Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú: spriocanna na mballstát don bhliain 2030

Sa rialachán maidir le comhroinnt díchill, leagtar amach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus spriocanna aeráide Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh.

D’fhonn athrú aeráide a chomhrac, thug ceannairí an Aontais Eorpaigh a gceadú i mí Dheireadh Fómhair 2014 le Creat Beartais 2030 don aeráid agus don fhuinneamh. Leagtar amach ann spriocanna ceangailteacha i dtaca le laghdú 40% ar a laghad a dhéanamh i gcomparáid le 1990 ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach faoi 2030. Chun an sprioc sin a bhaint amach, tá roinnt bearta á nglacadh ag an Aontas Eorpach, an rialachán maidir le comhroinnt díchill ina measc.

Leis an rialachán leagtar amach spriocanna atá ceangailteach do laghdú astaíochtaí in earnálacha nach dtagann faoi raon feidhme chóras an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí don tréimhse 2021-2030. Beidh tionchar ag an rialachán ar na hearnálacha iompair (seachas eitlíocht agus loingseoireacht idirnáisiúnta), talmhaíochta, tógála agus dramhaíola go príomha. Sna hearnálacha sin, caithfear astaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú 30% faoi 2030 le hais leibhéil 2005. Is as na hearnálacha sin a eascraíonn 60% d’astaíochtaí an Aontais.

Is cuid iad na spriocanna thuas de chuspóirí aeráide an Aontais mar gheall ar Chomhaontú Pháras. Mar chuid den chomhaontú, caithfear an téamh domhanda a choinneáil “go mór” faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarracht a dhéanamh teorainn 1.5°C a chur leis.

Leagtar amach sa chinneadh maidir le comhroinnt díchill spriocanna bliantúla, ceangailteacha do na ballstáit ar fad don tréimhse 2013-2020. An 17 Aibreán 2018, thug feisirí na Parlaiminte a gceadú le rialachán nua a thiocfaidh i gcomharbacht ar an gcinneadh maidir le comhroinnt díchill. Leagtar amach ann spriocanna náisiúnta maidir le hastaíochtaí a laghdú sa tréimhse 2021-2030, chomh maith le rialacha i dtaca le hastaíochtaí bliantúla a shocrú agus dul chun cinn a mheas. Sular féidir leis an reachtaíocht seo teacht i bhfeidhm, ní mór don Chomhairle é a fhormheas.

Ar leibhéal Eorpach, is éard is aidhm leis an rialachán go ndéanfar astaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú 30% faoi 2030 le hais leibhéil 2005. Tá spriocanna na mballstát don tréimhse 2021-2030 le feiceáil sa tábla thíos. Déantar na spriocanna sin a ríomh ar bhonn olltáirgeachta intíre na mballstát ó 0% go 40% faoi bhun leibhéil 2005.

Ballstát

Sprioc 2030 le hais leibhéil 2005

Lucsamburg

-40%

An tSualainn

-40%

An Danmhairg

-39%

An Fhionlainn

-39%

An Ghearmáin

-38%

An Fhrainc

-37%

An Ríocht Aontaithe

-37%

An Ísiltír

-36%

An Ostair

-36%

An Bheilg

-35%

An Iodáil

-33%

Éire

-30%

An Spáinn

-26%

An Chipir

-24%

Málta

-19%

An Phortaingéil

-17%

An Ghréig

-16%

An tSlóivéin

-15%

Poblacht na Seice

-14%

An Eastóin

-13%

An tSlóvaic

-12%

An Liotuáin

-9%

An Pholainn

-7%

An Chróit

-7%

An Ungáir

-7%

An Laitvia

-6%

An Rómáin

-2%

An Bhulgáir

0%

Foinse: Seirbhís Taighde na Parlaiminte

Ní mór do gach tír AE cloí le conair laghdaithe astaíochtaí d'fhonn a áirithiú gur ag laghdú go leanúnach a bheidh a chuid astaíochtaí le linn na tréimhse atá i gceist. Cruthófar cúlchiste sábháilteachta ina mbeidh coibhéis 105 mhilliún tona CO2 agus beidh fáil air siúd sa bhliain 2032. Is é atá i gceist leis cuidiú le tíortha an Aontais nach bhfuil chomh saibhir sin, a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu a gcuid spriocanna don bhliain 2030 a bhaint amach. Beidh dianchoinníollacha i bhfeidhm áfach agus ní bheidh teacht ar an gcúlchiste ach amháin má bhaineann an tAontas sprioc 2030 seo aige amach.

Traffic jam ©AP Images/European Union-EP
Is ceannródaí í an Pharlaimint sa mhéid a bhaineann leis an bhfreagairt dhomhanda ar athrú aeráide ©AP Images/European Union-EP

Bainfidh solúbthachtaí leis an gcóras chun cuidiú leis na ballstáit a gcuid spriocanna bliantúla a bhaint amach. Beidh siad in ann na leithdháiltí bliantúla astaíochta a chur i dtaisce, a fháil ar iasacht agus a aistriú ó thír go chéile ó bhliain go chéile le linn na tréimhse 2021-2030.

Chun intuarthacht fhadtéarmach a chinntiú, tá feisirí Eorpacha ag iarraidh sprioc a shocrú don bhliain 2050, is é sin laghdú 80% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le hais leibhéil 2005.

Iarrachtaí AE chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú

Is ceist thábhachtach é an t-athrú aeráide a bhfuil an uile dhuine faoina anáil, agus is ceannródaí í an Pharlaimint sa mhéid a bhaineann leis an bhfreagairt dhomhanda ar an bhfadhb. I vóta an 4 Deireadh Fómhair 2016 thug feisirí a gceadú le daingniú Chomhaontú Pháras. Don chéad uair, le daingniú an Aontais, tháinig comhaontú maidir le hathrú aeráide i bhfeidhm atá ina cheangal de réir dlí. Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach laghdú 40% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, agus tá ról lárnach ag an gcinneadh maidir le comhroinnt díchill chun é sin a bhaint amach.

Tá feisirí Eorpacha ag obair faoi láthair ar thograí eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá ról tábhachtach ag foraoisí sa chomhrac i gcoinne athrú na haeráide freisin agus tá feisirí Eorpacha ag iarraidh a chinntiú go gcaomhnaítear iad. Is féidir le gníomhaíochtaí amhail dífhoraoisiú, treabhadh agus draenáil gáis cheaptha teasa a ligean amach san atmaisféar nuair a chuirtear isteach ar na stoic charbóin a stóráiltear i bhforaoisí agus san ithir. Mar sin, tá feisirí Eorpacha ag iarraidh a chinntiú nach bhfuil tionchar ag an dífhoraoisiú ar astaíochtaí, agus ba chóir, dar leo, iallach a chur ar gach ballstát AE astaíochtaí de thoradh talamhúsáide a chúiteamh.

Cuireadh scéim maidir le trádáil astaíochtaí (ETS) ar bun freisin chun astaíochtaí carbóin in earnáil na tionsclaíochta a laghdú. Leis an scéim seo déantar méid na ngás ceaptha teasa is féidir le gach tionscal, táirgeoir cumhachta agus aerlíne a shrianadh.

Tuilleadh faisnése