Céard is neodracht charbóin ann? Agus conas is féidir í a bhaint amach faoi 2050?
Faoin Dlí Aeráide Eorpach, neartaítear an fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide trí bheartais a dhíriú ar neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050.
Tá tionchar an athraithe aeráide le feiceáil san Eoraip cheana féin: ar éiceachórais, ar gheilleagar na hEorpa, ar shláinte agus ar fholláine na nEorpach. Bíonn tionchar ag athrú aeráide ar gach cearn den Eoraip ach ní mar an gcéanna é sna ballstáit ar fad. In Éirinn mar shampla, meastar go mbeidh níos mó drochaimsire ann agus riosca níos airde maidir le damáiste de bharr stoirmeacha sa gheimhreadh.
D’fhonn an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú go 1.5°C i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha, tá sé thar a bheith tábhachtach neodracht aeráide a bhaint amach faoi lár an chéid. Leagadh an sprioc seo amach i gComhaontú Pháras. Ghlac 195 thír agus an tAontas Eorpach leis an gcomhaontú i Nollaig 2015 agus tagann sé in ionad Phrótacal Kyoto.
- an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil cuid mhaith faoi bhun 2°C, i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha,
- pleananna náisiúnta gníomhaíochta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm chun an sprioc sin a chomhlíonadh,
- bearta a dhéanamh le dul i ngleic le tionchar an athraithe aeráide atá dosheachanta cheana,
- tacaíocht phraiticiúil agus airgeadais a chur ar fáil do thíortha i mbéal forbartha, chun cabhrú leo oiriúnú don athrú aeráide.
Céard is neodracht charbóin ann?
Is éard atá i gceist le neodracht ó thaobh carbóin de ná cóimheá a bheith ann idir astaíochtaí carbóin agus ionsú carbóin ón atmaisféar go slogaidí carbóin. Chun neodracht ó thaobh astaíochtaí a bhaint amach, caithfidh ceapadh carbóin astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain ar fad a chúiteamh.
Is éard atá i gceist le slogaide carbóin ná córas ar bith a ionsúnn níos mó carbóin ná mar a astaíonn sé. Maidir leis na príomh-shlogaidí carbóin nádúrtha, áirítear an ithir, na foraoisí agus an t-aigéan.
Fritháireamh carbóin
Bealach eile le hastaíochtaí a laghdú agus le neodracht charbóin a bhaint amach ná astaíochtaí earnála amháin a fhritháireamh trí astaíochtaí earnála eile a laghdú. Is féidir sin a dhéanamh trí infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí fuinnimh inathnuaite, in éifeachtúlacht fuinnimh nó i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin eile. Is scéim í scéim an Aontais maidir le trádáil astaíochtaí (ETS) a dhéanann carbón a fhritháireamh.
Spriocanna an Aontais Eorpaigh
Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach, faoi 2030, astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú 40% ar a laghad i gcomparáid le leibhéal astaíochtaí 1990.
I Samhain 2018, foilsíodh straitéis fhadtéarmach an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca le geilleagar AE a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. I Meitheamh 2019, d’iarr ceannairí rialtais an Aontais Eorpaigh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún “an obair a thabhairt chun cinn [...] d'fhonn an t-aistriú go hAontas Eorpach a bheidh aeráidneodrach, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, a áirithiú”. I rún na Parlaiminte ó Mhárta 2019, chuir feisirí Eorpacha in iúl go bhfuil gá le sprioc an Aontais i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don bhliain 2030 a dhéanamh ní b'uaillmhianaí.
Ritheadh reachtaíocht maidir le neodracht aeráide sna tíortha seo a leanas cheana féin: tá an tSualainn ag iarraidh a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2045, agus tá an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe ag iarraidh amhlaidh a dhéanamh faoi 2050.
I mí na Nollag 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Comhaontú Glas don Eoraip, a chlár suaitheanta chun aeráidneodracht a bhaint amach san Eoraip faoi 2050 tríd an Dlí Aeráide Eorpach.
Iarrachtaí an Aontais Eorpaigh chun astaíochtaí CO2 a laghdú
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú: spriocanna na mballstát don bhliain 2030
Vóta iomlánach: spriocanna nua CO2 d’earnáil na ngluaisteán