Grafaic faisnéise: speicis atá i mbaol san Eoraip 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

Tá an t-ochtú cuid de speicis an domhain i mbaol a ndíothaithe. Roimh don Choimisiún straitéis bhithéagsúlachta nua a fhoilsiú, faigh tuilleadh eolais faoi na speicis atá i mbaol in AE.

Tá an bhithéagsúlacht ina bonn le folláine an duine ach tá sí faoi bhrú ollmhór faoi láthair mar gheall ar ghníomhaíochtaí daonna. I dtuarascáil na Náisiún Aontaithe a foilsíodh sa bhliain 2019, tugtar le fios go bhfuil an t-ochtú cuid de speicis an domhain i mbaol a ndíothaithe. Meastar go bhfuil suas le 24% de speicis a bhaineann le grúpaí amhail féileacáin, éin agus mamaigh imithe ar fad ó chríoch roinnt tíortha Eorpacha.


Is iad gníomhaíochtaí daonna amhail athruithe ar thalamhúsáid, truailliú agus athrú aeráide is cúis leis an meath atá ag teacht ar an mbithéagsúlacht. Tá speicis choimhthíocha ionracha agus saothrú amhail ró-iascaireacht agus sealgaireacht taobh thiar de chailliúint na bithéagsúlachta chomh maith.


I vóta an 16 Eanáir 2020, chuir feisirí Eorpacha in iúl go gcaithfear teacht ar chomhaontú ag comhdháil bhithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe (COP15) i mí Dheireadh Fómhair maidir le spriocanna a bheidh ina gceangal de réir dlí chun stop a chur leis an meath seo agus chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú ar bhealach níos fearr.


Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh go mbeidh an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta - trí 30% de chríocha AE a bheith ainmnithe mar limistéir nádúrtha faoi 2030. Ionas go seachnófaí athruithe tubaisteacha a tharlaíonn mar gheall ar chailliúint na bithéagsúlachta, tá feisirí ag iarraidh go gcuirfear an bhithéagsúlacht san áireamh i mbeartais uile an Aontais.


Foilseofar straitéis bhithéagsúlachta an Aontais 2030 sula i bhfad chun srian a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus chun éiceachórais na hEorpa a chaomhnú agus a athbhunú.

Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim  

De réir liosta an Aontais Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra, tá 1,677 speicis i mbaol a ndíothaithe san Eoraip. Tá níos mó ná an leathchuid de chrainn dhúchasacha na hEorpa i mbaol, lena n-áirítear an crann cnó capaill, an heberdenia excelsa (atá le fáil sna hAsóir, i Maidéara agus sna hOileáin Chanáracha go mór mór) agus an crann caorthainn.


Tá aon chúigiú d’amfaibiaigh agus reiptílí i mbaol. As na mamaigh is mó atá i mbaol san Eoraip, tá an sionnach Artach, an mhinc Eorpach, an rón manaigh Meánmhuirí, ceartmhíol an Atlantaigh Thuaidh agus an béar bán.


Le blianta beaga anuas, tá beachairí ag tabhairt le fios go bhfuil a gcoilíneachtaí ag dul i léig, go háirithe i dtíortha iarthar na hEorpa. Meastar go bhfuil an deichiú cuid de speicis na mbeach agus na bhféileacán i mbaol a ndíothaithe. Mar go bhfuil ról riachtanach ag beacha agus ag pailneoirí eile d’éiceachórais agus don bhithéagsúlacht, beidh tionchar ag an meath atá ag teacht orthu ar shlándáil an tsoláthair bhia agus ar tháirgiúlacht earnáil na talmhaíochta.

Uasdátú: I vóta iomlánach an 8 Meitheamh 2021, thug feisirí Eorpacha le fios go dteastaíonn saghas ‘Comhaontú Pháras’ le haghaidh na bithéagsúlachta agus Dlí Bithéagsúlachta AE le haghaidh éiceachórais athshlánaithe, athléimneacha agus leorchosanta faoi 2050. Chuir siad in iúl go gcaithfear limistéir chosanta a dhéanamh de 30% de thalamh agus muir an Aontais agus go bhfuil gá le bearta práinneacha chun stop a chur leis an meath ar bheacha agus pailneoirí eile.