Kefalogiannis: ‘Is é AE an comhpháirtí is tábhachtaí agus is iontaofa atá ag an Tuirc’ 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Céard atá i ndán do chaidreamh AE leis an Tuirc? ©AP Images/EU-EP  

Tá níos mó ná 10 mbliana ann ó chuir an Tuirc tús le cainteanna ballraíochta leis an Aontas Eorpach. I vóta an 24 Samhain chuir feisirí in iúl gur chóir stop a chur ar bhonn sealadach leis an gcaibidlíocht de bharr na mbearta smachtúla agus thar fóir atá tugtha i gcrích ag údaráis na Tuirce tar éis iarrachta ar coup sa tír i mí Iúil. Tar éis vóta na bhfeisirí, bhagair an tUachtarán Erdoğan go n-osclófaí teorainneacha na tíre leis an Aontas Eorpach chun na mílte dídeanaithe a ligean isteach.

Ag labhairt dó tar éis bhagairt Erdoğan, dúirt Manolis Kefalogiannis, cathaoirleach na toscaireachta chun an chomhchoiste pharlaimintigh den Aontas Eorpach agus den Tuirc, go bhfuil tús á chur le céim nua i gcaidrimh AE leis an Tuirc. Chuir an feisire Gréagach de chuid Pháirtí an Phobail Eorpaigh in iúl áfach gur é an tAontas Eorpach “an comhpháirtí is tábhachtaí agus is iontaofa atá ag an Tuirc”.


I ndiaidh an coup ar theip air sa Tuirc an 15 Iúil, gabhadh nó tugadh an bóthar do na mílte daoine, pearsanra de chuid an airm, fostaithe sa tseirbhís phoiblí, múinteoirí, déin ollscoile, ionchúisitheoirí, iriseoirí agus polaiteoirí de chuid an fhreasúra san áireamh.


Tá imní ar fheisirí na Parlaiminte faoin gcniogbheartaíocht atá ar siúl agus faoi bhagairt an Uachtaráin Erdoğan go dtabharfaí pionós an bháis isteach sa tír an athuair. Ag labhairt dó an 28 Samhain, dúirt an tUasal Kefalogiannis: “Ní mór d’údaráis na Tuirce stop a chur leis an easnamh daonlathach atá á léiriú acu, go mór mór tar éis na hiarrachta ar coup an 15 Iúil 2016. Caithfear deireadh a chur freisin leis an gcaint faoi phionós an bháis a thabhairt isteach arís. Chomh maith leis sin, caithfidh an Tuirc luachanna agus caighdeáin AE a ghlacadh, cloí leis an acquis, agus deireadh a chur leis an achrann faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, comhaontú Lausanne cuir i gcás.”


I rún a glacadh sa Pharlaimint an 24 Samhain, chuir feisirí in iúl gur chóir don Aontas stop a chur ar bhonn sealadach leis na cainteanna ballraíochta de bharr na mbearta smachtúla agus thar fóir atá tugtha i gcrích ag údaráis na Tuirce ó mhí Iúil. Is í Kati Piri, feisire Ísiltíreach de chuid na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe, atá i gceannas ar na cainteanna ballraíochta sa Pharlaimint. Dúirt sí: “Tá an-súil agam gur rud sealadach é seo, ach is faoi rialtas na Tuirce atá sé anois má táthar chun próiseas na caibidlíochta a oscailt arís.” Fuair an Tuirc stádas mar thír is iarrthóir ag deireadh 1999, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas sa bhliain 2005.


Bearta smachtúla


Tá sé curtha in iúl ag feisirí go ndéanfaidh freagairt na Tuirce ar an gcoup tástáil thábhachtach ar dhaonlathas na tíre, go mór mór a mhéid a bhaineann le meas ar chearta an duine agus ar fhorlámhas an dlí. D’iarr feisirí ar údaráis na Tuirce iriseoirí agus daoine eile de chuid na meán a scaoileadh saor atá á gcoinneáil gan aon fhianaise iontaofa go bhfuil coir déanta acu.


Ag labhairt dó agus é i mbun cuairte ar an Tuirc i mí Mheán Fómhair, dúirt Uachtarán na Parlaiminte Matin Schulz: “Ní mór dúinn labhairt le chéile in ionad a bheith ag spalpadh le chéile.” I mí na Samhna áfach, cuireadh cuairt pharlaiminteach ar an Tuirc ar athlá “de bharr easaontais le húdaráis na Tuirce maidir le leagan amach na gcruinnithe”.


Géarchéim na ndídeanaithe


Is sa Tuirc atá an líon is mó dídeanaithe ar domhan, agus thart ar thrí mhilliún duine ag cur fúthu sa tír. Tagann an-chuid dídeanaithe ón Afganastáin, ón Iaráic agus ón tSiria go dtí an Eoraip tríd an Tuirc. Tháinig ballstáit AE ar chomhaontú an 18 Márta leis an Tuirc maidir le deireadh a chur le himirce neamhrialta ón Tuirc. Rinne eagraíochtaí neamhrialtasacha agus roinnt de ghrúpaí polaitiúla na Parlaiminte cáineadh ar an gcomhaontú de bharr é a bheith bainte le léirscaoileadh víosaí do shaoránaigh na Tuirce. Bhí imní ann freisin go raibh dlí idirnáisiúnta á shárú ag an gcomhaontú agus faoin mbealach a bpléifí le dídeanaithe.


Tar éis don chomhaontú teacht i bhfeidhm tá laghdú suntasach tagtha ar líon na ndídeanaithe atá ag teacht isteach sa Ghréig ón Tuirc. Sa bhliain 2015 bhain 885,000 duine an tAontas Eorpach amach tríd an Tuirc, sa chéad naoi mí den bhliain seo 173,000 a bhí ann. Dar leis an bhfeisire Kefalogiannis: “Dúinne san Aontas Eorpach, tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuireann an Tuirc comhaontú an Mhárta i bhfeidhm”.


Tar éis rún na Parlaiminte maidir le stop sealadach a chur le cainteanna ballraíochta áfach, tá sé ráite ag an Uachtarán Erdoğan go-osclófaí teorainneacha na tíre leis an Aontas Eorpach chun na mílte dídeanaithe a ligean isteach.


Cliceáil anseo chun an nuacht is déanaí ó sheirbhís preasa na Parlaiminte a fháil.