An tSiria: úsáid as airm cheimiceacha cáinte go láidir ag feisirí Eorpacha 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Tá cogadh na Siria tar éis an ghéarchéim dhaonnúil is measa ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda a thionscnamh © Hassan Ammar/AP Photos/EU-EP  

Agus an cogadh sa tSiria ar siúl le breis agus seacht mbliana, rinneadh an trodaíocht a phlé i ndíospóireacht sa Pharlaimint an 17 Aibreán.

Tá an choimhlint sa tSiria tar éis an ghéarchéim dhaonnúil is measa ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda a thionscnamh agus go dtí seo tá níos mó €10.6 billiún curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach mar fhreagairt ar an ngéarchéim, chun cabhrú le daoine laistigh den tSiria agus leis na pobail atá á n-óstáil sna tíortha comharsanachta.

 

Tá cabhair dhaonnúil de dhíth ar chorradh le 13 mhilliún Siriach anois agus tá níos mó ná cúig mhilliún dídeanaí ón tSiria ag cur fúthu taobh amuigh den tír. Déanfaidh an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe comhchathaoirleacht ar chomhdháil dar teideal “Tacaíocht a thabhairt don tSiria agus don réigiún amach anseo”, comhdháil a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 24-25 Aibreán.

 

Agus an seisiún iomlánach á oscailt aige in Strasbourg an 16 Aibreán, rinne Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani cáineadh láidir ar an úsáid atá bainte ag réimeas na Siria as airm cheimiceacha, lena n-áirítear an t-ionsaí is deireanaí a tharla in Douma: “Ní mór do Pharlaimint na hEorpa é a rá go breá soiléir nach féidir glacadh le húsáid as airm cheimiceacha agus gur líne dhearg é nach féidir a thrasnú gan fuacht ná faitíos.”

5.6 milliún  ; Líon na Siriach atá ag cur fúthu taobh amuigh den tír anois

Roinn an t-athlua seo: 

Cháin ceannairí ghrúpaí na Parlaiminte an úsáid as airm cheimiceacha chomh maith, agus chuir an chuid is mó acu a gcuid tacaíochta in iúl i ndiaidh don Fhrainc, don Ríocht Aontaithe agus do na Stáit Aontaithe aerthuairgneáil a dhéanamh ar shaoráidí arm ceimiceach sa tSiria. Rinne feisirí eile cáineadh ar na tíortha céanna as na hionsaithe a dhéanamh gan mandáid a fháil ó na Náisiúin Aontaithe.

 

Ag labhairt di sa Pharlaimint an 17 Aibreán, dúirt Ardionadaí an Aontais Federica Mogherini nach féidir “réiteach míleata a fháil ar an gcogadh sa tSiria”. Chuir sí in iúl freisin go gcaithfidh an tAontas Eorpach gach iarracht a dhéanamh chun páirtithe na Siria a ghríosú le filleadh ar an idirbheartaíocht.

 

I rún a cuireadh chun vóta sa Pharlaimint an 15 Márta, cháin feisirí Eorpacha an foréigean forleathan sa tSiria agus an géarú míleata le déanaí. Chuir siad i leith rialtas Bashar al-Assad, an Iaráin agus an Rúis go raibh coireanna gránna déanta acu agus nach mbeidh réiteach inbhuanaithe ar an gcoimhlint gan fíoraistriú polaitiúil i gcomhréir le rún 2254 ó chomhairle slándála na Náisiún Aontaithe.