Gá le haontas i réimse an fhuinnimh? 
Aontas fuinnimh á chur ar bun ag ballstáit an Aontais Eorpaigh 

Geilleagar  An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   

Faigh tuilleadh eolais faoi obair na bhfeisirí ar cheisteanna fuinnimh amhail neodracht aeráide, neamhspleáchas fuinnimh, soláthar, iompar, praghsanna agus bonneagar.

Roinn an leathanach seo: 

Ailt 

Ailt 

Físeáin 

       
(Fad an fhíseáin:) 

       
(Fad an fhíseáin:) 

Ailt 

       

Is ceist thábhachtach é an t-athrú aeráide a bhfuil an uile dhuine faoin anáil, agus is ceannródaí í an Pharlaimint sa mhéid a bhaineann leis an bhfreagairt dhomhanda ar an bhfadhb. Tá feisirí Eorpacha ag obair faoi láthair ar thograí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus chun fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Caith súil ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim.

       

Cuireadh scéim an AE i ndáil le trádáil astaíochtaí ar bun d'fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tionólfar díospóireacht sa Pharlaimint an 7 Iúil ar chomhaontú neamhfhoirmiúil leis na ballstáit maidir le leasú a dhéanamh ar an scéim. Beidh vóta ar siúl an lá dar gcionn. Leis an reachtaíocht seo táthar ag iarraidh dul i ngleic leis na míchothromaíochtaí atá ann idir soláthar agus éileamh na lamháltais astaíochta.

Físeáin 

Ailt 

       

Tá an tAontas Eorpach i mbun oibre i láthair na huaire chun aontas fuinnimh a bhunú. Leis an ardú atá tagtha ar an éileamh ar fhuinneamh, táthar ag súil go mbeidh an t-aontas seo ina chabhair agus fuinneamh á aistriú ó bhallstát go ballstát, agus go gcabhróidh sé spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise ón gcoigríoch a laghdú.

       

I measc na bpríomhthosaíochtaí a bheidh ag Parlaimint na hEorpa sna blianta amach romhainn ná go mbeidh soláthairtí fuinnimh daingne ar fáil ar phraghasanna cothroma san Eoraip. Tá sé i gceist ag an bParlaimint a áirithiú go ndéanfar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus go laghdófar astaíochtaí freisin. Beidh na ceisteanna seo á bplé le linn cruinnithe mullaigh sa Bhruiséil agus in Ieper an 26-27 Meitheamh. Tá an tSeachtain um Fhuinneamh Inmharthana ar siúl i láthair na huaire chomh maith.

       

Déantar níos mó ná leath den fuinneamh atá ag teastáil san Aontas Eorpach a iompórtáil; mar sin tá an Eoraip thar a bheith spleách ar sholáthairtí fuinnimh ón gcóigríoch, ón Rúis mar shampla. D'fhonn an scéal a fheabhsú tá an Coimisiún Eorpach tar éis plean a fhoilsiú chun spleáchas fuinnimh an Aontais a laghdú. Rinneadh an plean a phlé sa Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ag deireadh mhí Iúil.

       

Cúis mhór áthais a bhí ann nuair a osclaíodh an chéad ghléasra cumhachta i bpríomhchathair na Liotuáine. Rinneadh teacht an leictreachais a chéiliúradh le dealbh mór millteach i lár Vilnias. Tá an oiread sin geana ag muintir na cathrach ar "Bhandia an Leictreachais" go luaitear é i roinnt amhrán. Nuair a díchoimisiúnaíodh an stáisiún cumhachta cuireadh tús le feachtas chun a thábhacht stairiúil a aithint. Na laethanta seo tá an Músaem Fuinnimh agus Teicneolaíochta le fáil ann.