Foraoiseacht inbhuanaithe: obair na bhfeisirí chun fadhb an dhífhoraoisithe a chomhrac

Tá cosaint agus bainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí ríthábhachtach sa chomhrac in éadan athrú na haeráide. Faigh tuilleadh eolais san alt seo maidir le spriocanna na Parlaiminte.

Amharc ar an fhíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Tá éilithe ag an Pharlaimint go ndéanfadh an Coimisiún Eorpach níos mó chun dea-bhainistiú fhoraoisí na hEorpa a chur chun cinn, agus chun foraoisí ar an choigríoch a chosaint trí tháirgí a chuireann le dífhoraoisiú a bhaint de shlabhraí soláthair an Aontais. Tá a straitéis foraoise le cur i láthair ag an Choimisiún ag tús 2021.


Tá curtha in iúl ag feisirí go bhfuil dlúthcheangal idir bainistiú inbhuanaithe foraoisí ar lámh amháin agus cuspóirí an Aontais amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, an straitéis “Ón Fheirm go dtí an Forc” agus an Straitéis Bhithéagsúlachta ar an lámh eile.


Cén tábhacht a bhaineann le foraoisí?


Baineann luach sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil ar leith le foraoisí. Clúdaíonn siad 43% d’achar dromchla na hEorpa, agus tá 80% de bhithéagsúlacht talún le fáil iontu. Tá foraoisí sláintiúla ríthábhachtach sa chomhrac in éadan na géarchéime aeráide toisc go nglacann siad isteach dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar. Súnn foraoisí na hEorpa 8.9% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlán an Aontais gach bliain, agus beidh ról ríthábhachtach acu má tá an tAontas chun a chuspóirí aeráidneodrachta a bhaint amach. Mar sin, caithfear gach ar féidir a dhéanamh chun iad a chosaint agus chun na pobail a bhraitheann orthu a chosaint fosta.


Cad is cúis le dífhoraoisiú?


Tá ardú scanrúil tagtha ar dhífhoraoisiú ar fud an domhain, rud atá ina chúis le gáis cheaptha teasa a bheith á scaoileadh agus bithéagsúlacht á cailleadh. Meastar gur scriosadh níos mó ná an leathchuid d’fhoraoisí trópaiceacha an domhain ó bhí na 1960í ann.


Tá nasc soiléir idir dífhoraoisiú agus an t-éileamh idirnáisiúnta ar thráchtearraí. Mar go n-iompórtálann an tAontas méid suntasach de na tráchtearraí seo, tá sé de chumas aige tabhairt faoi fhadhb an dhífhoraoisithe trí bhíthin a bheartais trádála.


Cuireann lománaíocht mhídhleathach leis an fhadhb ar ndóigh, agus in ainneoin bhearta AE tá sí fós ina cúis mhór le dífhoraoisiú san Eoraip agus ar fud an domhain. Bíonn an t-athrú aeráide agus meath na bithéagsúlachta ina gcúis le triomaigh, tuilte agus tinte, rudaí a chuireann le dífhoraoisiú chomh maith.


Céard é réiteach na faidhbe?


Le bainistiú inbhuanaithe foraoisí, d’fhéadfaí cothromaíocht a aimsiú idir buntáistí eacnamaíocha agus sóisialta na foraoiseachta ar lámh amháin agus cuspóirí comhshaoil ar lámh eile. Is féidir cur le cosaint foraoisí agus baol a mhaolú trí shatailítí a úsáid chun tubaistí nadúrtha amhail triomach nó loscadh sléibhe a bhrath go luath.


Céard is féidir leis an Aontas a dhéanamh chun foraoiseacht inbhuanaithe a chur chun cinn?


San Aontas Eorpach, tá breis agus 60% d’fhoraoisí táirgiúla cáilithe cheana féin mar fhoraoisí a ndéantar bainistiú inbhuanaithe orthu. Tá beagnach 500,000 duine fostaithe go díreach i dtionscal na foraoiseachta san Eoraip, le 2,400 acu in Éirinn.


Tá an Pharlaimint ag éileamh go gcuirfí tuilleadh maoinithe ón Chomhbheartas Talmhaíochta ar fáil chun bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun cinn.


Tá feisirí ag iarraidh cur leis na buntáistí ginearálta aeráide atá le foraoisí agus leis an slabhra luacha foraoisbhunaithe, mar shampla ionsú CO2 agus stóráil carbóin i dtáirgí atá bunaithe ar adhmad. Leagann feisirí béim chomh maith ar a thábhachtaí atá le maoiniú do thaighde ar rudaí eile a d’fhéadaí úsáid in ionad breoslaí iontaise agus ábhar iontaise-bhunaithe.


Tá feisirí ag éileamh bearta níos éifeachtaí chun lománaíocht mhídhleathach a chomhrac agus níos mó seiceálacha ag teorainneacha an Aontais chun a áirithiú nach bhfuil adhmad agus earraí nach dtáirgítear go hinbhuanaithe ag teacht isteach in AE. Tá feisirí ag iarraidh chomh maith go ndéanfaí meastóireacht chórasach ar iarmhairtí comhaontuithe trádála ar fhoraoisí agus ar an bhithéagsúlacht.


Tá éilithe ag feisirí Eorpacha go gcuirfí foraoiseacht inbhuanaithe chun cinn ar fud an domhain, agus go mbainfí úsáid as satailítí AE (Copernicus agus Galileo) chun monatóireacht a dhéanamh ar dhífhoraoisiú agus ar thinte foraoise taobh amuigh den Aontas. Éilíonn siad chomh maith maoiniú leordhóthanach do thaighde agus do nuálaíocht, chun go mbeidh foraoisí níos aeráid-dhíonaí.


Chomh maith leis sin, tá spriocanna ceangailteacha á n-éileamh ag feisirí chun éiceachórais fhoraoise a chosaint agus a athbhunú, go háirithe i gcás foraoisí príomhúla (foraoisí nár fhág daoine lorg suntasach orthu le roinnt blianta anuas).