‘Ifreann ar domhan’: Aleppo agus ról na Rúise i gcoimhlint na Siria pléite ag feisirí 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

Tá thart ar 300,000 duine tar éis bás a fháil sa choimhlint sa tSiria go dtí seo  

Tar éis don sos cogaidh titim as a chéile sa tSiria coicís ó shin tá an chuma air nach bhfuil réiteach i ndán don choimhlint ansin go fóill. I ndíospóireacht an 5 Deireadh Fómhair cháin feisirí Eorpach ról na Rúise i ngéarú na cogaíochta. Chuir siad in iúl chomh maith gur chóir don Aontas Eorpach tuilleadh a dhéanamh chun réiteach a aimsiú. Ag labhairt dó ar son Uachtaránacht na Slóvaice ar an gComhairle, dúirt an tAire Ivan Korčok: “Ní chuirfear deireadh leis an gcogadh seo ar pháirc an áir.”

Tá an choimhlint sa tSiria ar siúl le níos mó ná cúig bliana go leith, maraíodh níos mó ná 300,000 duine go dtí seo, agus meastar go dteastaíonn cabhair dhaonnúil ó thart ar 14 milliún duine sa tír. Laistigh den tSiria tá beagnach cúig mhilliún duine ag cur fúthu i gceantair dhoshroichte nó ceantair atá faoi léigear. Meastar go bhfuil beagnach cúig mhilliún eile tar éis an tír a fhágáil, go príomha go dtí an Liobáin, an Iordáin agus an Tuirc. Sa Liobáin is dídeanaí é gach duine as ceathrar anois.


Tá an choimhlint sa tSiria tar éis an ghéarchéim dhaonnúil is measa ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda thionscnamh agus go dtí seo tá níos mó €6.8 billiún curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach mar fhreagairt ar an ngéarchéim, chun cabhrú le daoine laistigh den tSiria agus leis na pobail atá á n-óstáil sna tíortha comharsanachta.


In ainneoin iarrachtaí le déanaí sos comhrac a chur i bhfeidhm ar bhonn buan, tá an foréigean tar éis dul in olcas le cúpla seachtain anuas, go mór mór in Aleppo áit a bhfuil an tuairgneáil leanúnach agus na léigir tar éis beatha na gcéadta mílte Siriach a chur i mbaol agus atá ag cur bac ar iarrachtaí an chomhphobail idirnáisiúnta cabhair dhaonnúil a chur ar fáil. Dar leis an eagraíocht Médecins Sans Frontières (Dochtúirí gan Teorainneacha) rinneadh buamáil ar cheithre ospidéil sa chuid thoir de chathair Aleppo le cúpla lá anuas.


I ndíospóireacht iomlánach sa Pharlaimint an 5 Deireadh Fómhair rinne feisirí Eorpacha cáineadh láidir ar na hionsaithe i gcoinne sibhialtach agus an bhonneagair shibhialtaigh, agus chuir an-chuid acu an milleán ar an Rúis agus ar réimeas Bashar al-Assad.


Ag labhairt dó ar son Pháirtí an Phobail Eorpaigh dúirt leas-chathaoirleach an choiste um chearta an duine Cristian Dan Preda: “Níor chaith an Rúis dúthracht riamh leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. I mbeagán focal, tá an tUachtarán Putin ag seasamh gualainn ar ghualainn lena chara al-Assad.” D’iarr an feisire Rómánach ar an Aontas Eorpach iarrachtaí taidhleoireachta a ghéarú i gcomhar leis na Stáit Aontaithe.


Dar le Gianni Pittella, cathaoirleach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe, “coir in aghaidh na daonnachta” atá ann. Dúirt sé: “Ní mór don Aontas Eorpach, i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, gach iarracht a dhéanamh chun deireadh a chur leis an sléacht seo, sos cogaidh a chur ar bun agus leanúint ar aghaidh leis na comhchainteanna. Ní mór é seo a dhéanamh láithreach mar go bhfuil an bhuamáil ar siúl anois díreach!”


Labhair an feisire Sasanach Charles Tannock ar son an Ghrúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa: “Tar éis don iarthar a bheith cráite leis an éiginnteacht ar feadh cúig bliana go leith, b’fhéidir nach féidir síocháin a bhaint amach ach trí an tSiria a chríochdheighilt ar bhonn de facto.”


Cháin Guy Verhofstadt, cathaoirleach na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe, buamáil na Rúise ar chathair Aleppo chomh maith. Bhí an feisire Beilgeach ar aon fhocal le feisirí eile a dúirt gur chóir don Aontas Eorpach agus do na Stáit Aontaithe dul i gcomhar le chéile chun réiteach ar an gcoimhlint a aimsiú. Chuir sé in iúl freisin go bhfuil gá le limistéar faoi chosc eitilte a chur i bhfeidhm in Aleppo, agus gur chóir “smachtbhannaí a chur ar an Rúis agus ar réimeas al-Assad tar éis dóibh rúin na Náisiún Aontaithe a shárú.”


Dar leis an bhfeisire Portaingéalach Marisa Matias den Chlé Aontaithe Eorpach/ Ghlas Nordach: “Ní mór dúinn seasamh le muintir na Siria, agus dul i mbun cainteanna leis na páirtithe ar fad ach amháin na sceimhlitheoirí.”


Chuir Rebecca Harms, comhchathaoirleach na nGlasach, an milleán ar an Rúis chomh maith: “In Aleppo tá sé éirithe le Putin agus le hAl-Assad ifreann ar domhan a chruthú.”


Bhí an feisire Fabio Massimo Castaldo de chuid Eoraip na Saoirse agus an Daonlathais Dhírigh den tuairim go bhfuil easpa ceannaireachta á thaispeáint ag an Eoraip: “Mar go bhfuil an tSiria lonnaithe inár gcomharsanacht féin, is anseo san Eoraip a bhfeictear tionchar na héagobhsaíochta ansin. Ní mór dúinn an fód a sheasamh agus ról a imirt i gcúrsaí idirnáisiúnta.”


Dar leis an bhfeisire Iodálach Mario Borghezio de chuid Eoraip na Náisiún agus na Saoirse: “Níl an Eoraip ann, níl cliú acu céard atá ag tarlú. Ní déarfainn go bhfuil sé de chumas ar na Stáit Aontaithe rud ar bith a dhéanamh. Níl ann ach an Rúis.”


Is feisire neamhspleách ón nGréig é Eleftherios Synadinos, dúirt seisean go raibh blas na “fimíneachta” ar fhreagairt an Aontais Eorpaigh ar an gcoimhlint. An t-aon réiteach dar leis ná “dul i gcomhar leis an Rúis agus cur in éadan an Stáit Ioslamaigh”.


Cliceáil anseo chun an nuacht is déanaí ó sheirbhís preasa na Parlaiminte a fháil.