davutoğlu an tseachtain seo i ndáil le comhar a neartú maidir le mórphlódú na ndídeanaithe. I measc na dtograí nua chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na himirce ná moladh chun imircigh mídhleathacha a thrasnaíonn ón Tuirc isteach in Oileáin na Gréige a chur ar ais, agus dídeanaithe aitheanta ón tSiria a athlonnú ar bhonn "aon ar aon."


Tar éis dó bualadh leis an bPríomh-Aire Turcach sa Pharlaimint an 7 Márta, dúirt an tUachtarán Schulz: "Bhain deacrachtaí i gcónaí lenár gcaidreamh leis an Tuirc agus tá cúrsaí mar an gcéanna anois. Ar mhaithe leis na dídeanaithe, áfach, ní mór dúinn comhoibriú. Ní mór dúinn gach rud is féidir a dhéanamh."


Dúirt sé freisin: "Ní caidreamh aontaobhach é seo: ní féidir leis an Tuirc déanamh gan an Aontas Eorpach agus ní féidir leis an Aontas Eorpach déanamh gan an Tuirc. Tá géarchéim imirce agus dídeanaithe gan fasach os comhair na hEorpa. Ach is fíor sin i gcás na Tuirce chomh maith agus tá sé fíorthábhachtach go n-oibrímid as lámha a chéile leis an bhfadhb seo a réiteach."


Tharraing an tUachtarán Schulz ceist shaoirse an phreasa anuas le linn an chruinnithe chomh maith. I bhfianaise an ruathair a rinneadh an tseachtain seo caite ar an nuachtán is mó sa Tuirc (Zaman), dúirt sé: "Bhí malartú tuairimí thar a bheith oscailte agam leis an bPríomh-Aire. Ní raibh sé ar aon tuairim liom ach ní haon ábhar iontais é sin. D'áitigh mé gur bunchuid d'fhéiniúlacht na hEorpa í saoirse na meán san Aontas Eorpach."


Ghlac an tUachtarán Schulz páirt i gcruinniú mullaigh AE-na Tuirce chomh maith. Chuir sé in iúl gur chóir ceist na ndídeanaithe agus aontachas na Tuirce leis an Aontas Eorpach a scaradh óna chéile. Dúirt sé go raibh géarghá le cabhair a thabhairt dóibh siúd a bhfuil fíor-riachtanas ar thearmann acu. Ní mór don Aontas Eorpach agus don Tuirc araon tús áite a thabhairt don streachailt i gcoinne lucht na smuigléireachta agus na líonraí neamhdhleathacha inimirce, a dúirt sé freisin.


Tháinig thart ar 132,000 duine go dtí an Eoraip ar muir i mí Eanáir agus i mí Feabhra, agus bádh breis is 400 duine sa Mhuir Aeigéach ó thús na bliana. Ó cuireadh tús leis an gcogadh sa tSiria an 15 Márta 2011 easáitíodh 6.5 milliún duine as a gcuid tithe laistigh den tír agus tá thart ar 2.5 milliún Siriach ag cur fúthu sa Tuirc amháin. Tháinig níos mó ná milliún dídeanaithe chun na hEorpa anuraidh agus meastar gur tháinig an chuid is mó dóibh tríd an Tuirc.


Thaisteal dhá thoscaireacht ó na coistí parlaiminteacha um shaoirsí sibhialta agus um bhuiséid go dtí an Tuirc an 8-11 Feabhra d'fhonn bualadh le daoine a raibh tionchar ag an gcoimhlint sa tSiria orthu. Thug feisirí cuairt ar ionaid dídeanaithe in Nizip agus in Osmaniye i ndeisceart na Tuirce agus bhuail siad le hionadaithe rialtas na Tuirce sa phríomhchathair Ankara.


Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi fhreagairt na hEorpa ar ghéarchéim na ndídeanaithe.

Uachtarán na Parlaiminte Martin Schulz ag cur fáilte roimh Phríomh-Aire na Tuirce Ahmet Davutoğlu sa Bhruiséil an 7 Márta