I dtreo aeráidneodrachta: an tAontas Eorpach agus comhaontú aeráide Pháras 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

Stáid Éigeandála i Veinéis san Iodáil mar gheall ar thuillte i Samhain 2019 ©123RF/EU–EP  

Beidh ar an Aontas Eorpach a spriocanna aeráide fadtéarmacha a nuashonrú sa bhliain 2020. Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh go mbainfidh níos mó uaillmhéine le cuspóirí aeráide an Aontais.

Ag an seisiún iomlánach in Strasbourg an 28 Samhain 2019, thug feisirí Eorpacha a gceadú le rún maidir le spriocanna aeráide an Aontais Eorpaigh. Cuirtear in iúl sa rún gur cheart don Aontas tiomantas a thabhairt uaidh i dtaca le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Chuir feisirí in iúl chomh maith gur cheart sprioc an Aontais i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don bhliain 2030 a dhéanamh ní b'uaillmhianaí agus gur chóir astaíochtaí a laghdú 55% faoi 2030.


D’fhonn an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú go 1.5°C i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha, tá sé thar a bheith tábhachtach neodracht aeráide a bhaint amach faoi lár an chéid. Leagadh an sprioc seo amach i gComhaontú Pháras a ghlac 194 thír agus an tAontas Eorpach leis i Nollaig 2015.

Spriocanna Chomhaontú Pháras 
  • an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil cuid mhaith faoi bhun 2°C, i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha, 
  • pleananna náisiúnta gníomhaíochta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm chun an sprioc sin a chomhlíonadh, 
  • bearta a dhéanamh le dul i ngleic le tionchar an athraithe aeráide atá dosheachanta cheana, 
  • tacaíocht phraiticiúil agus airgeadais a chur ar fáil do thíortha i mbéal forbartha, chun cabhrú leo oiriúnú don athrú aeráide. 

Tá comhaontú Pháras sínithe ag ballstáit uile an Aontais agus déanann na ballstáit a mbeartas aeráide a comhordú agus leagann siad síos comhspriocanna ar an leibhéal Eorpach i dtaca le hastaíochtaí a laghdú.


Dlús a chur leis an ngníomhú domhanda ar son na haeráide


Chun cuspóirí chomhaontú Pháras a bhaint amach, tá sé de dhualgas ar thíortha spriocanna aeráide a shocrú dóibh féin gach cúig bliana agus leibhéal a gcuid uaillmhéine a mhéadú de réir a chéile. Glaoitear “rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta” ar na spriocanna seo, agus faoi dheireadh 2020 beidh ar na tíortha ar fad a shínigh an comhaontú rannchuidithe nua a thíolacadh.


De réir shuirbhé Eorabharaiméadair ó Aibreán 2019, tá naonúr as deichniúr (92%) san Aontas Eorpach den tuairim gur cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú oiread agus is féidir chun geilleagar an Aontais a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2050. Léiríonn na mórstailceanna scoile faoin ngéarchéim aeráide a bhí ar siúl ar fud na hEorpa - agus a thionscain Greta Thunberg - mianta na nEorpa go gcuirfí dlús leis an ngníomhú ar son na haeráide.


Is é sprioc reatha an Aontais ná laghdú 40% ar a laghad a dhéanamh i gcomparáid le 1990 ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach faoi 2030. De réir thuarascáil an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide áfach, d’fhonn an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú go 1.5°C, caithfear aeráidneodracht a bhaint amach faoi lár an chéid.


I vóta eile an 28 Samhain, d'fhógair feisirí Eorpacha go bhfuil géarchéim aeráide ann san Eoraip. Beidh COP25 (comhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe) ar siúl i Maidrid an 2-13 Nollaig.


Ag a gcruinniú mullaigh sa Bhruiséil an 12-13 Nollaig, déanfaidh ceannairí na mballstát plé ar chuspóirí aeráide an Aontais. Táthar ag súil leis go gcuirfidh an tAontas a straitéis aeráide nuashonraithe faoi bhráid na Náisiún Aontaithe sa chéad leath den bhliain 2020.


Grafaic faisnéise: idirbheartaíocht aeráide